Logótipo YouVersion
Ícone de pesquisa

Gníomhartha 14

14
Pól agus Barnabas in Iocóiniam
1Tharla an rud céanna in Iocóiniam: chuaigh siad isteach i sionagóg na nGiúdach agus labhair chomh héifeachtach sin leo gur ghlac cuid mhaith Giúdach agus Gréagach leis an gcreideamh. 2Na Giúdaigh nár ghlac an creideamh, áfach, ghríosaigh siad na págánaigh agus chlaon siad a n-aigne i gcoinne na mbráithre. 3Mar sin féin thug siad tamall maith ann agus iad ag labhairt le lánmhuinín as an Tiarna, agus dheimhnigh seisean scéal a ghrásta leis na héachtaí agus na míorúiltí a dheonaigh sé dóibh a dhéanamh.
4Bhí pobal na cathrach deighilte ina dhá chuid: cuid acu ag taobhú leis na Giúdaigh agus cuid eile ag taobhú leis na haspail. 5Ach nuair a chuir na Giúdaigh agus na págánaigh, mar aon lena lucht ceannais, chun easmailt a thabhairt dóibh agus iad a chlochadh, 6fuair siad sin eolas air agus theith siad go dtí bailte na Liocáóine, go dtí Liostra agus Deirbé agus na críocha máguaird, 7mar ar lean siad leo ag fógairt an dea-scéil.
I Liostra
8Bhí ina shuí i Liostra fear a bhí gan lúth na gcos: bhí sé ina mhairtíneach ó bhroinn a mháthar agus níor shiúil sé riamh. 9Bhí an fear seo ag éisteacht le Pól ag caint, agus nuair a dʼfhéach Pól idir an dá shúil air chonaic sé go raibh creideamh a leigheasta aige, 10agus dúirt sé de ghuth ard: “Éirigh i do sheasamh ar do chosa.” Agus léim sé ina sheasamh agus thosaigh ag siúl. 11Nuair a chonaic na sluaite cad a bhí déanta ag Pól, dʼardaigh siad a nglór, dá rá i dteanga na Liocáóine: “Tá na déithe tagtha anuas inár measc i gcló daoine.” 12Thug siad ‘Séas’ ar Bharnabas, agus toisc gurbh é Pól an príomhchainteoir thug siad ‘Heirméas’ air-sean. 13Agus sagart Shéas, a bhfuil a theampall lasmuigh den bhaile, thug sé féin agus an pobal tairbh agus bláthfhleasca go dtí na geataí dʼfhonn íobairt a dhéanamh. 14Nuair a dʼairigh na haspail, Pól agus Barnabas, é, stróic siad a gcuid éadaigh agus rith siad amach faoi dhéin an tslua agus iad ag liúireach: 15“A fheara,” ar siad, “cad ab áil libh é seo a dhéanamh? Níl ionainne ach daoine daonna cosúil libh féin, agus táimid dá fhógairt mar dhea-scéal daoibh éirí as na nithe baotha seo agus iompú ar an Dia beo a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus gach a bhfuil iontu. 16Sna glúine atá thart lig Dia do na ciníocha a mbealach féin a ghabháil, 17ach níor fhág sé riamh iad gan fianaise air féin; as a rathúnas sheol sé báisteach chugaibh ón spéir agus torthaí i dtráth agus líon bhur gcroí de bhia agus dʼáthas.” 18Ainneoin na cainte sin, ar éigean a mʼéirigh leo na sluaite a chosc ar an íobairt a dhéanamh dóibh.
19Ansin tháinig roinnt Giúdach ó Aintíoch agus ó Iocóiniam, thug siad na sluaite ar a dtaobh agus tar éis dóibh Pól a chlochadh tharraing siad amach as an mbaile é agus iad dá cheapadh go raibh sé marbh. 20Ach nuair a tháinig na deisceabail ina thimpeall, mʼéirigh sé ina sheasamh agus chuaigh ar ais isteach sa chathair. An lá dár gcionn dʼimigh sé féin agus Barnabas leo go Deirbé.
21Tar éis dóibh an dea-scéal a fhógairt sa bhaile sin agus mórán deisceabal a dhéanamh, dʼfhill siad arís ar Liostra agus ina dhiaidh sin ar Iocóiniam agus Aintíoch, 22ag cur misnigh sna deisceabail agus dá spreagadh chun a bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i Ríocht Dé.” 23Thogh siad seanóirí dóibh ar gach eaglais acu agus tar éis urnaithe agus troscadh a dhéanamh chuir siad iad faoi choimirce an Tiarna ina raibh a gcreideamh.
24Shiúil siad an Phisid ar fad nó gur tháinig siad go Paimfilia; 25agus tar éis dóibh an briathar a chraobhscaoileadh i bPeirgé chuaigh siad síos go dtí an Atáil 26agus as sin ar bord loinge go hAintíoch–an áit ar cuireadh faoi choimirce ghrásta Dé iad le haghaidh na hoibre a bhí anois curtha i gcríoch acu. 27Ar theacht dóibh, thionóil siad an Eaglais le chéile, agus dʼeachtraigh dóibh a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo agus mar a dʼoscail sé doras an chreidimh do na págánaigh. 28Thug siad tamall fada ansiúd i bhfochair na ndeisceabal.

Atualmente selecionado:

Gníomhartha 14: ABN2012

Destaque

Partilhar

Copiar

None

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão