Salm 4
4
Urnaí Oíche
1Do stiúrthóir an chóir; le gléasanna téad. Salm le Dáiví.
2Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta.
Dʼfhuascail tú mé ó mo phianpháis, éist liom go trócaireach.
3A fheara, cá fhad dom faoi mhíchlú agus náire,
agus sibh-se ag tabhairt taitnimh don bhaois is don éitheach?
4Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga:
éistfidh an Tiarna nuair a ghlaofaidh mé air.
5Bíodh eagla oraibh; ná peacaigí, déanaigí machnamh in bhur leaba.
6Déanaigí íobairtí córa, bíodh bhur ndóchas sa Tiarna agaibh.
7Is iomaí duine dá rá: “Cé a nochtfaidh nithe fónta dúinn?
Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.”
8Is mó a chuir tusa dʼaoibhneas i mo chroí
ná iad siúd de bharr flúirse aráin agus fíona.
9Rachad a luí faoi shuaimhneas: déanfad codladh go sámh,
óir is tú amháin, a Thiarna, a choimeádann ó bhaol mé.
നിലവിൽ തിരഞ്ഞെടുത്തിരിക്കുന്നു:
Salm 4: ABN2012
ഹൈലൈറ്റ് ചെയ്യുക
പങ്ക് വെക്കു
പകർത്തുക

നിങ്ങളുടെ എല്ലാ ഉപകരണങ്ങളിലും ഹൈലൈറ്റുകൾ സംരക്ഷിക്കാൻ ആഗ്രഹിക്കുന്നുണ്ടോ? സൈൻ അപ്പ് ചെയ്യുക അല്ലെങ്കിൽ സൈൻ ഇൻ ചെയ്യുക
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.