Gníomhartha 5
5
Anainias agus Saifíre
1Ach bhí fear ann darbh ainm Anainias, é féin agus a bhean Saifíre. Dhíol sé a ghabháltas 2agus, i bhfios dá bhean, choinnigh sé cuid den luach aige féin agus níor thug ach cuid de suas do na haspail. 3Labhair Peadar leis: “A Anainias,” ar seisean, “cén fáth ar líon Sátan do chroí sa chaoi gur inis tú bréag don Spiorad Naomh agus cuid de luach na feirme a choinneáil agat féin. 4Fad a bhí an talamh i do sheilbh, nár leat féin é? Agus tar éis duit é a dhíol nach raibh a luach faoi do réir agat? Cad ab áil leat an rud seo a bheartú i do chroí? Ní do dhaoine a thug tú an t-éitheach ach do Dhia.”
5Ní luaithe an chaint sin cloiste ag Anainias ná a thit sé marbh. Agus tháinig uamhan ar a raibh ag éisteacht. 6Ansin mʼéirigh na hógánaigh ina seasamh, chóirigh siad an corp, dʼiompair amach é agus rinne é a adhlacadh.
7Timpeall trí huaire a chloig ina dhiaidh sin tháinig an bhean isteach agus gan a fhios aici cad a bhí tite amach. 8Labhair Peadar léi: “Inis dom,” ar seisean, “an é seo an méid a fuair sibh ar an talamh?” “Is ea,” ar sise, “sin an méid.” 9“Cad a thug oraibh,” arsa Peadar léi, “socrú le chéile ar thriail a bhaint as Spiorad an Tiarna? Féach, sin iad ag an doras cois-céimeanna na ndaoine atá tar éis dʼfhear a adhlacadh agus ardóidh siad thusa chomh maith.” 10Agus thit sí marbh ar lár ag a chosa ar an toirt. Ar theacht isteach do na hógánaigh fuair siad marbh í agus dʼardaigh siad amach í gur adhlaic siad í taobh lena fear. 11Tháinig uamhan ar an Eaglais go léir agus ar gach duine a chuala an scéal.
Míorúiltí
12Bhí mórán míorúiltí agus éachtaí dá ndéanamh ag na haspail i measc an phobail. Chruinnídís de thoil a chéile i bPóirse Sholaimh 13ach ní leomhfadh duine ar bith eile dul i bpáirt leo. Mar sin féin bhí ardmholadh ag an ngnáthphobal orthu, 14agus bhí líon na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna ag dul i mbreis i gcónaí 15sa tslí go mbíodh na hothair dá dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus dá síneadh ar réleapacha agus ar shráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ar dhuine éigin acu. 16Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mór-thimpeall Iarúsailéim, ag tabhairt othar leo agus daoine a bhíodh dá gciapadh ag spioraid neamh-ghlana, agus leigheastaí gach duine acu.
Na hAspail dá nGabháil
17Ansin chuir an t-ard-sagart chun oibre, é féin agus a pháirtithe go léir dʼaicme na Sadúcach. 18Le teann éada rinne said na haspail a ghabháil agus a chur sa phríosún poiblí. 19Ach i rith na hoíche dʼoscail aingeal an Tiarna geataí an phríosúin agus lig amach iad, dá rá leo 20imeacht agus seasamh sa Teampall agus faisnéis iomlán a thabhairt don phobal ar an mbeatha seo. 21Rinne siad rud air: chuaigh siad isteach sa Teampall le breacadh an lae agus chrom ar theagasc.
Tháinig an t-ard-sagart agus a bhuíon, thionóil siad an sainidrín–is é sin, seanad iomlán chlann Iosrael–agus chuir siad scéala chun an phríosúin na haspail a thabhairt i láthair. 22Ach nuair a shroich na feidhmeannaigh an príosún ní bhfuair siad ann iad, agus ar dhul ar ais dóibh, dʼinis siad an scéal: 23“Fuaireamar an príosún go daingean faoi ghlas,” ar siad, “bhí gardaí ina seasamh ag na geataí ach ar oscailt na ngeataí dúinn, ní bhfuaireamar duine ar bith istigh.”
24Nuair a chuala ceann-phort an Teampaill agus na hardsagairt an scéal seo, ní fhéadfaidís a thuiscint cad a bhí tite amach dóibh. 25Leis sin tháinig duine ar an láthair le scéala: “Feach,” ar seisean, “na fir úd a chuir sibh i bpríosún, tá siad ina seasamh sa Teampall ag teagasc an phobail.” 26Ansin dʼimigh an ceann-phort agus a chuid giollaí agus thug siad leo iad, gan aon lámh láidir, áfach, mar bhí eagla orthu roimh an bpobal, go gclochfaidís iad.
Os comhair an tSainidrín
27Thug siad isteach iad agus chuir ina seasamh os comhair an tsainidrín iad. Cheistigh an t-ard-sagart iad: 28“Thugamar ordú daingean daoibh,” ar seisean, “gan teagasc a dhéanamh in ainm an duine seo, ach féach, tá Iarúsailéim líonta de bhur dteagasc agaibh. Agus is áil libh bás an duine seo a leagan orainne.”
29Dʼfhreagair Peadar agus na haspail eile: “Is córa dúinn umhlú do Dhia ná do dhaoine. 30Thóg Dia ár sinsear Íosa ó mhairbh tar éis daoibhse é a mharú, dá chrochadh ar chrann. 31Dʼardaigh Dia ar a dheis féin é ina phrionsa agus ina shlánaitheoir chun aithrí agus maithiúnas peacaí a thabhairt dʼIosrael. 32Is finnéithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh ar thug Dia é dóibh sin atá umhal dó.”
Comhairle Ghamailiéil
33Arna chlos sin do mhuintir an tsainidrín chuaigh siad chun báiní agus bhí fonn orthu iad a mharú. 34Ach mʼéirigh duine acu ina sheasamh sa sainidrín, Fairisíneach darbh ainm Gamailiéil, máistir dlí a raibh meas ag an bpobal go léir air, agus dʼiarr sé na fir a chur taobh amuigh den doras ar feadh tamaill. 35Labhair sé ansin leo: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “tugaigí aire céard a dhéanfaidh sibh leis na daoine seo. 36Tamall ó shin tháinig Teodas chun cinn agus é dá mhaíomh gur dhuine mór le rá é féin agus thaobhaigh suas le ceithre chéad fear leis. Ach maraíodh é agus scaipeadh a lucht leanúna nó go ndeachaigh siad ar neamhní. 37Tháinig Iúdás Gailíleach chun cinn ina dhiaidh sin, aimsir an daon-áirimh, agus mheall sé slua ina dhiaidh. Ach cailleadh eisean chomh maith agus scaipeadh a lucht leanúna go léir. 38Agus is é a mholaim daoibhse anois, fanacht amach ó na daoine seo agus ligean dóibh. Más ó dhaoine an beart nó an obair seo, rachaidh sí ar neamhní; 39ach más ó Dhia í ní bheidh ar bhur gcumas-sa iad seo a chur ar neamhní–agus bʼfhéidir gur ag cur in aghaidh Dé a bheadh sibh.”
Rinne siad rud air: 40chuir siad fios ar na haspail agus tar éis dóibh iad a sciúrsáil agus foláireamh a thabhairt dóibh gan labhairt in ainm Íosa, scaoil siad chun siúil iad. 41Dʼimigh siad-san leo ó láthair an tsainidrín agus áthas orthu de chionn go mbʼfhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa. 42Agus ní stadaidís ach ag teagasc gach lá, sa Teampall agus ó theach go teach, agus ag fógairt an dea-scéil gurbh é Íosa an Críost.
Atualmente selecionado:
Gníomhartha 5: ABN2012
Destaque
Partilhar
Copiar

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.