Gníoṁarṫa 5
5
Caibidil V.
Breiṫeaṁnas Dé ar Ananías agus ar Ṡaṗíra. Cuirtear na h-Abstail isteaċ i bpríosún.
1Aċt ḋíol fear áiriṫe darḃ ainm Ananías, mar aon le n-a ṁnaoi Saṗíra, talaṁ,
2Agus d’imir sé feall fá luaċ an talaiṁ, agus a ḟios sin ag a ṁnaoi: agus ar ṫaḃairt ċoda de leis, d’ḟág sé ag cosa na n-Abstal é.
3Aċt duḃairt Peadar: A Ananíais, cad ċuige ar ċuir. Satan caṫuġaḋ ar do ċroiḋe, le bréag a ḋéanaṁ leis an Spiorad Naoṁ, agus feall d’imirt fá luaċ an talaiṁ?
4An é nárḃ leat féin é, nuair a ḃí sé i do ṡeilḃ, agus nuair a ḃí sé díolta, naċ raiḃ sé i do ċuṁaċt? Cad ċuige ar smaoin tú ar an níḋ seo i do ċroiḋe? Ní le daoine a rinne tú bréag, aċt le Dia.
5Agus ar ċluinstin na ḃfocal sin do Ananías, ṫuit sé agus ṡíolṫuiġ sé. Agus ṫáinic eagla ṁór ar gaċ aoinneaċ dár ċuala.
6Agus d’éiriġ na fir óga gur ṫóg siad ar ṡiuḃal é, agus nuair a d’iomċar siad amaċ é, ċuir siad é.
7Agus nuair a ċuaiḋ tuairim ar ṡeal ṫrí n-uair ṫart, ṫáinic a ḃean isteaċ, agus gan fios aice ar an rud a ṫárla.
8Agus duḃairt Peadar léi: Innis daṁ, a ḃean, an ar an oiread seo a ḋíol siḃ an talaṁ? Agus duḃairt sise: Seaḋ, ar an oiread sin.
9Agus duḃairt Peadar léi: Cad ċuige ar ṡocruiġ siḃ eadraiḃ féaċáil a ċur ar Spiorad an Tiġearna? Féaċ, tá cosa na ndaoine a rinne d’ḟear a aḋlacaḋ ag an doras, agus ḃéarfaiḋ siad amaċ ṫusa.
10Ar an ḃomaite ṫuit sí ag a ċosa, agus ṡíolṫuiġ sí. Agus ag teaċt isteaċ do na fir óga, fuair siad marḃ í: agus d’iomċar siad amaċ, agus ċuir i n-aice a fir í.
11Agus ṫáinic eagla ṁór ar an eaglais go léir, agus ar gaċ aoinneaċ dár ċuala na neiṫe seo.
12Agus is iomḋa míorḃail agus iongantas a rinneaḋ tré láṁa na n-Abstal imease na ndaoine. Agus ḃíoḋ siad uilig d’aon toil i bpóirse Ṡalomoin.
13Aċt ní raiḃ sé de ḋánaċt i nduine ar biṫ de’n ṁuinntir eile dul ina gcuideaċta: aċt ṫug an pobal árdṁolaḋ dóiḃ.
14Agus ċuaiḋ líon na ḃfear agus na mban a ċreid san Tiġearna ní ba ṁó i méid.
15San ċruṫ go dtaḃaraḋ siad na h-easláin amaċ ar na sráid-eaċa, agus go gċuireaḋ siad ar leapaċa agus ar ṡráideogaí iad, ionnas, ar ṫeaċt do Ṗeadar, go dtigeaḋ a scáile ar a laiġead ar ḋuine acu, agus go saorṫaí ó n-a n-éagcruaḋais iad.
16Agus ċruinniġeaḋ mórán go h-Ierusalem fosta as caṫraċa na coṁarsanaċta, agus iad ag iomċar daoine breoiḋte, agus daoine a ḃíoḋ dá gcráḋaḋ ag spioraid neaṁġlana: agus leiġeastaí iad uilig.
17Agus ag éirġe suas do uaċtarán na sagart, agus dá raiḃ ina ċuideaċta, (mar atá éirse na Sadducaċ) líonaḋ le h-éad iad:
18Agus fuair siad greim ar na h-Abstail, agus ċuir siad san ṗríosún ċoitċeann iad.
19Aċt d’ḟoscail aingeal leis an Tiġearna doirse an ṗríosúin san oiḋċe, agus ġá dtreoruġaḋ amaċ dó, duḃairt sé:
20Imṫiġigiḋ, agus i bur seasaṁ san teampall díḃ, laḃairigiḋ briaṫra uile na beaṫa seo leis na daoine.
21Ar a ċluinstin sin dóiḃ, ċuaiḋ siad isteaċ san teampall go luaṫ ar maidin, agus ṫug siad teagasc. Agus ar ṫeaċt do uaċtarán na sagart, agus do’n méid a ḃí ina ċuideaċta, ċruinniġ siad an ċóṁairle, agus seanóirí ċlann Israéil uilig i gcionn a ċéile: agus ċuir siad go dtí an príosún le h-iad a ṫaḃairt i láṫair.
