Na Sailm 23

23
Salm 23.
Dominus regit me.
1Is é an Tiarna mʼaoire: ní féidir easpa dʼaon ní bheith orm.
2Beidh mé ar innilt aige i bpáirc fhéir ghlais: agus beidh sé do mo sheoladh ar bhruach uisce an tsóláis.
3Iompóidh sé mʼanam: agus seolfaidh sé go cosáin na fíréantachta mé, as ucht a Ainm.
4Siúd is go siúlfainn trí ghleann scáile an bháis, ní baol dom an t‑olc: óir bíonn tusa i mo choimhdeacht; is iad do bhata agus do bhachall mo shólás.
5Feisteoidh tú bord romham ar neamhchead lucht mo bhuartha: dhoirt tú ola ar mo cheann, agus beidh mo chupán lán.
6Ach beidh do charthanacht agus do thrócaire do mo leanúint ar feadh mo shaoil ʼsmo laethanta: agus beidh mé i mo chónaí i dteach an Tiarna go brách.

目前选定:

Na Sailm 23: OC1965

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录