Lúcás 21
21
CAIBIDIOL XXI.
Cianóg na baintríġe. Na cóṁarṫaí a ṫiocfaḋ roim íde Ierúsalem, agus roim ḋeire an tsaoġail.
1Agus ḃí sé ag féaċaint ar na daoine a ḃí saiḋḃir agus iad ag cur a dtaḃarṫas isteaċ sa ċiste. 2Agus ċonaic sé baintreaċ ḃoċt ag teaċt, agus ċuir sí ḋá ċianóig isteaċ ann. 3Agus duḃairt sé: Go deiṁin adeirim liḃ, do ċuir an ḃaintreaċ ḃoċt san níos mó isteaċ ’ná mar a ċuir an ċuid eile go léir. 4Óir is d’á n-iomarca a ċuireadar san go léir rud isteaċ i dtaḃarṫas Dé, aċ is d’á h-uireasba a ċuir sí seo isteaċ rud, a raiḃ an tsaoġal aici.
5Agus ḃí daoine éigin ’á ráḋ, i dcaoḃ an teampail, gur ḃ’ áluinn na cloċa a ḃí ann agus na tíoḋlaicí, agus duḃairt sé: 6Na neiṫe sin a ċíonn siḃ, tiocfaiḋ na laeṫanta agus ní fágfar cloċ ar muin cloiċe ḋioḃ gan raobaḋ. 7Agus ċeistiġeadar é agus duḃradar: A Ṁáiġistir, caṫain a ḃeiḋ san aṁlaiḋ, agus cad é an cóṁarṫa a ḃeiḋ ar na neiṫe sin a ḃeiṫ ag teaċt? 8Agus duḃairt sé: Seaċnaiḋ agus ná mealltar siḃ; óir tiocfaiḋ a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad: Is mise é, agus tá an t-am i ḃfogus: aċ ná leanaiḋ iad.
9Agus nuair a ḋ’aireóċaiḋ siḃ caṫana agus caismearṫa ná bioḋ sgannraḋ oraiḃ, óir ní foláir na neiṫe sin a ṫeaċt ar dtúis, aċ ní deire láiṫreaċ é fós. 10Ansan duḃairt sé leó: Eireóċaiḋ cine i n-aġaiḋ cine agus ríġeaċt i n-aġaiḋ ríġeaċta,
11Agus beid luascaċa móra talṁan i n-a lán áiteana, agus pláiġeana, agus gorta, agus neiṫe sgannraṁla ó’n spéir, agus cóṁarṫaí móra.
12Aċ roim ṫeaċt do sna neiṫiḃ sin go léir cuirfid siad a láṁa oraiḃ-se agus cráḋfaid siad siḃ, ag ḃúr mbreiṫ i láṫair na sinagóg, agus ins na prísúnaiḃ; ag ḃúr dtarang i láṫair ríġṫe agus i láṫair uaċtarán, mar ġeall ar m’ainim-se. 13Beiḋ san i n’ḟiaḋnuise ḋaoiḃ-se, áṁṫaċ. 14Ceapaiḋ i nḃúr n-aigne, d’a ḃríġ sin, gan maċtnaṁ a ḋéanaṁ roim ré ar conus a ḟreagróċaiḋ siḃ, 15Óir taḃarfad-sa ḋaoiḃ béal agus eagna ná féadfaid ḃúr naṁaid go léir cur ’n-a gcoinniḃ ’ná laḃairt ’n-a gcoinniḃ. 16Agus taḃarfaid ḃúr n-aiṫreaċa agus ḃúr máiṫreaċa suas d’ḃúr naṁaid siḃ, agus ḃúr ndrioṫáraċa, agus ḃúr ngaolta, agus cuirfid siad cuid agaiḃ ċun ḃáis. 17Agus beiḋ fuaṫ ag gaċ aoinne ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainim-se. 18Aċ ruibe de ġruaig ḃúr gcinn ní raġaiḋ amú. 19I nḃúr ḃfoiḋne a ċoimeádfaiḋ siḃ ḃúr n-anamnaċa.
