Gníomhartha 13
13
Barnabas agus Sól
ag Tosú ar a Misean
1Bhí san Eaglais in Aintíoch na fáithe agus na múinteoirí seo a leanas: Barnabas, Simeon–Simeon Dubh mar a thugtaí air, Lúicias Círéinéach, Manaéan a bhí ina chomhalta ag Héaród, an rí cúige, agus Sól. 2Lá dá raibh siad ag seirbhís don Tiarna agus ag déanamh troscaidh, labhair an Spiorad Naomh: “Cuirigí ar leith dom,” ar seisean, “Barnabas agus Sól chun dul i mbun na hoibre a bhfuil siad glaoite agam ina comhair.” 3Ansin tar éis dóibh troscadh agus urnaí a dhéanamh, leag siad a lámha orthu agus chuir chun siúil iad.
Barnabas agus Sól sa Chipir
4Ghluais siad chun bealaigh faoi threoir an Spioraid Naoimh. Chuaigh siad síos go Seiliúicia agus as sin ar bord loinge go dtí an Chipir. 5Ar shroichint Shalamas dóibh, dʼfhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Bhí Eoin ina chúntóir acu san obair. 6Shiúil siad an t-oileán ar fad chomh fada le Pafas, áit ar casadh orthu Giúdach darbh ainm Bairéasús, fear a bhí ina dhraoi agus a mhaígh gurbh fháidh é féin. 7I gcuideachta Sheirgias Pól próchonsal a bhíodh sé. Fear saoithiúil ba ea eisean agus ghlaoigh sé chuige Barnabas agus Sól mar bhí fonn air briathar Dé a chloisteáil. 8Ach chuir Eilimeas draoi–is ionann a ainm ‘Eilimeas’ agus draoi–ina gcoinne dʼfhonn an próchonsal a choimeád ón gcreideamh. 9Ach bhí Sól–is é sin Pól–lán den Spiorad Naomh agus dʼfhéach idir an dá shúil air: 10“A dhuine atá lán den uile chealg is ghliceas,” ar seisean, “a mhac an diabhail agus a namhaid na huile chóra, nach stadfá de bheith ag camadh shlite díreacha an Tiarna? 11Féach, tá lámh an Tiarna anois ort: beidh tú dall agus ní fheicfidh tú an ghrian go dtí an uair atá ceaptha aige.” Ar an mball tháinig scamall dorcha anuas air agus thosaigh sé ag dul timpeall ag lorg daoine a dhéanfadh giollaíocht air. 12Nuair a chonaic an próchonsal an ní a tharla, tháinig alltacht air faoi theagasc an Tiarna agus chreid sé.
Pól agus Barnabas
in Aintíoch na Piside
13Chuaigh Pól agus a bhuíon chun farraige ó Phafas agus tháinig siad go Peirgé i bPaimfilia. Dʼfhág Eoin ansin iad agus chuaigh ar ais go hIarúsailéim. 14Lean siad-san orthu nó gur tháinig siad go dtí Aintíoch na Piside. Chuaigh siad isteach sa tsionagóg lá na sabóide agus shuigh siad fúthu. 15Nuair a bhí léamh an dlí agus na bhfáithe i leataobh, chuir uachtaráin na sionagóige teachtaireacht chucu dá rá: “Má tá aon fhocal spreagtha agaibh don phobal, a bhráithre, abraigí é.”
16Dʼéirigh Pól ina sheasamh, thug comhartha láimhe dóibh agus thosaigh ag caint: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “agus sibh-se a bhfuil ómós agaibh do Dhia, éistigí liom. 17Dia an phobail seo Iosrael, rinne sé ár n-aithreacha a thoghadh; agus fad a bhí siad ina gcoimhthígh san Éigipt rinne sé pobal mór díobh. Ansin sheol amach as sin iad le neart a láimhe 18agus sholáthair sé dóibh ar feadh daichead bliain sa bhfhásach. 19Agus tar éis dó seacht dtreibh i gCanán a dhíothú thug sé seilbh na tíre dóibh ar feadh timpeall ceithre chéad caoga bliain. 20Ansin thug sé breithiúna dóibh go dtí aimsir Shamúéil fáidh.