22Aċt nuair a ṫáinic na seirḃísiġ, agus d’ḟoscail siad an príosún, ní ḟuair siad annsin iad, agus ṗill siad gur innis sin,
23Ag ráḋ: Fuaireamar an príosún druidṫe gan aṁras leis an uile ċúram, agus na gárdaí ina seasaṁ roiṁ na doirse: aċt ar ḟosclaḋ dúinn, ní ḟuaireamar aon duine istiġ.
24Agus nuair a ċuala oificeaċ an teampaill agus uaċtaráin na sagart na briaṫra sin, ḃí aṁras orṫa fá dtaoiḃ díoḃ, cad é ṫárla.
25Aċt ṫáinic duine áiriṫe agus ṫug scéala dóiḃ: Féaċ, na fir a ċuir siḃ san ṗríosún, tá siad ina seasaṁ san teampall, agus iad ag teagasc na ndaoine.
26Annsin d’imṫiġ an t-oificeaċ mar aon leis na seirḃísiġ, agus ṫug sé leis iad gan foiréigean: óir ḃí eagla orṫa roiṁ na daoine go ngaḃfaidís do ċloċa ionnta.
27Agus nuair a ṫug siad leo iad, ċuir siad i láṫair na cóṁairle iad. Agus d’ḟiafruiġ uaċtarán na sagart díoḃ,
28Ag ráḋ: An é nár ċrosamar fá aiṫne oraiḃ gan teagasc a ṫaḃairt san ainm sin: Agus féaċ, líon siḃ Ierusalem le ḃur dteagasc: agus is mian liḃ fuil an duine seo a ṫarraingt orainn.
29Agus d’ḟreagair Peadar, agus na h-Abstail, agus duḃairt: Is mó is éigean ḃeiṫ uṁal do Ḋia ná do ḋaoine.
30Ṫóg Dia ár n-aiṫreaċ suas Íosa a ṁarḃ siḃ-se, ġá ċroċaḋ díḃ ar ċrann.
31Is é seo a d’árduiġ Dia le n-a láiṁ ḋeis ina ṗrionnsa agus ina ṡlánuiġṫeoir le h-aiṫriġe agus maiṫeaṁnas peacaiḋe a ṫaḃairt do Israél.
32Agus is fiaḋnaisiġ ar na neiṫe sin sinne, agus an Spiorad Naoṁ a ṫug Dia do gaċ aoinneaċ dá raiḃ uṁal dó.
33Nuair a ċuala siad na neiṫé sin, ċuaiḋ deann fríoṫa, agus ḃí sé ar intinn acu iad a ṁarḃaḋ.
34Aċt d’éiriġ ina ṡeasaṁ san ċóṁairle Fairisíneaċ áiriṫe, darḃ ainm Gamaliel, doctúir dliġe a raiḃ meas ag an ṗobal go léir air, agus d’órduiġ sé na fir a ċur amaċ ar feaḋ tamaill ḃig,
35Agus duḃairt sé leo: A ḟeara Israéil, taḃairigiḋ aire cad é tá siḃ ag dul a ḋéanaṁ i gcás na ndaoine seo.
36Óir roiṁ na laeṫe seo d’éiriġ Teodas suas, ag dearḃaḋ gur ḋuine éigin é féin, agus d’aontuiġ uiṁir daoine, tuairim ar ċeiṫre ċéad, leis: marḃaḋ eisean: agus an méid a ċreid ann, scaipeaḋ iad, agus ṫáinic siad ċun neiṁníḋ.
37Ina ḋiaiḋ-sean, d’éiriġ Iúdas na Gailile suas le linn an ċóṁáiriṁ, agus ṫionntuiġ sé na daoine ċuige féin, agus scriosaḋ eisean: agus an méid a d’aontuiġ leis, scaipeaḋ iad uilig.
38Agus anois, dá ḃríġ sin, deirim liḃ, congḃuiġigiḋ ó na daoine seo, agus leigigiḋ dóiḃ; óir má’s ó ḋaoine an ċóṁairle seo, nó an obair seo, tiocfaiḋ sí ċun neiṁníḋ:
39Aċt má’s ó Ḋia, í, ní féidir díḃ-se í ċur ar neiṁníḋ, ar eagla, b’ḟéidir, go ḃfuiġṫí siḃ ag troid i n-aġaiḋ Dé féin. Agus d’aontuiġ siad leis.
40Agus nuair a ġoir siad na h-Abstail ċuca, agus ṫug siad sciúrsáil dóíḃ, ċros siad orṫa laḃairt ar ċor ar biṫ i n-ainm Íosa, agus scaoil siad ċun siuḃail iad.
41Agus d’imṫiġ siad-san leoga as láṫair na ċóṁairle agus lúṫġáir orṫa, de ḃríġ gur measaḋ gurḃ ḟiú iad tarcuisne d’ḟuilstin mar ġeall ar ainm Íosa.
42Agus níor stad siad de ḃeiṫ ag teagasc agus ag fuagraḋ Íosa Críost gaċ uile lá, san teampall, agus ó ṫiġ go tiġ.
Markert nå:
Gníoṁarṫa 5: ASN1943G
Marker
Del
Kopier
Vil du ha høydepunktene lagret på alle enhetene dine? Registrer deg eller logg på
rights held by the Bible Society in Northern Ireland