Na Sailm 18

18
Salm 18.
Diligam te, Domine.
1Beidh grá agam duit, a Thiarna mo neart: is é an Tiarna mo charraig chloiche, agus mo dhaingean cosanta:
2Mo shlánaitheoir, mo Dhia, agus mo chumhacht, as a mbeidh mo dhóchas: mo sciath, agus adharc mo shlánaithe, agus mo dhídean.
3Glaofaidh mé ar an Tiarna, an té is fiú a mholadh: is amhlaidh a saorfar ó mo naimhde mé.
4Bhí arraingeacha an bháis do mo thimpeallú: agus bhí tonnta báite na diabhlaíochta do mo scanrú.
5Tháinig pianta ifrinn i mo thimpeall: bhí dola an bháis ag breith orm.
6Ghlaoigh mé i mo bhuaireamh ar an Tiarna: agus rinne mé mo ghearán le mo Dhia.
7Agus chuala sé mo ghlór as a theampall naofa: agus tháinig mo ghearán roimhe, agus fuair sé éisteacht uaidh.
8Chreathnaigh agus chumhscaigh an talamh: baineadh crith agus bogadh as buna na sléibhte féin, de bhrí go raibh fearg air.
9Chuaigh toit amach ina láthair: agus tine chraosach as a bhéal, gur deargadh na haibhleoga lena theas.
10Chlaon sé na spéartha fós, agus tháinig sé anuas: agus bhí dorchadas faoina chosa.
11Bhí sé ag marcaíocht ar chearúibím, agus dʼeitil sé: tháinig sé ag eitilt ar sciatháin na gaoithe.
12Ba é an dorchadas a áit diamhrach: a phailliún ina thimpeall le huisce dorcha, agus néalta dlúithe lena chumhdach.
13Bhí gile ina láthair agus a néalta ag imeacht roimhe: clocha sneachta agus aibhleoga tine.
14Bhí an Tiarna ag déanamh toirní as neamh, agus toirneach á déanamh ag an Té is Airde: clocha sneachta agus aibhleoga tine.
15Chuir sé amach a shaigheada agus scaip iad: chaith sé amach caortha tine agus scrios sé iad.
16Chonacthas toibreacha an uisce, agus nochtadh buna an domhain: le do bhagairt, a Thiarna, nuair a shéid gaoth do dhíbheirge.
17Chuir sé fios orm anuas ó na flaithis: agus thóg sé aníos mé as na tonnta tréana.
18Dʼfhuascail sé mé ó mo namhaid láidir, agus ó lucht mʼfhuatha: óir ba threise leo ná liom.
19Thángadar orm i lá mo bhuartha: ach ba é an Tiarna mo chrann cosanta.
20Thug sé amach mé in áit shaoirse: thug sé slán mé, ar an ábhar go raibh dáimh aige liom.
21Thug an Tiarna luach saothair dom de bharr mʼfhíréantachta: chúitigh sé glaine mo lámh liom.
22De bhrí gur choinnigh mé slite an Tiarna: agus nár thréig mé mo Dhia, mar thréigeann fear an oilc é.
23Óir bíonn mo shúil ar a dhlíthe uile: agus ní chaithfidh mé a aitheanta uaim.
24Agus bhí mé gan chlaon roimhe: agus níor ghéill mé dom olc féin.
25Dá bhrí sin thug an Tiarna luach saothair dom de bharr mʼfhíréantachta: agus de bharr glaine mo lámh in amharc a shúl.
26Beidh tú naofa le naomh: agus le fear foirfe beid tú foirfe.
27Beidh tú glan le lucht na glaine: agus foghlamóidh tú cealg ó lucht na ceilge.
28Óir saorfaidh tú lucht na hainnise: agus ísleoidh tú lucht an díomais.
29Agus lasfaidh tú fós mo choinneal: déanfaidh mo Thiarna Dia solas de mo dhorchadas.
30Óir ruaigfidh mé slua fear má bhíonn tusa liom: le cuidiú mo Dhé léimfidh mé thar an mballa.
31Is slí gan smál í slí an Tiarna: dearbhófar briathar an Tiarna ins an tine; is é cosantóir an dreama é a chuireas a ndóchas ann.
32Óir cé is Dia ann ach an Tiarna: óir cé ag a bhfuil cumhacht, murab é ár nDia é?
33Is é Dia a chrioslaíos mé le neart chun cogaidh: agus a dhéanas mo shlí foirfe.
34Cuireann sé cosa fúm mar chosa an fhia: agus bíonn sé do mʼardú.
35Bíonn sé ag múineadh troda do mo lámha: agus brisfidh mo ghéaga bogha na cruach.
36Thug tú dom mo shlánú chun mo chosanta: tógfaidh do deaslámh mé, agus móróidh do smacht grámhar mé.
37Réiteoidh tú mo bhealach romham: ionas nach sleamhnaí mo chosa.
38Leanfaidh mé mo naimhde, agus béarfaidh mé orthu: agus ní fhillfidh mé arís go scriosa mé iad.
39Buailfidh mé iad, go dtí nach bhféadfaidh siad seasamh: ach iad ag titim faoi mo chosa.
40Chrioslaigh tú mé le crógacht catha: cuirfidh tú mo naimhde faoi mo chosa.
41Thug tú fós ar mo naimhde a gcúl a thabhairt dom: agus scriosfaidh mé lucht mʼfhuatha.
42Glaofaidh siad, ach ní bheidh fear a gcuidithe ann: glaofaidh siad ar an Tiarna féin, ach ní chluinfidh sé iad.
43Criathróidh mé iad mar an deannach roimh an ngaoith: caithfidh mé amach iad mar chréafóg na sráideanna.
44Fuasclóidh tú mé ó ionsaithe na ndaoine: agus cuirfidh tú mé i gceannas na náisiún.
45Beidh cine nárbh eol dom: ag déanamh seirbhíse dom.
46Ní luaithe a chluinfidh siad trácht orm ná umhlóidh siad dom: beidh na coimhthígh á n‑uirísliú féin romham.
47Beidh na coimhthígh á gcloí: agus iad ag teacht go critheaglach as a ndaingin.
48Maireann an Tiarna, agus go mbeannaítear do mo chúntóir chumhachtach: agus go moltar Dia mo shlánaithe.
49An Dia céanna a bhaineas amach cúiteamh ar mo shon: agus a chuireas na daoine faoi mo smacht.
50Is é a fhuasclaíos mé ó mo naimhde míthrócaireacha, agus a ardaíos mé os cionn mʼeascairde: cuirfidh tú fear an oilc as mo chosán.
51Dá bhrí sin beidh mé á altú duit, a Thiarna, i measc na nGintlithe: agus seinnfidh mé clú dʼAinm.
52Tugann sé mór‑rathúnas dá rí: agus taispeánann sé carthanacht do Dháibhí dá ungthach, agus dá shíol go brách.

目前选定:

Na Sailm 18: OC1965

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录