Na Sailm 17

17
Salm 17.
Exaudi, Domine.
1Éist leis an gceart, a Thiarna, tabhair aire do mo ghearán: agus tabhair cluas dom urnaí, nach dtéann amach as béal bréagach.
2Tugtar saorbhreith orm ó do láthair: agus feiceadh do shúile an ní is ccart.
3Dʼfhéach tú agus dʼfhiosraigh tú mo chroí san oíche; táim profa agat, agus ní bhfaighidh tú coir ionam: óir tá rún daingean agam gan peacú i mbriathar mo bhéil.
4I dtaobh a ndéanann na daoine de ghníomhartha in aghaidh briathra do bhéil: dʼfhanainn amach ó shlite an scriosadóra.
5Cuir taca le mo choiscéim ar do shlite: ionas nach sleamhnaí mo shiúlta.
6Ghlaoigh mé ort, a Dhia, ó éistfidh tú liom; tabhair cluas dom, agus éist le mo bhriathra.
7Taispeáin do charthanacht iontach, a bhíos mar shlánaitheoir ag an dream a chuireas a muinín ionat: ón lucht a chuireas in aghaidh do láimhe deise.
8Cumhdaigh mé mar mhac imreasan na súile: folaigh mé faoi scáth do sciathán,
9Ó lucht an oilc a bhíos do mo bhuaireamh: bíonn mo naimhde do mo thimpeallú go mbí mʼanam acu.
10Tá cumhdach dlúth saille orthu: agus bíonn a mbéal ag déanamh mórtais.
11Bíonn siad i luíochán romhainn ar gach taobh: agus a súile anuas ar an talamh;
12Mar leon atá cíocrach chun creiche: agus mar choileán leoin, bhíos á cheilt féin in áiteanna dorcha.
13Éirigh, a Thiarna, féach san aghaidh air, agus cuir ar lár é: slánaigh mʼanam ar lucht an oile le do chlaíomh féin;
14Agus le do láimh, a Thiarna, ón drong shaolta: a fhaigheann a gcuid sa bheatha seo, a mbíonn a mboilg á líonadh dá bhfuil i dtaisce agat.
15Bíonn clann acu nuair is mian leo: agus fágann siad fuílleach a saibhris ag a bpáistí.
16Ach i mo thaobhsa de, is i bhfíréantacht a fheicfidh mé do ghnúis: agus nuair a dhúiseoidh mé agus do chosúlacht orm, beidh mé sásta.

目前选定:

Na Sailm 17: OC1965

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录