Lúcás 20

20
CAIBIDIOL XX.
Parabal an luċt saoṫruiġṫe. I dtaoḃ cánaċ a ḋíol le Caesar. Agus i dtaoḃ aiseiriġe na marḃ.
1Agus do ṫárla, lá de sna láeṫantaiḃ sin, agus é ag teagasg na ndaoine sa teampul agus ag craoḃsgaoileaḋ na tsoisgéil, go dtáinig uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí agus na seanóirí, 2Agus go nduḃradar leis: Innis dúinn cad é an t-úġdarás atá agat ċun na neiṫe seo ḋéanaṁ? agus cé ṫug duit an t-úġdarás san? 3Agus duḃairt Íosa leó ’ġá ḃfreagraḋ: Fiafróċad-sa, leis, díḃ-se aon ḟocal amáin. 4Tugaiḋ freagra orm: An baisteaḋ a ḋein Eóin, ar ḃ’ ó neaṁ é nó ó ḋaoine? 5Agus ḃíodar ag maċtnaṁ ’n-a n-aigne, agus duḃradar leó féin: Má deirimíd gur ḃ’ ó neaṁ é déarfaiḋ sé: Cad ’n-a ṫaoḃ nár ċreideaḃair é, má seaḋ? 6Agus má deirimíd gur ḃ’ ó daoine é geoḃaid na daoine go léir do ċloċaiḃ ionainn, óir is deiṁin leó gur fáiḋ Eóin. 7Agus d’ḟreagradar ná raiḃ ḟios acu cár ḃ’ as é. 8Agus duḃairt Íosa leó: Ní lúġa ’ná mar a neósfad-sa ḋaoiḃ-se cad é an t-úġdarás atá agam ċun na neiṫe seo ḋéanaṁ.
9Agus ċrom sé ar an soluíd seo do laḃairt leis na daoine: #Isáias 5:1; Ierem. 2:21.Do ḋein duine fíonġort agus ċuir sé é ċun luċt saoṫruiġṫe, agus ḃí sé féin i ndúṫaiġ iasaċta ar feaḋ aḃfad. 10Agus nuair ṫáinig an t-am ċuir sé seirḃíseaċ leis ag triall ar an luċt saoṫruiġṫe a d’iarraiḋ toraḋ an ḟíonġuirt. Agus do ġaḃadar air, agus ċuireadar uaṫa folaṁ é. 11Agus ċuir sé seirḃíseaċ eile ċúċa. Ġaḃadar air sin, leis, agus ṫugadar tarcuisne ḋó, agus ċuireadar uaṫa folaṁ é. 12Agus ċuir sé ċúċa an tríṁaḋ duine. Do ċréaċtnuiġdar é sin, agus ċaiṫeadar amaċ é. 13Ansan duḃairt tiġearna an ḟíonġuirt: Cad a ḋéanfad? Cuirfead ċúċa mo ṁac dílis féin; b’ḟéidir nuair a ċífid siad é sin go mbeiḋ uraim acu ḋó. 14Aċ nuair a ċonaic an luċt saoṫruiġṫe é ḋeineadar maċtnaṁ, agus duḃradar: Sidé an t-oiġre; marḃuiġmís é i dtreó go mbeiḋ an oiġreaċt againn. 15Agus ċaiṫeadar amaċ as an ḃfíonġort é, agus ṁarḃuiġeadar é. Cad a déanfaiḋ tiġearna an ḟíonġuirt leó san? 16Tiocfaiḋ sé agus déanfaiḋ sé íde ar an luċt saoṫruiġṫe sin, agus taḃarfaiḋ sé an fíonġort do ḋaoiniḃ eile. Agus nuair airiġeadar-san an focal duḃradar: Nár leigiḋ Dia san! 17Agus d’ḟéaċ sé orṫa agus duḃairt sé: Má seaḋ cad é seo atá sgríoḃṫa: #Salm 117:22; Isáias 28:16; Gníoṁ. 4:11.An ċloċ a ċaiṫ na saoir uaṫa tá sí ’n-a cloiċ ċinn ċúinne. 18An t-é a ṫuitfiḋ ar an gcloiċ sin, bascfar é; aċ an t-é go dtuitfiḋ sí air, meilfiḋ sí é.
19Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí a d’iarraiḋ a láṁ do ċur air láiṫreaċ, aċ ḃí eagla na ndaoine orṫa; óir ḃí ḟios acu gur ċúċa féin an tsoluíd a laḃair sé.
