Psalm 19

19
XIX Psalm.
1Foilisighid na neamhdha glóir Dé
’Sna spéurtha gniomh, a lámh.
2Ta la ag déanamh sgéil do la,
’S oidhche d’ oidhche gan tamh.
3A’ teagasg eóluis an ’sgach áit,
Oir ni bhfuil ionad ann
No caint no focal fós air bith;
Ná’r chual’ a nguth gach am.
4Chuaidh a dhorubha air feadh gach tír,
A bhfocal ’bhfad a ccéin
Go críc na cruinne, chuir se ’cheart,
Buan‐phailliún árd don ghréin:
5Neach ta mar nuadh‐fhear pósda teacht,
O na sheómra féin amach,
Ta ait mar ghaisgidheach tréan a’rioth,
Chóimhling go togarach.
6A’ dul amach o chrích na spéar,
Fa ccuart na ccrioch do ghnáth:
’S ni foillighear ó theas na gréin,
Einnidh ’sa ccruinne tá.
7Is iomlan reacht Iehobha mhóir,
An t’anam iompuighion se:
Fiadhnuis’ an Tighearna ta se dearbh:
An tsimplidh glic do ghnidh.
8Ta dligheadh fós ar tTighearna ceart,
’Cur áoibhneas annsa ccroidhe:
Glan‐áitheanta dé ag foillsiughadh,
An tsúil nach maith do chí.
9Eagla an Tighearn’ fíorghlan í
Buan‐marthanach do ghnath:
Fíor agus cómhthromach air fad,
A bhreitheamhnais a ta.
10Is fearr le n’iarruigh iad na ór,
An tór is fearr air bith:
Nios mílse na mil a ta siad,
’S na cíor mheala re hith’,
11Ag faghuil rabhadh fós ata,
T’óglachsa uadh a ghnáth,
A’s ann do choimhéad chúramach,
Mór‐thuarasdal a tá.
12Cia thuigeas uile sheachrán féin?
Glan o lucht diamhair mé,
13O pheacuighibh uaibhreacha air ais
Cuinnigh th’ógluigh féin a Dhé;
Na biodh airdcheannas aca orm:
An sin bhei’s me díreach,
A’s fós o’n bpeacadh mhór biodh mé,
Fír‐ionruic neimhchiontach.
14O Dhia mo neirt ’smo shlánuightheoir,
A ndeaghthoil gabh uaim féin,
Na smuainte ta am chroidhe astigh,
A’s briathra glan mo bhéil.

目前选定:

Psalm 19: PSA1836

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录