Gníomhartha 4
4
Peadar agus Eoin dá nGabháil
1Fad a bhí siad ag caint leis an slua, tháinig na sagairt agus ceann-phort an Teampaill agus na Sadúcaigh suas chucu 2agus olc orthu i dtaobh iad a bheith ag múineadh an phobail agus ag fógairt aiséirí na marbh in Íosa. 3Ghabh siad Peadar agus Eoin agus chuir i bpríosún iad go dtí an lá arna mhárach, mar bhí sé ina thráthnóna faoin am seo. 4Mórán dá raibh ag éisteacht leis an teachtaireacht, áfach, chreid siad, agus bhí tuairim is cúig mhíle fear acu ann.
Iad dá dTabhairt
os comhair an tSainidrín
5Lá arna mhárach bhailigh ceannairí na nGiúdach agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile in Iarúsailéim. 6Bhí Annas ard-sagart ann, agus Cáiafas agus Eoin agus Alastar agus iad siúd a bhain leis an sliocht ard-sagartúil.
Caint Pheadair
7Chuir siad na haspail ina seasamh i lár baill agus rinne siad iad a cheistiú: “Cén chumhacht,” ar siad, “nó cén t-ainm lena ndearna sibh an ní seo?” 8Ansin dʼfhreagair Peadar iad agus é lán den Spiorad Naomh: “A cheannairí an phobail,” ar seisean, “agus a sheanóirí, 9más mar gheall ar mhaith a dhéanamh do dhuine easlán atáimidne dár scrúdú inniu agus mar gheall ar an tslí inar leigheasadh é, 10bíodh a fhios agaibh-se go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach–an fear a chéas sibh-se ar chros ach ar thóg Dia ó mhairbh é–gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte. 11Is é seo ‘an chloch dar dhiúltaigh sibh-se, na saoir, agus a ndearnadh di ceann an chúinne,’ 12níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”
13Nuair a chonaic siad-san a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gnáthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. Dʼaithin siad ansin gur chomrádaithe dʼÍosa ba ea iad. 14Ach ag breathnú dóibh ar an bhfear a leigheasadh agus é ina sheasamh láimh leo ní raibh aon fhreagra acu orthu. 15Mar sin de, dʼordaigh siad dóibh dul amach as halla an tsainidrín agus chuaigh siad féin i gcomhairle le chéile. 16“Cad a dhéanfaimid leis na daoine seo?” ar siad. “Tá míorúilt shuntasach déanta acu, rud is follas dʼáitritheoirí Iarúsailéim ar fad, agus ní féidir dúinne é a shéanadh. 17Ach i dtreo nach leathfaidh an scéal seo níos mó i measc an phobail, déanaimis bagairt orthu gan labhairt go deo arís faoin duine seo le neach ar bith.”
18Ghlaoigh siad chucu ansin iad agus thug foláireamh dóibh gan caint ná teagasc a dhéanamh ar chor ar bith in ainm Íosa. 19Dʼfhreagair Peadar agus Eoin iad, áfach: “Fágaimid fúibh féin a mheas,” ar siad, “cé acu is córa dúinn i bhfianaise Dé, rud a dhéanamh oraibhse nó ar Dhia. 20Mar ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn.”
21Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach. 22An fear ar tharla an mhíorúilt leighis seo dó, bhí sé os cionn daichead bliain dʼaois.
Na Críostaithe ag Guí
23Tar éis a scaoilte chuaigh siad go dtí a muintir féin agus thug tuairisc dóibh ar gach ní dá ndúirt na hardsagairt agus na seanóirí leo. 24Ar chlos an scéil dóibh-sean ghuigh siad os ard dʼaonghuth chun Dé. “A Mháistir,” ar siad, “is tusa a rinne neamh agus talamh agus an mhuir agus gach a bhfuil iontu. 25Is tú a dúirt tríd an Spiorad Naomh, trí bhéal do sheirbhísigh, ár n-athair Dáiví:
‘Cad ab áil leis na ciníocha a bheith ar buile le fearg?
Cad ab áil leis na náisiúin nithe baotha a bheartú?
26Chuaigh ríthe an domhain in ordú catha
agus na flatha i gcomhcheangal le chéile
in éadan an Tiarna agus a Ungthaigh.’
27“Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Píoláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duit-se é a ungadh, 28agus rinne siad an ní a bhí ceaptha agat-sa a thitim amach le do chumhacht agus le do chomhairle féin. 29Agus anois, a Thiarna, tabhair do dʼaire a gcuid bagartha agus deonaigh do do sheirbhísigh do theachtaireacht a fhógairt go seasmhach dána. 30Sín amach do dheaslámh chun leigheas agus míorúiltí agus éachtaí a dhéanamh in ainm do sheirbhísigh naofa, Íosa.”
31Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná a chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt theachtaireacht Dé go teann dána.
Cómhaoin
32Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu. 33Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile. 34Agus ní raibh duine ar bith acu ar an ngann-chuid: iad siúd a raibh talamh nó tithe acu, dhíolaidís amach iad 35agus thugaidís suas a luach do na haspail agus roinntí amach ar chách é de réir mar bhíodh sé ina ghá. 36Cuirim i gcás bhí gort ag Léivíteach ón gCipir darbh ainm Iósaef–‘Barnabas’ a thugadh na haspail air, ainm a chiallaíonn “Mac an tSóláis”. 37Dhíol sé an gort, rug leis an luach agus thug suas do na haspail é.
Atualmente selecionado:
Gníomhartha 4: ABN2012
Destaque
Partilhar
Copiar

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.