Gníoṁarṫa 4
4
Caibidil IV
Beirtear ar Ṗeadar agus Eoin. A mbuantseasṁaċt. An Eaglais ag dul i méid.
1Agus le linn dóiḃ a ḃeiṫ ag laḃairt leis na daoine, ṫáinic na sagairt, agus oificeaċ an teampaill, agus na Sadducaiġ orṫa,
2Agus iad mí-ṡásta as siocair go raiḃ siad ag teagasc na ndaoine, agus ag fuagraḋ i n-Íosa na h-eiséirġe ó ṁarḃaiḃ:
3Agus fuair siad greim orṫa, agus ċuir siad i bpríosún iad go dtí an lá ar n-a ḃáraċ: óir ḃí sé anois ina ṫráṫnóna.
4Agus ċreid mórán acu sin a ċuala an briaṫar: agus ċuaiḋ lion na ḃfear go cúig ṁíle.
5Agus lá ar n-a ḃáraċ ṫárla go dtáinic i gcionn a ċéile i n-Ierusalem, a n-uaċtaráin, agus a seanóirí, agus a Scríoḃaiḋṫe:
6Agus Annas, an t-árdṡagart, agus Caiṗas, agus Eoin, agus Alastar, agus an méid a ḃí de ċineaḋ na sagart.
7Agus ġá gcur i lár báire dóiḃ, d’ḟiafruiġ siad: Cad é an t-uġdarás, agus cad é an t-ainm tré n-a ndearna siḃ-se seo?
8Annsin duḃairt Peadar leo, agus é lán de’n Spiorad Naoṁ: A uaċtarána an ṗobail, agus a ṡeanóirí, éistigiḋ:
9Má támuid dár gceistiuġaḋ indiu fá ġar ar ḋuine easlán, cad é mar rinneaḋ slán é,
10Bíoḋ a ḟios agaiḃ uilig, agus ag pobal Israéil uilig, gur tré ainm ár dTiġearna Íosa Críost as Nasair, an té a ċéas siḃ-se, agus a ṫóg Dia ó ṁarḃaiḃ, is tríd-sean atá sé seo ina ṡeasaṁ slán ós ḃur gcóṁair.
11Is í seo an ċloċ dár ḋiúltuiġ siḃ-se, na saoir, agus a ndearnaḋ ceann coirnéil dí:#Sailm 117, 22; Isaias 28, 16; Mait. 21, 42; Marc. 12, 10; Lúc. 20, 17; Róṁ. 9, 32; 1 Pead. 2, 7.
12Ná ní ḟuil slánuġaḋ i neaċ ar biṫ eile. Óir ní ḟuil ainm ar biṫ eile faoi neaṁ tugṫa do ḋaoine, le n-ar éigean sinn a ṡlánuġaḋ.
13Agus nuair ba léir dóiḃ buantseasṁaċt Ṗeadair agus Eoin, agus fios acu gur ḋaoine gan léiġeann, gan eolas, iad, ḃí iongantas orṫa, agus ḃí a ḟios acu go raiḃ siad i ḃfoċair Íosa:
14Agus mar go ḃfaca siad an duine a leiġeasaḋ ina ṡeasaṁ fosta ina gcuideaċta, ní ṫáinic leo aon níḋ a ráḋ ina n-aġaiḋ.
15Aċt d’órduiġ siad dóiḃ dul i leaṫ taoiḃ amaċ as an ċóṁairle: agus ċuaiḋ siad a ċóṁráḋ eatorṫa féin,
16Ag ráḋ: Cad é ḋéanfamuid leis na daoine seo? Óir gan aṁras tá míorḃail déanta acu, arab eol dá ḃfuil ina gcóṁnaiḋe i n-Ierusalem í: tá sí soiléir, agus ní ṫig linn a séanaḋ.
17Aċt ċun naċ dtéiġiḋ an scéal níos fuide imeasc na ndaoine, bagramaois orṫa gan laḃairt feasta san ainm seo le duine ar biṫ.
18Agus ar a ngairm ċuca dóiḃ, ċros siad orṫa laḃairt ar ċor ar biṫ, ná teagasc a ṫaḃairt i n-ainm Íosa.
19Aċt duḃairt Peadar agus Eoin leo, ġá ḃfreagairt: Meas-aigiḋ féin, cé acu is córa i ḃfiaḋnaise Dé éisteaċt liḃ-se ná le Dia.
20Óir ní féidir dúinn gan tráċt ar na neiṫe a ċonnacamar agus a ċualamar.
