Agus ḃeiḋ cóṁarṫaí sa ġréin agus sa rae agus ins na réiltiḃ; agus brúṫ na ngeinte ins na tíorṫaiḃ, tré mearḃall foṫraim na mara agus na dtonn. Daoine d’á ḃfeóċaḋ le sgannraḋ, ag cuiṁneaṁ ar cad a ḃeiḋ le teaċt ar an ndoṁan go léir, mar beid cóṁaċta na ḃflaṫas d’á suaṫaḋ. Agus an uair sin ċífid siad Mac an Duine ag teaċt i sgamal te mór-ċóṁaċt agus le gradam.