20 #
Dan. 9:27. Aċ nuair a ċífiḋ siḃ Ierúsalem d’á tímpalaḋ le sluaġ bíoḋ ḟios agaiḃ an uair sin a h-ídiú ḃeiṫ buailte liḃ. 21Ansan na daoine atá i n-Iudaéa teiṫidís ċun na gcnoc, agus na daoine atá ’n-a lár imṫiġdís amaċ, agus na daoine ins na tuaiṫiḃ ná téidís isteaċ inti; 22Óir is laeṫanta díḃeirge na laeṫanta san, agus cóṁlíonfar gaċ a ḃfuil sgríoḃṫa. 23Is léanṁar, áṁṫaċ, do luċt clainne ḋ’iompar agus do luċt banaltranais ins na laeṫanta san, óir beiḋ guais ana-ḋian ar an ndúṫaiġ, agus fearg ċun na ndaoine seo. 24Agus tuitfid siad le béal an ċlaiḋiṁ, agus béarfar i mbraiġdineas iad ar fuid na ngeinte go léir, agus beiḋ Ierusalem treasgarṫa fé ċosaiḃ na ngeinte, go dtí go gcómlíonfar tréiṁseaċa na ngeinte.
25 #
Isáias 13:19; Ezech. 33:7; Ióel 2:10,31; 3:7. Agus ḃeiḋ cóṁarṫaí sa ġréin agus sa rae agus ins na réiltiḃ; agus brúṫ na ngeinte ins na tíorṫaiḃ, tré mearḃall foṫraim na mara agus na dtonn. 26Daoine d’á ḃfeóċaḋ le sgannraḋ, ag cuiṁneaṁ ar cad a ḃeiḋ le teaċt ar an ndoṁan go léir, mar beid cóṁaċta na ḃflaṫas d’á suaṫaḋ. 27Agus an uair sin ċífid siad Mac an Duine ag teaċt i sgamal te mór-ċóṁaċt agus le gradam. 28Nuair a ḃeiḋ na neiṫe seo ag tusnú, áṁṫaċ, déiniḋ-se féaċaint suas agus ḃúr gcinn do ṫógáilt, mar tá ḃúr ḃfuasgailt buailte liḃ. 29Agus do laḃair sé soluíd leó: Ċíonn siḃ an crann fíge agus na crainn go léir; 30Nuair a ḃionn a dtoraḋ acu d’á ċur amaċ is eól daoiḃ an saṁra ḃeiṫ buailte liḃ. 31Mar sin daoiḃ-se; nuair a ċífiḋ siḃ na neiṫe seo ag teaċt bíoḋ ’ḟios agaiḃ ríġeaċt Dé ḃeiṫ buailte liḃ. 32Abraim liḃ go deiṁin ná beiḋ an tslioċt so imṫiġṫe go gcóṁlíonfar na neiṫe seo go léir. 33Raġaiḋ neaṁ agus talaṁ ar neaṁníḋ, aċ ní raġaid mo ḃréiṫre-se an neaṁníḋ.
34Aċ tugaiḋ aire ḋaoiḃ féin sar a raġaḋ ḃúr gcroiḋṫe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoġail seo, agus go dtiocfaḋ an lá úd go h-obann oraiḃ. 35Óir tiocfaiḋ sé ar nós gaiste ar na daoine go léir atá suiḋte as uaċtar an doṁain uile. 36Déiniḋ faire, d’á ḃríġ sin, ag ḋéanaṁ úrnuiġṫe coitċianta, ionus gur ḃfiú siḃ dul ó sna neiṫe sin go léir atá te teaċt, agus seasaṁ i láṫair Ṁic an Duine.
37Agus ḃíoḋ sé ag teagasg sa teampul gaċ lá; agus d’imṫiġeaḋ sé amaċ agus ṫugaḋ sé an oiḋċe ar an sliaḃ ar a dtugtar Oliḃet. 38Agus ṫagaḋ na daoine go léir go moċ ar maidin isteaċ sa teampul ċun ḃeiṫ ag éisteaċt leis.
Айни замон обунашуда:
Lúcás 21: ABNPOLG
Лаҳзаҳои махсус
Паҳн кунед
Нусха
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.