Lúcás 19
19
1Tháinig sé isteach go hIericó agus bhí sé ar a bhealach tríd. 2Agus bhí fear ann a raibh Sacéus mar ainm air; bhí sé ina ardbhailitheoir cánacha, agus é saibhir. 3Bhí sé ag iarraidh a fheiceáil cén sórt é Íosa, ach theip air de dheasca an tslua, ó bhí sé beag íseal. 4Mar sin rith sé píosa ar aghaidh agus chuaigh sé suas i gcrann fige le radharc a fháil air, ó bhí sé le bheith ag teacht an tslí úd. 5Agus nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, dʼfhéach sé suas air agus dúirt sé leis, “A Shacéuis, déan deifir agus tar anuas, mar tá rún agam an lá inniu a chaitheamh i do theachsa.” 6Tháinig sé anuas faoi dheifir mar sin agus áthas air le fáilte a fhearadh roimhe. 7Agus nuair a chonaic siad é bhí siad uile ag clamhsán agus á rá, “Tá sé i ndiaidh glacadh le cuireadh ó fhear atá ina pheacach.” 8Agus dʼéirígh Sacéus go ndúirt sé leis an Tiarna, “Féach, a Thiarna, tugaim leath mo mhaoine do na boicht; agus más rud é gur bhain mé aon ní dʼaon duine go héagórach, tugaim a cheithre oiread ar ais dó.” 9Agus arsa Íosa leis, “Is inniu a tháinig an slánú go dtí an teach seo, mar is mac dʼAbracham é seo chomh maith le duine. 10Mar tá Mac an duine tar éis teacht lena bhfuil caillte a chuardach agus a chaomhnú.”
11Nuair a bhí siad ag éisteacht leis sin, thosaigh sé ar insint fáithscéil, ó bhí sé féin cóngarach do Iarúsailéim agus ó bhí siadsan ag meas go nochtfaí ríocht Dé gan mhoill. 12Dúirt sé mar sin, “Duine uasal a bhí ag imeacht i dtír i gcéin le filleadh i ndiaidh cumhacht rí a ghlacadh chuige féin. 13Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh, agus thug sé deich bpunt dóibh, agus dúirt sé leo, ‘Bígí ag gnóthú leo seo go dtaga mé.’ 14Ach bʼfhuath le fir a thíre féin é gur chuir siad toscaireacht ina dhiaidh á rá, ‘Ní maith linn an fear seo a bheith ina rí os ár gcionn.’ 15Nuair a dʼfhill sé agus an chumhacht ríoga aige, chuir sé fios ar na seirbhísigh sin ar thug sé an t‑airgead dóibh, go bhfeicfeadh sé cad é a ghnóthaigh siad. 16Tháinig duine amháin acu ina láthair agus dúirt sé, ‘A Thiarna, tá deich bpunt eile gnóthaithe ag do phuntsa.’ 17Agus is é a dúirt sé leis, ‘Is maith a rinne tú, is maith an seirbhíseach tú! Ós tú a bhí dílis faoi bheagán, beidh ceannas agat ar dheich gcathair.’ 18Agus tháinig an dara duine ina láthair go ndúirt sé, ‘A Thiarna, tá cúig phunt gnóthaithe ag do phuntsa.’ 19Agus dúirt sé leis, ‘Agus beidh ceannas cúig chathair agatsa.’ 20Tháinig an tríú duine ansin, agus dúirt sé, ‘A Thiarna, seo duit an punt sin agat, a choinnigh mé i dtaisce i naipcín; 21mar chuir tú eagla orm, bíonn tú chomh trom sin ar dhaoine; ag tógáil ní nár chuir tú síos, agus ag baint bairr san áit nár chuir tú aon síol.’ 22Ar seisean leis, ‘Tabharfaidh mé breith do dhaortha ort as do bhéal féin, a bhithiúnaigh de sheirbhíseach! Bhí a dhea-fhios agat, nach raibh, go raibh mé trom ar dhaoine, ag tógáil an ní nár chuir mé síos, agus ag baint san áit nár chuir mé? 23Agus ó tá sin amhlaidh, cad chuige nár chuir tú mo chuid airgid sa bhanc, go dtógfainn é idir airgead agus bhiseach ag filleadh dom?’ 24Agus dúirt sé lena raibh ina seasamh lena thaobh, ‘Bain de an punt, agus tabhair é dʼfhear na ndeich bpunt.’ 25(Agus dúirt siad leis, ‘A Thiarna, nach bhfuil deich bpunt aige cheana?’) 26Deirim libh, an té a bhfuil aige, tabharfar a thuilleadh dó, ach an té nach bhfuil aige, bainfear de go fiú an méid atá aige. 27Ach na naimhde úd agam, nár mhian leo mé i mo rí os a gcionn, tugaigí i láthair anseo iad agus cuirigí chun báis iad os mo chomhairse.”
28Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, shiúil sé roimhe, ag tarraingt ar Iarúsailéim. 29Nuair a bhí sé ag an sliabh dá ngairtear Cnoc na nOlóg, cóngarach do Bhétfagé agus do Bhétáin, chuir sé beirt de na deisceabail uaidh, 30agus dúirt sé leo, “Siúlaigí libh isteach sa bhaile beag úd os ár gcomhair, agus Tiocfaidh sibh, ar bhur mbealach isteach, ar shearrach agus é ceangailte, nár shuigh aon duine air roimhe seo; scaoiligí agus tugaigí chugam anseo é. 31Má fhiafraíonn aon duine díbh, ‘Cad chuige a bhfuil sibh de, á scaoileadh?’ is é an focal a déarfas sibh, ‘Tá gnó ag an Tiarna leis.’” 32Chuaigh na teachtairí uaidh mar sin agus tharla mar a bhí inste aige dóibh. 33Nuair a bhí siad ag scaoileadh an tsearraigh, dúirt na daoine ar leo é, “Cad chuige a bhfuil sibh ag scaoileadh an tsearraigh?” 34Agus dúirt siadsan, “Tá gnó ag an Tiarna leis.” 35Agus thug siad chuig Íosa é, agus chaith siad a bhfallaingeacha thar an searrach, gur chuir siad Íosa a mharcaíocht air. 36Agus chaith siad a bhfallaingeacha thar chlocha an bhóthair de réir mar a bhí sé ag imeacht ar aghaidh. 37Nuair a bhí sé ag teacht cóngarach, ag bun Chnoc na nOlóg, thosaigh slua uile na ndeisceabal ar dhéanamh gairdis agus ar mholadh Dé faoi na fearta uile a bhí feicthe acu, 38á rá in ard a gcinn agus a ngutha, “Is beannaithe é an Rí atá ag teacht in ainm an Tiarna! Síocháin ar neamh, agus glóir dó sna flaithis!” 39Agus dúirt cuid de na Fairiséigh a bhí sa slua leis, “A Oide, cuir milleán ar do dheisceabail.” 40Ach ba é a fhreagra, “Táim á insint daoibh, dá mba rud é go bhfanfaidís-sean ina dtost, go mbeadh clocha an bhóthair féin ag caint agus ag glaoch os ard.”
41Agus nuair a tháinig sé i ngaobhar na cathrach agus a chonaic sé í, shil sé uisce a chinn á caoineadh, 42go ndúirt, “Nach é an trua é nach feasach duit inniu féin na nithe a chothaíos an tsíocháin! Ach tá siad ceilte ort anois. 43Mar tá na laethanta sin ag teacht ort nuair a thógfaidh do naimhde móta i do thimpeall agus a chuirfidh léagar agus imshuí ort ar gach taobh, 44agus a leagfaidh siad go lár thú, tú féin agus do chlann ionat istigh, agus ní fhágfaidh siad cloch ar mhuin chloiche ionat; de bhrí nár aithin tú in am cé a bhí agat.”
45Agus chuaigh sé isteach sa teampall go ndeachaigh ag cur na tóra ar a raibh ag díol ann, 46agus é á rá leo, “Tá sé scríofa go mbeidh mo theachsa ina theach urnaí; ach tá uaimh ladrann déanta agaibh de.”
47Agus bhíodh sé gach lá ag teagasc sa teampall. Bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe agus ceannairí an phobail ag iarraidh é a chur den saol; 48agus gan teacht ar aon ní a fhéadfaidís a dhéanamh, mar bhíodh na daoine go léir ag slogadh gach focail dá dtagadh uaidh.
Выбрано:
Lúcás 19: OC1970
Выделить
Поделиться
Копировать
Хотите, чтобы то, что вы выделили, сохранялось на всех ваших устройствах? Зарегистрируйтесь или авторизуйтесь
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland