Na Sailm 22

22
Salm 22.
Deus, Deus meus.
1A Dhia liom, a Dhia liom, féach orm; cad chuige ar thréig tú mé: cad chuige a bhfuil tú chomh fada sin ó mo shláinte, agus ó bhriathra mo ghearáin?
2A Dhia liom, glaoim sa lá, ach ní chluineann tú: agus ní ghlacaim suaimhneas san oíche.
3Agus fanann tusa naofa: agus bíonn Iosrael dod adhradh.
4Chuir ár n‑aithreacha a ndóchas ionat: bhí muinín acu asat, agus dʼfhuascail tú iad.
5Ghlaodar ort, agus fóireadh orthu: chuireadar a muinín ionat, agus níor náire dóibh é.
6Ach is péisteog mise, ní duine: ach na daoine ag tabhairt drochmheasa mhóir dom, agus an pobal i ndiaidh mo chur amach.
7Bíonn a bhfeiceann mé ag magadh fúm: bíonn siad ag cur cairr orthu féin ag craitheadh a gcinn, á rá,
8Bhí dóchas as Dia aige, go bhfuasclódh sé é: fuasclaíodh sé é, má ghabhann sé leis.
9Ach is tú an té a thug amach as broinn mo mháthar mé: ba tú mo dhóchas, agus mé go fóill ag crochadh as cíocha mo mháthar.
10Fágadh ort mé ó am mo bhreithe: is tú mo Dhia ó bhroinn mo mháthar.
11Ná himigh uaim, ós gearr dom an buaireamh: agus ó nach bhfuil cúntóir agam.
12Thimpeallaigh an iomad damh mé: bíonn tairbh ramhra Bhasáin ag teannadh isteach orm.
13Tugann siad aghaidh a gcraois orm: mar bheadh leon léimneach ag búireach.
14Táim mar uisce doirtithe, agus tá mo chnámha uile as alt: agus tá an croí atá i lár mo cholainne mar chéir leáite.
15Seargadh mo neart mar bhlogh de shoitheach bhriste, agus tá mo theanga greamaithe do mo ghiall: agus tabharfaidh tú mé go deannach an bháis.
16Óir thimpeallaigh an iomad madra mé: agus cuireann comhthionól lucht an oilc léigear orm.
17Tholladar mo lámha agus mo chosa; is féidir liom mo chnámha uile a chomhaireamh: seasann siad ag stánadh agus ag coimheád orm.
18Roinneann siad mʼéadaí eatarthu: agus caitheann siad cranna ar mʼfhallaing.
19Ach ná fan i bhfad uaim, a Thiarna: is tú mo chúntóir, déan deifir do chuidiú liom.
20Fuascail mʼanam ón gclaíomh: agus mʼanam dhílis as cumhacht na con.
21Tabhair slán mé as béal an leoin: dʼéist tú liom nuair a thug na haonadharcaigh áladh orm.
22Foilseoidh mé dʼAinm do mo bhráithre: molfaidh mé tú i measc an chomhthionóil.
23Molaigí an Tiarna, a dhream a mbíonn a eagla oraibh: móraigí é, a dtáinig de Shiol Iácóib, agus bíodh eagla oraibh roimhe, a Shíl Iosrael uile.
24De bhrí nach dtug sé dímheas ná fuath ar an mbochtán atá thíos: níor cheil sé a ghnúis air, ach ag tabhairt cluaise dó, nuair a ghlaoigh sé air.
25Óir tugann tú ábhar molta dom ar an mórchomhthionól: comhlíonfaidh mé mo mhóideanna faoi shúile an dreama a mbíonn a eagla orthu.
26Íosfaidh na bochta, agus beidh a sá acu: beidh lucht iarrtha an Tiarna á mholadh; mairfidh bhur gcroí go brách.
27Níl críoch den domhan nach gcuimhneoidh air féin, agus nach n‑iompóidh chun an Tiarna: agus treibheanna gach cine ag umhlú roimhe.
28Óir is leis an Tiarna an ríocht: agus is é rialtóir na náisiún é.
29Tá a bhfuil ramhar ar talamh: i ndiaidh ite agus adhartha.
30Beidh a dtéann síos sa luaith ag feacadh a nglún roimhe: nior athbheoigh aon duine a anam féin.
31Beidh mo shliocht ag déanamh seirbhíse dó: measfar iad mar ghlúin i láthair an Tiarna.
32Tiocfaidh siad, agus foilseoidh siad a fhíréantacht: don mhuintir nár rugadh go fóill; óir rinne an Tiarna é.

目前选定:

Na Sailm 22: OC1965

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录