Gníomhartha 6
6
An Seachtar Cúntóirí
1San am sin, nuair a bhí líon na ndeisceabal ag méadú, thosaigh na Heilléanaigh ag casaoid ar na hEabhraigh faoi go raibh faillí dá déanamh ina mbaintreacha féin sa fhriotháileamh laethúil. 2Dá chionn sin ghlaoigh an dáréag chucu na deisceabail go léir in éineacht agus labhair leo: “Ní dóigh linn,” ar siad, “go mba cheart dúinne briathar Dé a fhágáil chun dul ag freastal ag boird. 3Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo. 4Agus leanfaimidne den urnaí agus de sheirbhís an bhriathair.”
5Bhí an slua iomlán sásta leis an moladh sin agus roghnaigh siad na daoine seo a leanas: Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, Pilib agus Procaras, Niocanór agus Tiomón, Parmanas agus Nioclás, iompaitheach ó Aintíoch. 6Thug siad i láthair na n-aspal iad, agus tar éis dóibh sin urnaí a dhéanamh leag siad a lámha orthu.
Stiofán dá Ghabháil
agus dá Chúiseamh
7De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méid as cuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh. 8Bhí Stiofán lán de ghrásta agus de chumhacht agus é ag déanamh éachtaí agus míorúiltí taibhseacha i measc an phobail. 9Bhí daoine áirithe de chuid ‘Sionagóg na Saorfhear’ mar a thugtaí uirthi–daoine ó Chíréiné agus ó Chathair Alastair, ón gCilic agus ón Áise, agus thosaigh siad ag argóint le Stiofán 10ach ní raibh ar a gcumas aon cheart a bhaint dá chuid eagna ná den Spiorad lenar labhair sé. 11Faoi dheireadh chuir siad suas daoine áirithe chun a rá gur chuala siad é ag labhairt go maslach faoi Mhaois agus faoi Dhia. 12Ghríosaigh siad an pobal agus na seanóirí agus na scríobhaithe; ansin rith siad faoina dhéin, ghreamaigh eatarthu é agus sheol chun an tsainidrín é.
13Thug siad finnéithe bréige i láthair dá rá: “Ní stadann an duine seo ach ag caint i gcoinne na háite naofa seo agus i gcoinne an dlí. 14Chualamar é dá rá go ndéanfadh an tÍosa Nazórach úd an áit seo a leagan ar lár agus na gnásanna a dʼfhág Maois againn a athrú.” 15Bhí a raibh ina suí sa sainidrín ag faire go dlúth ar Stiofán agus thug siad faoi deara go raibh a ghnúis mar bheadh gnúis aingil.
Atualmente selecionado:
Gníomhartha 6: ABN2012
Destaque
Partilhar
Copiar

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.