Na Sailm 16

16
Salm 16.
Conserva mo, Domine.
1Cumhdaigh mé, a Dhia: ós ionat a chuir mé mo dhóchas.
2A mhʼanam, is é dúirt tú leis an Tiarna: is tú mo Dhia, níl ní dá fheabhas agam is fearr ná tú.
3Ní bhíonn dúil agam ach sna naoimh, a bhíos ar an talamh: agus sa dream is fearr suáilce.
4Ach an dream a bhíos ag rith i ndiaidh Dé eile: is mór an buaireamh a thiocfas orthu.
5Ní thairgfidh mé íobairtí fuilteacha mar dhéanas siad: ní luafaidh mo bhéal a n‑ainmneacha.
6Is é an Tiarna féin mo chuid ranna, agus cuid mo chailíse: cosnóidh tú féin mo cheart.
7Thit mo chrannsa ar fhearann fíorálainn: thit oidhreacht shármhaith orm.
8Tabharfaidh mé buíochas don Tiarna go dtug sé rabhadh dom: bíonn mo dhuáin ag cur smachta orm san oíche.
9Bhínn i gcónaí do mo chur féin i láthair Dé: bíonn sé ar mo láimh dheas, agus ní thitfidh mé dá bhrí sin.
10Mar sin bíonn lúcháir ar mo chroí, agus áthas ar mo ghlóir: agus beidh dóchas agam nuair a théann mo cholainn a luí.
11Agus cad chuige? Ar an ábhar nach bhfágfaidh tú mʼanam in ifreann: agus nach ligfidh tú do do naomh an truailliú a fheiceáil.
12Taispeánfaidh tú dom cosán na beatha: is lánsólás é ach bheith i do láthair: agus is aoibhneas síoraí a bheith ar do láimh dheas.

目前选定:

Na Sailm 16: OC1965

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录