Na Sailm 21

21
Salm 21.
Domine, in virtute tua.
1Beidh do chumhacht mar ábhar áthais ag an rí, a Thiarna: agus beidh do shlánú mar chúis mórlúcháire aige.
2Thug tú mian a chroí dó: agus níor eitigh tú achainíocha a bhéil.
3Óir beidh an tús agat air á bheannú chun a leasa: agus cuirfidh tú coróin ghlanóir ar a cheann.
4Dʼiarr sé fad saoil ort, agus thug tú saol fada dó: mhaireas trí shaol na saol.
5Tabhaionn do shlánú mórchlú dó: cuireann tú glóir agus mórghradam air.
6Óir tabharfaidh tú sólás síoraí dó: agus cuirfidh aoibh do ghnúise lúcháir air.
7Agus cad chuige? De bhrí go gcuireann an rí a dhóchas sa Tiarna: agus ní ligfidh trócaire an Té is Airde don mhí‑ádh éirí dó.
8Aireoidh do naimhde uile meáchain do láimhe: aimseoidh do lámh dheas lucht dʼfhuatha.
9Déanfaidh tú iad mar shorn tintrí in am dʼfheirge: scriosfaidh an Tiarna iad agus fíoch air leo, agus slogfaidh an tine iad.
10Scriosfaidh tú a dtoradh de dhroim an talaimh: agus a síol as bheith i measc Shíl Ádhaimh.
11Óir bʼolc an rún a bhí acu duit: agus chumadar beart nár fhéadadar a cur i gcrích.
12Cuirfidh tú ruaig orthu dá bhrí sin: agus ullmhóidh tú sreanganna do bhogha ina n‑éadan.
13Ardaíodh do chumhacht féin tú, a Thiarna: is amhlaidh canfaimid, agus molfaimid do neart.

目前选定:

Na Sailm 21: OC1965

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录