21“Ina dhiaidh sin dʼiarr siad rí a bheith orthu, agus thug Dia Sól mac Chís, fear de threibh Bhiniáimin, dóibh mar rí go ceann daichead bliain. 22Chuir sé as oifig ansin é agus dʼardaigh rí dóibh, Dáiví, an fear ar dhearbhaigh sé ina thaobh dá rá: ‘Is é mʼaithne ar Dháiví mac Ieise, gur fear de réir mo chroí féin é, fear a dhéanfaidh gach ní is toil liom.’ 23Is dá shliocht siúd a thóg Dia slánaitheoir dʼIosrael de réir mar a bhí geallta aige–is é sin Íosa. 24Roimh theacht dó sin bhí Eoin tar éis baisteadh chun aithrí a fhógairt do phobal uile Iosrael, 25agus nuair a bhí Eoin ag teacht go deireadh a chúrsa, is é a dúirt sé: ‘Ní mise an té is dóigh libh-se is mé, mar tá duine le teacht i mo dhiaidhse agus ní fiú mise go scaoilfinn a bhróga.’ 26A bhráithre liom, a shliocht Abrahám agus a mhuintir in bhur measc a bhfuil ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an teachtaireacht shlánaitheach seo. 27Níor aithin muintir Iarúsailéim ná a gcuid uachtarán Íosa, ach nuair a dhaor siad é, is amhlaidh a chuir siad i gcríoch ráite úd na bhfáithe a bhíodh dá léamh dóibh gach lá sabóide. 28Cé nach bhfuair siad aon chúis bháis ann dʼiarr siad ar Phíoláit é a chur den saol. 29Agus nuair a bhí gach ní dá raibh scríofa ina thaobh comhlíonta acu thóg siad anuas den chrann é agus shín i dtuama é. 30Ach thóg Dia ó mhairbh é 31agus ar feadh mórán laethanta chonacthas é dóibh sin a tháinig aníos leis ón nGailíl go hIarúsailéim agus is finnéithe anois iad air os comhair an phobail. 32Agus seo é an dea-scéal atá le fógairt againne daoibh: an gealltanas úd a rinneadh dár sinsir, 33go bhfuil Dia tar éis é a chomh-líonadh dúinne, dá sliocht, trí Íosa a thógáil ó mhairbh, de réir mar atá scríofa sa dara salm: ‘Is tusa mo mhac. Inniu féin a ghin mé thú.’ 34Agus i dtaobh é a thógáil ó mhairbh gan aon mheathlú a theacht air go deo, is é atá ráite aige: ‘Tabharfaidh mé daoibh na beannachtaí naofa a gealladh do Dháiví.’ 35Agus deir sé áit eile: ‘Ní ligfidh mé do do shearbhónta naofa an meathlú a fhulaingt.’ 36Mar nuair a bhí comhairle Dé curtha i gcríoch ag Dáiví i gcaitheamh a shaoil, fuair sé bás agus adhlacadh é taobh lena shinsir agus dʼimigh meathlú air. 37Ach an té a thóg Dia ó mhairbh níor imigh aon mheathlú air. 38Bíodh a fhios agaibh, dá bhrí sin, a bhráithre, gurb é maithiúnas na bpeacaí trídsean a fhógraítear daoibh, 39agus gur trídsean a shaortar gach creidmheach ar na nithe uile nár fhéad dlí Mhaois é a shaoradh orthu. 40Bígí ar bhur n-aire, dá bhrí sin, le heagla go dtiocfaidh oraibh an ní atá luaite ag na fáithe:
41‘Breathnaígí, a lucht na tarcaisne,
Glacaigí alltacht agus ceiliúraigí.
Mar tá obair le déanamh agam-sa le bhur linn,
obair nach gcreidfeadh sibh dá n-inseofaí daoibh é.’”
42Ag fágáil dóibh, dʼimpigh siad orthu labhairt ar an téama céanna an tsabóid dár gcionn. 43Agus nuair a scoir an comh-thionól, bhí cuid mhaith de na Giúdaigh agus de na hiompaithigh dhiaganta a lean Pól agus Barnabas. Ina gcomhrá leo mhol Pól agus Barnabas dóibh a bheith buanseasmhach i ngrásta Dé.
Pól ag Iompú chuig na Págánaigh
44An tsabóid dár gcionn tháinig an chathair ar fad beagnach le chéile ag éisteacht le briathar Dé. 45Nuair a chonaic na Giúdaigh na sluaite daoine, bhí siad lán dʼfhormad agus bhréagnaigh siad go tarcaisniúil gach a raibh dá rá ag Pól. 46Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamh-bhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach. 47Mar sin é an t-ordú atá faighte ón Tiarna againn:
‘Tá tú ceaptha agam le bheith i do sholas do na náisiúin,
ionas go mbeidh tú i dʼábhar slánaithe go himeall an domhain.’”
48Bhí áthas ar na págánaigh an méid sin a chloisteáil agus bhí ardmholadh acu ar bhriathar an Tiarna; agus an méid acu a bhí réamhcheaptha don bheatha shíoraí, ghlac siad an creideamh, 49agus bhí briathar Dé dá fhógairt go forleathan ar fud na tíre go léir.
50Ach rinne na Giúdaigh séideadh faoi mhná uaisle diaganta na cathrach agus faoi na cinn urra, thosaigh siad ar ghéarleanúint a dhéanamh ar Phól agus ar Bharnabas agus thiomáin amach as an dúiche iad. 51Chroith siad-san an deannach dá gcosa orthu agus as go brách leo go hIocóiniam. 52Agus bhí na deisceabail lán dʼáthas agus den Spiorad Naomh.
Atualmente selecionado:
Gníomhartha 13: ABN2012
Destaque
Partilhar
Copiar

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.