Logótipo YouVersion
Ícone de pesquisa

Gníomhartha 15

15
Comh-chomhairle Iarúsailéim
1Tháinig daoine anuas ó Iúdáia agus thosaigh siad ag teagasc na mbráithre: “Mura ndéantar sibh a thimpeallghearradh de réir ghnás Mhaois,” ar siad, “ní féidir bhur slánú.” 2Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go hIarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo. 3Rinne an Eaglais iad a thionlacan chun bealaigh, agus ag gabháil dóibh tríd an bhFéiníc agus tríd an tSamáir, dʼaithris siad dóibh mar a bhí na págánaigh ag iompú chun Dé, scéal a chuir ardáthas ar na bráithre go léir. 4Agus nuair a tháinig siad go hIarúsailéim, chuir an Eaglais agus na haspail agus na seanóirí fáilte rompu, agus dʼeachtraigh siad-san dóibh a mhéad a bhí déanta ag Dia tríothu. 5Ach mʼéirigh creidmhigh áirithe a bhain le haicme na bhFairisíneach agus dúirt siad nárbh fholáir na págánaigh a thimpeallghearradh agus a fhógairt orthu dlí Mhaois a choimeád. 6Tháinig na haspail agus na seanóirí i gceann a chéile chun an cheist seo a bhreithniú. 7Tar éis conspóide fada mʼéirigh Peadar ina sheasamh agus labhair sé leo: “A bhráithre,” ar seisean, “tá a fhios agaibh féin go ndearna Dia rogha eadrainn i bhfad ó shin gur ó mo bhéal-sa a chloisfeadh na págánaigh teachtaireacht an dea-scéil agus go gcreidfidís ann. 8Agus an Dia a léann croí an duine chuaigh sé i mbannaí ar na págánaigh nuair a bhronn sé orthu an Spiorad Naomh faoi mar a bhronn sé orainne é. 9Ní dhearna sé dealú ar bith idir sinne agus iad ach a gcroí a ghlanadh de bharr a gcreidimh. 10Más ea, cad ab áil libh-se a bheith ag tabhairt dúshláin faoi Dhia anois agus cuing a chur ar mhuineál na ndeisceabal nár fhéadamar féin ná ár sinsir a iompar? 11Ní hea go deimhin mar go gcreidimid gur trí ghrásta an Tiarna Íosa atá slánú le fáil againn agus acu sin mar an gcéanna.”
12Dʼfhan an slua go léir ina dtost, agus mʼéist siad le Barnabas agus le Pól ag cur síos ar na míorúiltí agus ar na héachtaí a bhí déanta tríothu ag Dia i measc na bpágánach. 13Agus nuair a bhí deireadh ráite acu dʼfhreagair Séamas agus dúirt: “A bhráithre, éistigí liom-sa. 14Dʼaithris Síomón daoibh mar a dheonaigh Dia den chéad uair pobal a bhailiú dó féin i measc na bpágánach. 15Is beart é sin a thagann le briathra na bhfáithe mar atá scríofa:
16‘Tiocfaidh mé ar ais ina dhiaidh sin,
agus atógfaidh mé both Dháiví atá ar lár.
Deiseoidh mé a fothracha
agus cuirfidh mé ina seasamh arís í.
17Ansin beidh na daoine eile go léir ag lorg an Tiarna
agus na náisiúin uile arb é mʼainm-se atá orthu.
18Is é an Tiarna atá dá rá seo agus tá eolas orthu le fada an lá.’
19“Is é mo bhreithiúnas-sa, dá bhrí sin, gan aon chur isteach a dhéanamh ar na págánaigh atá ag iompú chun Dé 20ach litir a chur chucu a rá leo staonadh ón mbia a thruaillítear ag na híola, agus ón bpósadh coil agus ó fheoil na n-ainmhithe a tachtadh agus ón bhfuil. 21Mar tá Maois dá léamh sna sionagóga gach lá sabóide agus níl cathair nach bhfuil lucht a fhógartha inti leis na cianta.”
22Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ard-chéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí ‘Barsabas’ agus Síleas. 23Thug siad dóibh an litir: “Beatha agus sláinte ó na bráithre idir aspail agus sheanóirí, chun na mbráithre de bhunadh págánach atá in Aintíoch agus sa tSiria agus sa gCilic. 24Is clos dúinn go ndeachaigh daoine áirithe dár muintirne amach chugaibh agus go ndearna siad sibh a bhuaireamh agus bhur n-aigne a shuaitheadh lena gcuid teagaisc agus gan aon údarás acu uainne. 25Bheartaíomar dá bhrí sin nár mhiste dúinn teacht le chéile agus teachtaí a thoghadh agus iad a chur chugaibh in éineacht lenár mbráithre ionúine Pól agus Barnabas, 26beirt a bhfuil a n-anam curtha sa bhfiontar acu ar son ainm ár dTiarna Íosa Críost. 27Dá réir sin táimid ag seoladh Iúdáis agus Shíleas chugaibh agus tabharfaidh siad-san an tuairisc chéanna ó bhéal daoibh. 28Tá beartaithe ag an Spiorad Naomh agus againn féin gan aon ualach breise a leagan oraibh ach an méid seo atá riachtanach: 29sibh a staonadh ó nithe íobartha agus ó fhuil agus nithe tachta agus ón bposadh coil. Má staonann sibh ó na nithe seo, beidh an ceart dá dhéanamh agaibh. Slán agaibh.”
30Scaoileadh na toscairí chun siúil agus síos leo go hAintíoch mar ar bhailigh siad an pobal le chéile agus thug dóibh an litir. 31Agus is orthu a bhí an t-áthas agus an sólás nuair a léigh siad í. 32Fáithe ba ea Iúdás agus Síleas, agus labhair siad ar feadh i bhfad leis na bráithre agus thug spreagadh agus misneach dóibh. 33Tar éis dóibh tamall maith a thabhairt ann chuir na bráithre slán leo ar ais chucu siúd a chuir amach iad. 34Bheartaigh Síleas fanacht ansiúd, ach dʼimigh Iúdás leis féin.
Scaradh na gCompánach
35Dʼfhan Pól agus Barnabas in Aintíoch, áfach, agus lean siad i dteannta a lán eile ag múineadh agus ag craobhscaoileadh scéal an Tiarna. 36Tamall ina dhiaidh sin dúirt Pól le Barnabas: “Téimis ar ais ag fiosrú na mbráithre i ngach cathair inar chraobhscaoileamar scéal an Tiarna, féachaint conas atá acu.” 37Ba mhian le Barnabas Eoin dá ngoirtí ‘Marcas’ a thabhairt leo freisin, 38ach bhí Pól dá éileamh gan an fear seo, a thréig iad i bPaimfilia in ionad dul i mbun oibre leo, a thabhairt leo mar chompánach. 39Tharla aighneas eatarthu agus scar siad le chéile: thug Barnabas Marcas leis agus chuaigh ar bord loinge go dtí an Chipir; 40thogh Pól Síleas agus, tar éis do na bráithre é a chur faoi choimirce ghrásta an Tiarna, dʼimigh sé leis. 41Shiúil sé an tSiria agus an Chilic, ag treisiú leis na heaglaisí.

Atualmente selecionado:

Gníomhartha 15: ABN2012

Destaque

Partilhar

Copiar

None

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão