Maitiú 6
6
CAIBIDIOL VI.
An tseanmóin ar an gcnuc ar leanṁaint.
1Seaċnaiḋ agus ná deiniḋ ḃúr ḃfíoraontaċt-sa os cóṁair daoine, i dtreó go ḃfeicfí siḃ, nó ní ḃeiḋ tuarasdal le fáġail agaiḃ i láṫair ḃúr n-Aṫar atá ins na flaṫais.#6:1 Ver. 1. ḃúr ḃfíoraontaċt-sa, .i. Na h-oibreaċa fíoraontaċta a ḋeineann siḃ, .i. trosgaḋ, úrnuiġṫe, déirc; agus gan iad a ḋéanaṁ le baoís, ná ċun daoíne shásaṁ, aċ iad a ḋéanaṁ ċun toile Dé do shásaṁ. 2D’á ḃríġ sin, nuair a ḃeiḋ déirc agat ’á ḋéanaṁ ná bíoḋ aḋarc d’á séideaḋ róṁat amaċ agat, mar a ḃíonn ag na feallairíḃ ins na sinagógaiḃ agus ar na sráidiḃ, i dtreó go dtaḃarfaḋ na daoine onóir dóiḃ. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu. 3Nuair a ḋéanfair-se déirc, áṁṫaċ, ná bíoḋ a ḟios agat’ láiṁ ċlé cad a ḋeineann do láṁ ḋeas. 4Ionus go mbeaḋ do ḋéirc fé ċeilt, agus go dtaḃarfaḋ t’Aṫair, a ċíonn fé ċeilt, do ṫuarasdal duit.
5Agus nuair a ḋéanfaiḋ siḃ úrnuiġṫe, ná bíḋiḋ mar na feallairí gur maiṫ leó úrnuiġṫe ḋéanaṁ ’n-a seasaṁ ins na sinagógaiḃ agus ag cúinníḃ na sráideana, i dtreó go ḃfeiceaḋ daoine iad. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu. 6Aċ nuair a ḋéanfair-se úrnuiġṫe, eiriġ isteaċ ad’ ṡeómra agus dún an dorus, agus cuir do ġuiḋe ċun t’Aṫar fé ċeilt, agus taḃarfaiḋ t’Aṫair, a ċíonn fé ċeilt, do ṫuarasdal duit. 7I nḃúr nguiḋe, áṁṫaċ, ná deiniḋ mórán cainte, mar a ḋeinid na págánaiġ; óir is dóiġ leó gur as méid a gcainte do h-éistfar leó. 8D’á ḃríġ sin ná bíḋiḋ-se mar iad; óir is eól d’ḃur n-Aṫair an níḋ is gáḋ ḋaoiḃ sar a ndeineann siḃ guiḋe ċuige. 9Seo, d’á ḃríġ sin, mar a ḋéanfaiḋ siḃ guiḋe:
10 #
Lúc. 11:2. Ár n-Aṫair atá ar neaṁ, go naoṁṫar t’ainim. Go dtagaiḋ do ríġeaċt. Go ndeintear do ṫoil ar an dtalaṁ mar a deintear ar neaṁ. 11Ár n-arán róṡubstainteaṁail taḃair dúinn indiu.#6:11 Ver. 11. róṡubstainteaṁail — ’Sé focal atá ag Lúcás Naoṁṫa i n-ionaid an ḟocail seo ná, “Ár n-arán laeṫaṁail.” Tuigtear go gcialluiġeann sé arán na beaṫa, an t-arán a ġlacaimíd i Sácramint Ċorp Ċríost. 12Agus maiṫ ḋúinn ár gcionta, mar ṁaiṫimíd-ne do ċáċ a ċiontuiġeann i n-ár n-aġaiḋ. 13Agus ná leig sinn i gcaṫaíḃ; aċ saor sinn ó olc.#6:13 Ver. 13. ná leig sinn i gcaṫaíḃ; .i. Ná leig do sna caṫíḃ buaċtaint orainn. Amen.
14 #
Eccli. 28:3-5; Marc. 11:25. Óir má ṁaiṫeann siḃ do ḋaoine a gcionta, maiṫfiḋ ḃúr n-Aṫair neaṁḋa ḋaoiḃ-se ḃúr bpeacaí. 15Aċ mura maiṫfiḋ siḃ-se a bpeacaí do ḋaoine, ní ṁaiṫfiḋ ḃúr n-Aṫair daoiḃ-se ḃúr bpeacaí.
16Agus nuair a ḃeiḋ siḃ ag déanaṁ trosgaiḋ ná bíḋiḋ gruamḋa ar nós na ḃfeallairí; óir doirċiġid siad a gceannaċa, i dtreó go saṁlóċaḋ na daoine iad a ḃeiṫ ag déanaṁ trosgaiḋ. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu. 17Aċ tusa, nuair a ḋéanfair trosgaḋ, cuir oíle ar do ċeann agus niġ t’aġaiḋ, 18I dtreó ná feicfid daoine ṫú ḃeiṫ ag déanaṁ trosgaiḋ, aċ go ḃfeicfiḋ t’Aṫair ṫu, atá fé ċeilt; agus taḃarfaiḋ t’Aṫair, a ċíonn fé ċeilt, do ṫuarasdal duit.
