Na Sailm 19

19
Salm 19.
Coeli enarrant.
1Foilsíonn na spéartha glóir Dé: agus taispeánann an fhirmimint saothar a lámh.
2Bíonn lá á rá le lá: agus na hoícheanta gá insint dá chéile.
3Níl caint ná canúint acu: ach cluintear a nglórtha le chéile.
4Chuaigh a bhfuaim ar fuaid na dtíortha: agus a bhfocail go deireadh an domhain.
5Tá siad feistithe aige mar phailliún le haghaidh na gréine: a imíos mar fhear nuaphósta as a sheomra, agus a mbíonn lúcháir uirthi mar lúcháir fhathaigh ag coimhlint reatha.
6Téann sí amach ó uachtar na spéartha, agus ritheann sí thart go dtí íochtar na spéartha: agus ní cheileann sí a teas ar aon ní.
7Is dli gan smál é dli an Tiarna, a bhíos ag iompú na hanama: is iontaofa í fianaise an Tiarna, agus bronnann sí eagna ar an duine ionraic.
8Is ceart iad reachtanna an Tiarna, ag cur áthais ar an gcroí: is geanmnaí í aithne an Tiarna, agus tugann sí solas do na súile.
9Is glan í eagla an Tiarna, agus maireann sí go buan: is fíor iad breithiúnais an Tiarna, agus is fíréanta ar fad iad.
10Is mó is fiú a n‑iarraidh ná ór, agus ná ór dá ghlaine agus dá mhéid: is milse iad ná mil, agus ná cíor na meala.
11Múineann siad mar sin eolas do do sheirbhíseach: agus is mór an luaíocht ach iad a choinneáil.
12Cé a dʼinseodh cé mhéid uair a chiontaigh sé: go nglana tú mo lochta folaithe díom.
13Cumhdaigh fós do sheirbhíseach ó pheacaí dána, ná lig dóibh an bua a fháil orm: is amhlaidh a bheidh mé gan smál, agus neamhchoirtheach sa choir mhór.
14Briathra mo bhéil, agus smaointe mo chroí, go mba leo ab fhiú duit glacadh: a Thiarna, mo chumhacht agus mʼfhuascailteoir.

目前选定:

Na Sailm 19: OC1965

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录