Agus nuair thug an bhean fá deara nár ceileadh í, tháinig sí ar crith, agus d’á caitheamh síos ag a chosaibh dhí, d’innis sí i bhfiadhnaise na ndaoine go léir cad chuige ar bhain sí leis, agus cionnas mar do leigheasadh í ar an mball. Agus adubhairt seisean léi, A inghean, do shlánuigh do chreideamh thú; imthigh i síothcháin.