19Ná cúṁdaiġiḋ stór daoiḃ fein ar an dtalaṁ so, mar a ndeinid na leóṁain agus an ṁeirg é ḋ’ídiú, agus mar a ndeinid na biṫeaṁnaiġ é ṫóċ agus é ġuid. 20Aċ deiniḋ stór do ċúṁdaċ daoiḃ féin ar neaṁ, an áit ná deinid na leóṁain é ḋ’ídiú agus ná deinid biṫeaṁnaiġ é ṫóċ ná é ḋ’ḟuadaċ. 21Óir, an áit ’n-a ḃfuil do stór is ann atá do ċroiḋe leis.
22Isí do ṡúil solus do ċuirp. Má ḃíonn do ṡúil glan beiḋ do ċorp go léir go solusṁar. 23Aċ má ḃíonn do ṡúil #6:23 .i. gan raḋarc.go h-olc beiḋ do ċorp go léir gan solus. Agus má’s ionan agus doirċeaċt an solus atá ionat, cad é méid na doirċeaċta féin?
24Ní féidir d’aoinne rud a ḋéanaṁ ar ḋá ṁáiġistir: óir beiḋ fuaṫ aige do ṁáiġistir acu agus gráḋ do’n ṁáiġistir eile; nó cuirfiḋ sé suas le duine acu agus beiḋ droċ-ṁeas aige ar an nduine eile. Ní féidir daoiḃ Dia agus Mammon d’ḟriṫálaṁ.#6:24 Ver. 24. Mammon, .i. saiḋḃreas saoġalṫa.
25D’á ḃríġ sin deirim liḃ, ná bíoḋ buairt oraiḃ i dtaoḃ ḃúr mbeaṫa, féaċaint cad d’íosfaiḋ siḃ; ná i dtaoḃ ḃúr gcuirp, féaċaint cad a ċuirfiḋ siḃ umaiḃ. Náċ mó le ráḋ an t-anam ’ná an biaḋ, agus an corp ’ná an t-éadaċ? 26Féaċaiḋ éanlaiṫe an aeir; ní ċuirid siad síol ná ní ḃainid siad fóġṁar, ná ní ḋeinid siad cnuasaċ i sgioból; Agus deineann ḃúr n-Aṫair neaṁḋa iad do ċoṫú. Náċ mó go mór le ráḋ siḃ-se ’ná iad san? 27Cé’cu agaib-se, ag maċtnaṁ dó air, d’ḟéadfaḋ aon ḃanláṁa aṁáin do ċur le n-a aoirde? 28Agus cad ċuige go mbíonn buaireaṁ i dtaoḃ éadaiġ oraiḃ? Breiṫniġiḋ bláṫana an ḃáin, conus mar ḟásaid siad; ní ḋeinid siad saoṫar ná sníoṁ. 29Deirim liḃ, áṁṫaċ, ná raiḃ Salomón féin i n-a ġradam go léir clúdaiṫe mar ċeann acu san. 30Má ċuireann Dia maise de’n tsórd san ar ḟéar an tailiṁ, atá ann indiu, agus a caiṫfar sa teine amáireaċ, náċ mó go mór a ḋéanfaiḋ sé ḋaoiḃ-se, a luċt an ċreidiṁ ṡuaraiġ? 31Ná bíḋiḋ ag déanaṁ buarṫa, d’á ḃríġ sin, ’ġá ráḋ, Cad d’íosfaimíd? ná, Cad d’ól-faimíd? ná, Cad a ċlúdóċaiḋ sinn? 32Óir, siniad na neiṫe go mbíd na geinte ’ġá lorg. Óir tá ’ḟios ag ḃúr n-Aṫair go ḃfuil gáḋ agaiḃ leis na neiṫiḃ sin go léir. 33Loirgiḋ ar dtúis, d’á ḃríġ sin, ríġeaċt Dé agus a ḟíoraontaċt, agus taḃarfar daoiḃ, leis, na neiṫe sin go léir. 34Ná bíoḋ buaireaṁ oraiḃ, dá ḃríġ sin, i dtaoḃ an lae amáiriġ; tá a ḃuaireaṁ féin i gcóir an lae amáiriġ. Ní beag do gaċ lá a ċuid uilc féin.
Выбрано:
Maitiú 6: ABNPOLG
Выделить
Поделиться
Копировать
Хотите, чтобы то, что вы выделили, сохранялось на всех ваших устройствах? Зарегистрируйтесь или авторизуйтесь
historic text maintained by the Bible Society.