Gníoṁarṫa 3
3
Caibidil III
Leiġeastar an bacaċ, agus, dá ṫairḃe sin, tionntuiġeann mórán, ċun creidiṁ.
1Agus ċuaiḋ Peadar agus Eoin suas ċun an teampaill ag am urnaiġe na naoṁaḋ h-uaire.
2Agus ḃí fear áiriṫe, a ḃí ina ṁáirtíneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, dá iomcar: agus ċuireaḋ siad gaċ lá é ag an ġeafta sin an teampaill, dá ngoirtear Áluinn, ċun go n-iarraḋ sé déirc uaṫa sin a ṫéiġeaḋ isteaċ san teampall.
3Agus nuair a ċonnaic sé seo Peadar agus Eoin ar tí a ḋul isteaċ san teampall, d’iarr sé déirc d’ḟaġáil.
4Ag dearcaḋ do Ṗeadar i n-aoinḟeaċt le h-Eoin air, duḃairt sé: Aṁarc orainn.
5Agus ḋearc seisean orṫa, ag dréim go ḃfuiġeaḋ sé rud éigin uaṫa.
6Aċt duḃairt Peadar: Ní ḟuil airgead ná ór agam: aċt an níḋ atá agam, ḃeirim duit é: I n-ainm Íosa Críost as Nasair, éiriġ, agus siuḃal.
7Agus ag breiṫ greim láiṁe deise air dó, ṫóg sé suas é, agus ar an ḃomaite neartuiġeaḋ a ċosa, agus a ḃonnaí.
8Agus ag taḃairt léime ina ṡuiḋe dó, ṡeasuiġ sé, agus ṡiuḃal sé: agus ċuaiḋ sé isteaċ leo san teampall, ag ṡiuḃal, agus ag léimniġ, agus ag molaḋ Dé.
9Agus ċonnaic na daoine uilig é ag siuḃal, agus ag molaḋ Dé.
10Agus d’aiṫin siad é, gurḃ é a ḃíoḋ ina ṡuiḋe ag iarraiḋ déirce ag geafta Áluinn an teampaill: agus líonaḋ le h-uaṫḃás agus iongantas iad fá’n níḋ a ṫárla dó.
11Agus nuair a ḃí sé ag congḃáil greama ar Ṗeadar agus ar Eoin, riṫ na daoine uilig ċuca go dtí an póirse, dá ngoirtear póirse Ṡalomon, agus iad ag déanaṁ iongantais.
12Agus ġá ḟeiceáil sin do Ṗeadar, d’ḟreagair sé na daoine: A ḟeara Israéil, cad ċuige a ndéan siḃ iongantas de seo, nó cad ċuige a stánann siḃ orainne, aṁail agus dá mba le n-ár gcuṁaċt nó le n-ár neart féin a ṫugamar ar an duine seo siuḃal?
13Ṫug Dia Abrahaim, agus Dia Isaaic, agus Dia lacóib, agus Dia ár n-aiṫreaċ, glóir dá Ṁac Íosa, a ndearna siḃ-se a ṫaḃairt suas, agus a ṡéanaḋ ós cóṁair Ṗioláit, nuair a ṫug seisean a ḃreiṫ gur ċóir é leigin saor.
14Aċt ṡéan siḃ-se an Neaċ Naoṁṫa Cóir, agus d’iarr siḃ fear a ḃí ina ḋúnṁarḃṫóir a ṫaḃairt díḃ:#Mait. 27, 10; Marc. 15, 11; Lúc. 23, 18; Eoin 18, 40.
15Aċt ṁarḃ siḃ uġdar na beaṫa, agus ṫóg Dia ó ṁarḃaiḃ arís é, rud ar a ḃfuil sinne i n-ár ḃfiaḋnaisiġ.
16Agus tré ċreideaṁ a ainme-sean, neartuiġ a ainm an té seo a ċonnaic siḃ, agus a raiḃ aiṫne agaiḃ air: agus an creideaṁ atá tríd-sean, ṫug sé an tsláinte iomlán seo i ḃur ḃfiaḋnaise go léir.
17Agus anois, a ḃráiṫre, tá a ḟios agam gur tré ḋíoġḃáil feasa a rinne siḃ é, agus ḃur n-uaċtaráin mar an gcéadna.
18Aċt is aṁlaiḋ a ċóiṁlíon Dia na neiṫe a d’ḟoillsiġ sé roiṁ ré tré ḃéal na ḃfáiḋ go léir, go ḃfulaingeoċaḋ a Ċríost.
19Ar an aḋḃar sin, déanaigiḋ aiṫriġe, agus tionntuiġigiḋ, ċun go scriostar amaċ ḃur bpeacaiḋe:
20Agus, nuair a ṫiocfas aimsir ḟaoisiṁ ó láṫair an Tiġearna, go gcuiriḋ sé ċugaiḃ Íosa Críost, an té a fuagraḋ diḃ,
21Agus a gcaiṫfiḋ neaṁ a ġaḃáil ċuice leoga, go dtí an t-am nuair a ḋéanfar na h-uile neiṫe d’aṫnuaḋaḋ, mar a duḃáirt Dia tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa ó ṫús an tsaoġail.
22Óir duḃairt Maoise:#Deut. 18, 15. Tógfaiḋ bur dTiġearna Dia suas fáiḋ de ḃur mbráiṫre díḃ, mar mise: éistfiḋ siḃ leis-sean i ngaċ uile níḋ dá laḃarfaiḋ sé liḃ.
23Agus tiocfaiḋ sé ċun críċe, go scriosfar amaċ as an ṗobal, cibé ar biṫ anam naċ n-éistfiḋ leis an ḟáiḋ sin.
24Agus na fáiḋe uilig ó Ṡamuel, agus ina ḋiaiḋ sin, dár laḃair, d’innis siad fá na laeṫe seo.
25Is siḃ-se clann na ḃfáiḋ agus na tiomna a rinne Dia dár n-aiṫreaċa, ag ráḋ le h-Abraham: Agus i do ṡíol-sa beannóċar teaġlaiġ an doṁain go léir.#Gein. 12, 3.
26Agus ar ṫógáil suas a Ṁic do Ḋia, ċuir sé ċugaiḃ-se ar dtús é le siḃ a ḃeannuġaḋ: ċun go dtionntuiġeaḋ gaċ aoinneaċ é féin ó n-a urċóid.
Markert nå:
Gníoṁarṫa 3: ASN1943G
Marker
Del
Kopier
Vil du ha høydepunktene lagret på alle enhetene dine? Registrer deg eller logg på
rights held by the Bible Society in Northern Ireland