Psalm 17

17
XVII Psalm.
1Eist a Thighearna ris an gcóir,
Dom ghlaoidh tabhair aire bheó;
A’s cluinn a nurnuigh thig amach,
Om’bheul ghan bhréig gan ghó.
2Mo bhreith o d’fhiadhnuise thig si,
Led’ shuilibh féuch‐si ’mach,
Seall air na neithibh sin a Dhé,
Ta ceart a’s cómhthromach.
3Dhearbh tu mo chroidhe a’s d’fiosruigh tu,
’San oidhche d’fionn go géur;
Aoinnidh nior bhfuair, oir b’e mo rún
Nach bpeaco’inn le mo bhéul.
4Fa thimcheall oibreach dháoineadh fós,
Ghleithios me féin go beachd,
Le guth do bhéil o chéimeanuibh,
Lucht brath a’s chealgaireachd.
5Chum imtheachd suas, a Dhia na bhféart,
Ad shlighthibh ceart go tréun;
Ad rianuibh direach chuaigh me suas,
Nach sleamnochadh mo chéím.
6Do ghoireas ort, a Dhé, do bhrigh,
Go néistfir go ceart riom;
Do chluas chugham chromais a nuas,
A’s fós mo ghearán chluinn.
7Taisbéin do cháoimhneas iongantach,
Ta grádhach lán da chlúdh;
O’s tusa sháoras led dheas‐láimh,
An drong d’ar dóchas thú.
O’n drong na naghuidh thógas ceann.
8O coimhead me go tréan,
Mar mheall na súl déan folach orm,
Fuidh sgáth do sgéithe féin.
9O’n droch dhuine, ta le fóirneart orm,
O naimhdibh sgriosach tréun,
Ta am chuartughadh air gach táobh,
Mo choimhéud orra déan.
10Na méathus féin taid dluidhte suas,
Caint uaibhreach ta na mbéul.
11Chrom siad sios ’as dhearc le na suil’,
A’s chuartuigheadar ar ccéim.
12Mar leómhan geanach togaraigh
A thriallas creach gach la:
Mar leomhan óg a ndiamharachd,
Na luigh a bhféill ata.
13Éirigh a Dhé a’s coisg mó namh’d,
Leag sios go talamh é:
O’n drochdhuine ta dhuit na chloidheamh,
Sáor m’anam bochd a Dhé.
14O’n dream ta dhuit‐se Dhé, mar láimh,
O dháoinibh sáoghalt’ dán’,
Go bhfuil a ccomhroinn a’s a ccuid,
’San mhbeatha‐so amháin.
Da bhfuilir tabhairt lán a mbrón
O’d ionmhas diamhar fós:
Ta’n chineadh lionmar, a’s a máoin
Fáguid ’ga leanbuibh óg.
15Acht air mo shonsa dearcfad air,
Do ghnuis a bhfíréuntachd:
Air muisglidh dhamh sásfuighthear me,
A Dhé led’ chosamhlacht.

目前选定:

Psalm 17: PSA1836

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录