Na Sailm 24

24
Salm 24.
Domini est terra.
1Is leis an Tiarna an talamh, agus a bhfuil ann: an chruinne agus a maireann uirthi.
2Óir bhunaigh sé é ar na farraigí: agus shocraigh sé é ar na sruthanna.
3Cé a ardós cnoc an Tiarna: nó cé a sheasfas ina áit naofa?
4An fear sin a mbíonn lámha glana aige, agus croí gan smál: nár chuir suim a intinne i ndíomhaointeas, agus nach dtug mionn meallta na comharsan.
5Is é a gheobhas an bheannacht ón Tiarna: agus an fhíréantacht ó Dhia a shlánaithe.
6A mhacasamhail sin a bhíos ar lucht a iarrtha: bhíos ar lucht iarrtha do ghnúise, a Dhia Iácóib.
7Tógadh na geataí a gcinn, agus ardaítear na comhlaí cianaosta: go dtaga Rí na glóire isteach.
8Cé hé Rí na glóire: is é an Tiarna láidir tréan é, an Tiarna is cumhacht ach i gcogadh.
9Tógadh na geataí a gcinn, agus ardaítear na comhlaí cianaosta: go dtaga Rí na glóire isteach.
10Cé hé Rí na glóire: is é Tiarna na slua é, is é féin Rí na glóire.

目前选定:

Na Sailm 24: OC1965

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录