20Agus ḃíodar ag faire, agus ċuireadar ċuige luċt fill do leigfeaḋ orṫa gur ḋaoine macánta iad, ċun buntáiste ḃreiṫ air ’n-a ċaint, i dtreó go ndéanfaidís é ṫaḃairt suas do ċóṁaċt agus d’úġdarás an ġoiḃearnóra. 21Agus ċuireadar ċeist ċuige agus duḃradar: A Máiġistir, is eól dúinn go laḃrann tú agus go muíneann tú do réir na fírinne, agus ná fuil beann agat ar ṗearsain, aċ an tslíġ ċun Dé do ṁúineaḋ go fíos; 22An dleaġṫaċ ḋúinn cíos do ḋíol le Caesar, nó gan a ḋíol? 23Agus mar ċonaic sé an feall a ḃí ionta, duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ a’m braṫ? 24Taisbeánaiḋ pingin dom. Cé leis an íoṁáiġ agus an sgríḃinn atá uirṫi? D’ḟreagradar agus duḃradar: Le Caesar. 25Agus duḃairt sé leó: #Róṁ. 13:7.Má seaḋ tugaiḋ do Ċaesar na neiṫe is le Caesar agus tugaiḋ do Ḋia na neiṫe is le Dia. 26Agus níor ḟéadadar loċt ḟáġail ar a ċaint i láṫair na ndaoine; agus le h-iongna, mar ġeall ar an ḃfreagra, d’éisteadar.
27Agus ṫáinig cuid de sna Sadducíneaċaiḃ, daoine a ṡéanann aiseiriġe na colna, agus ċuireadar ceisd ċuige, 28Agus duḃradar: A Ṁáiġistir, do sgríḃ Maois dúinn, #Deut. 25:5.Má ġeiḃeann driṫáir ḋuine bás agus bean ṗósta aige, agus gan clann aige, go nglacfaḋ a ḋriṫáir an ḃean agus go dtógfaḋ sé slioċt d’á ḋriṫáir. 29Ḃí mórṡeisear driṫár ann, agus do ṗós an ċéad duine acu bean, agus fuair sé bás gan slioċt. 30Do ṫóg an tarna duine acu an ḃean, agus fuair sé sin bás, leis, gan slioċt. 31Do ṫóg an tríṁaḋ duine í. Agus mar sin do’n ṁórṡeisear go léir, agus níor ḟágadar slioċt, agus fuaradar bás. 32’N-a ndiaiḋ go léir fuair an ḃean bás. 33Sa n-aiseiriġe, áṁṫaċ, cé’cu ḋíoḃ go mbeiḋ sí ’n-a mnaoi aige? óir ḃí sí ’n-a mnaoi, ag an mórṡeisear. 34Agus duḃairt Íosa leó: Pósaid agus tugtar le pósaḋ clann an tsaoġail seo. 35Aċ an ṁuintir go ḃfeicfar gur fiú iad an saoġal iúd a ṫaḃairt dóiḃ agus an aiseiriġe ó-s na mairḃ, ní pósfar iad agus ní ġlacfaid siad mná. 36Óir ní ḟéadfaid siad bás d’ḟáġail a ṫuille; óir beid siad ar aon dul leis na h-aingil agus ’n-a gclainn ag Dia, mar isiad clann na h-aiseiriġe iad.
37Aċ taisbeánann Maois féin, ag an dtor, go n-eireóċaiḋ na mairḃ, mar a dtugann sé ar an dTiġearna #Exod. 3:6.Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iácóib. 38Ní do ḋaoine atá marḃ is Dia é áṁṫaċ, aċ do ḋaoine atá beó; óir is beó ḋó iad go léir. 39Agus d’ḟreagair cuid de sna Sgríḃneóiríḃ é agus duḃradar: 40A Ṁáiġistir, is maiṫ aduḃraís é. Agus as san amaċ níor leóṁaiġ aoinne acu aon ċeist do ċur ċuige.
41Agus duḃairt sé leó: Conus adeirid siad Críost a ḃeiṫ ’n-a ṁac ag Dáiḃid, 42Agus go ndeir Dáiḃid féin, i leaḃar na Salm, #Salm 109:1.Duḃairt an Tiġearna le m’ Ṫiġearna: Suiḋ as mo ḋeis, 43Go gcuiread do naṁaid mar ṫaca fé d’ċosaiḃ. 44Tugann Dáiḃid a Ṫiġearna air; agus conus atá sé ’n-a ṁac aige?
45Ansan duḃairt sé le n-a ḋeisgiobulaiḃ agus na daoine go léir ag éisteaċt leis: 46Seaċnaiḋ na Sgríḃneóirí. Is maiṫ leó siuḃal i róbaíḃ fada, agus daoine ḃeiṫ ag fáiltiú ḋóiḃ ar an margaḋ, agus na suiḋċáin uaċtaraċa ḋ’ḟaġail ins na sinagógaiḃ, agus ua h-ineada uaċtaraċa ag ua féastaíḃ. 47Sloigid siad tiġṫe na mbaintreaċ, ’ġá leigint orṫa úrnuiġṫe fada do ráḋ. Isiad a ġeoḃaiḋ an daor-ḃreiṫ is troime.

Айни замон обунашуда:

Lúcás 20: ABNPOLG

Лаҳзаҳои махсус

Паҳн кунед

Нусха

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in