21Aċt i ndiaiḋ bagairt a ḋéanaṁ, leig siad ar ṡiuḃal iad: mar naċ ḃfuair siad sliġe ċun pionós a ċur orṫa mar ġeall ar an ṗobal, óir ḃí gaċ aoinneaċ ag molaḋ an níḋ a rinneaḋ san níḋ a ṫárla.
22Óir ḃí an duine, a ndearnaḋ an ṁíorḃail leiġis úd air, ós cionn ḋaiċead bliaḋan d’aois.
23Agus nuair a leigeaḋ saor iad, ṫáinic siad ċuig a gcomrádaiḋṫe: agus d’innis siad dóiḃ gaċ níḋ dár ḋuḃairt uaċtaráin na sagart agus na seanóirí leo.
24Agus nuair a ċuala siad-san sin, ṫóg siad a nguṫ d’aon toil ċun Dé, agus duḃairt: A Ṫiġearna, is tusa an té a rinne neaṁ, agus an talaṁ, agus an ḟairrge, agus gaċ níḋ dá ḃfuil ionnta:
25Agus tríd an Spiorad Naoṁ tré ḃéal ár n-aṫar Dáiḃiḋ, do ṡeirḃíseaċ, duḃairt tú:#Sailm 2, 1. Cad ċuige a raiḃ confaḋ ar na ciniḋeaċa, agus smaointe díoṁaoine ag na daoine?
26D’éiriġ ríġṫe an doṁain ina seasaṁ, agus ċruinniġ na prionnsaí le ċéile i n-aġaiḋ an Tiġearna, agus i n-aġaiḋ a Ċríost.
27Óir go dearḃṫa ṫáinic Ioruaḋ, agus Point Pioláit mar aon leis na Ciniḋeaċa, agus le pobal Israéil, i gcionn a ċéile san ċaṫair seo, i n-aġaiḋ do Ṁic naoṁṫa Íosa, a ndearna tú a ungaḋ,
28Go ndéanaḋ siad na neiṫe ar órduiġ do láṁ agus do ċóṁairle a ndéanaṁ.
29Agus anois, a Ṫiġearna, dearc ar a gcuid bagar, agus taḃair; do do ṡeirḃísiġ do ḃriaṫar a laḃairt maille leis an uile ṁisneaċ,
30Tré ṡíneaḋ do láiṁe amaċ le leiġiṡ, agus míorḃailte, agus iongantaisí a ḋéanaṁ tré ainm do Ṁic naoṁṫa Íosa.
31Agus nuair a ḃí an urnaiġe déanta acu, craiṫeaḋ an áit ina raiḃ siad bailiġṫe: agus líonaḋ leis an Spiorad Naoṁ iad uilig, agus laḃair siad ḃriaṫar Dé le misneaċ.
32Agus ḃí an sluaġ a ċreid ar aon ċroiḋe agus ar aon anam: agus ní abraḋ aoinneaċ acu gur leis féin rud ar bit dá mbíoḋ ina ṡeilḃ, aċt ḃíoḋ na h-uile neiṫe i gcóṁar acu.
33Agus ḃeireaḋ na h-Abstail fiaḋnaise ar eiséirġe Íosa Críost, ár dTiġearna, le cuṁaċt ṁóir: agus ḃí grásta mór ionnta uilig.
34Óir ní raiḃ duine ar biṫ ar an ġannċuid ina measc aċt a oiread. Óir an méid a mbíoḋ talta, nó tiġṫe, ina seilḃ, ḋíolaḋ siad agus ḃeireaḋ leo luaċ na neiṫe a ḋíolaḋ siad,
35Agus ċuireaḋ siad ag cosa na n-Abstal é. Agus roinntí le gaċ aoinneaċ do réir mar ḃíoḋ riaċtanas air.
36Agus Ióseṗ, leiḃíteaċ a rugaḋ san Ċufair, a dtug na h-Abstail Barnabas mar ċóṁainm air, (is é sin, ar a ṁíniuġaḋ, Mac ṡóláis)
37Ó ḃí talaṁ aige, ḋíol sé é, agus ṫug leis a luaċ, agus d’ḟág ag cosa na n-Abstal é.
Markert nå:
Gníoṁarṫa 4: ASN1943G
Marker
Del
Kopier
Vil du ha høydepunktene lagret på alle enhetene dine? Registrer deg eller logg på
rights held by the Bible Society in Northern Ireland