1
Gníomhartha 4:12
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”
Comparar
Explorar Gníomhartha 4:12
2
Gníomhartha 4:31
Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná a chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt theachtaireacht Dé go teann dána.
Explorar Gníomhartha 4:31
3
Gníomhartha 4:29
Agus anois, a Thiarna, tabhair do dʼaire a gcuid bagartha agus deonaigh do do sheirbhísigh do theachtaireacht a fhógairt go seasmhach dána.
Explorar Gníomhartha 4:29
4
Gníomhartha 4:11
Is é seo ‘an chloch dar dhiúltaigh sibh-se, na saoir, agus a ndearnadh di ceann an chúinne,’
Explorar Gníomhartha 4:11
5
Gníomhartha 4:13
Nuair a chonaic siad-san a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gnáthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. Dʼaithin siad ansin gur chomrádaithe dʼÍosa ba ea iad.
Explorar Gníomhartha 4:13
6
Gníomhartha 4:32
Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu.
Explorar Gníomhartha 4:32
Início
Bíblia
Planos
Vídeos