Geineasas 17

17
An Conradh agus An Timpeallghearradh
1Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé, 2agus déanfaidh mé Conradh idir mé agus tú agus cuirfidh mé rath thar na bearta ort.” 3Shléacht Abrám go talamh, agus dúirt Dia leis: 4“Is leatsa atá mo Chonradh, agus beidh tú i d'athair ar mhórán ciníocha. 5Ní thabharfar Abrám mar ainm ort feasta, ach tabharfar Abrahám ort, óir tá athair ar mhórán ciníocha á dhéanamh agam díot. 6Cuirfidh mé rath thar cuimse ort, agus déanfaidh mé ciníocha díot agus tiocfaidh ríthe ar do shíol. 7Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh. 8Agus tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht i do dhiaidh tír do dheoraíochta, tír Chanán go léir, i do sheilbh go brách agus beidh mé féin i mo Dhia acu.”
9Agus dúirt Dia le hAbrahám: “Ó do thaobhsa de, coimeádfaidh tú mo Chonradh, tú féin agus do shliocht i do dhiaidh ó ghlúin go glúin. 10Is é seo an Conradh liomsa a choimeádfaidh tú idir mise agus tusa agus do shliocht i do dhiaidh: Déantar timpeallghearradh ar gach uile leanbh mic de bhur gcuid; 11déanaigí feoil bhur bhforchraicinn a thimpeallghearradh agus is é sin a bheidh ina chomhartha don Chonradh atá eadrainn. 12Nuair a bheidh siad ocht lá d'aois caithfear timpeallghearradh a dhéanamh ar gach gin mhic ó ghlúin go glúin, cibé acu a bhéarfar i do theach iad nó a cheannófar iad ó choigríoch nach de do shíolsa. 13Ní foláir iad a thimpeallghearradh, iad siúd a bhéarfar i do theach, agus iad siúd a cheannófar le d'airgead. Beidh mo Chonradh in bhur bhfeoil mar chonradh síoraí. 14An fireannach gan timpeallghearradh, nár gearradh a fhorchraiceann timpeall, gearrfar amach óna phobal é; bhris sé mo Chonradh.”
15“Maidir le Sáraí do bhean,” arsa Dia le hAbrahám, “ní thabharfaidh tú Sáraí uirthi, ach Sárá a bheidh mar ainm uirthi. 16Cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus bronnfaidh mé mac ort uaithi; cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus beidh sí ina máthair ar chiníocha; beidh ríthe ciníocha ag cineadh uaithi.” 17Shléacht Abrahám go talamh agus gháir agus dúirt ina chroí: “An mbéarfar mac don té atá céad bliain d'aois? An mbeidh leanbh ag Sárá agus í nócha bliain d'aois?” 18“Ó, mhuise,” arsa Abrahám le Dia, “go maire Ísmeáél féin i d'fhianaise.” 19“Ní hé sin é,” arsa Dia, “ach béarfaidh do bhean Sárá mac agus tabharfaidh tú Íosác mar ainm air. Daingneoidh mé mo Chonradh leis ina Chonradh síoraí .i. mé a bheith i mo Dhia aige féin agus ag a shliocht ina dhiaidh. 20D'éist mé le do ghuí ar son Ísmeáél chomh maith. Féach, beannóidh mé é agus cuirfidh mé an rath air, agus sliocht líonmhar thar na bearta; beidh sé ina athair ar dháréag flaith agus déanfaidh mé cine mór de. 21Ach Íosác a bhéarfaidh Sárá duit an taca seo an bhliain seo chugainn, is leis a dhaingneoidh mé mo Chonradh.” 22Nuair a bhí deireadh ráite ag Dia le hAbrahám suas leis uaidh.
23Ísmeáél a mhac agus na daoir go léir a rugadh ina theach nó a ceannaíodh le hairgead, gach fireannach is é sin dá theaghlach, thóg Abrahám iad agus rinne timpeallghearradh ar fheoil a bhforchraicinn an lá ceannann céanna mar a dúirt an Dia leis. 24Agus bhí Abrahám nocha naoi mbliana nuair a rinneadh timpeallghearradh ar fheoil a fhorchraicinn. 25Bhí Ísmeáél a mhac trí bliana déag d'aois nuair a rinneadh timpeallghearradh ar fheoil a fhorchraicinn. 26Rinneadh timpeallghearradh ar Abrahám agus ar a mhac Ísmeáél an lá céanna sin, 27agus rinneadh timpeallghearradh fairis ar na fir go léir dá theaghlach, iad siúd a rugadh ina theach agus iad siúd a ceannaíodh ó choigríoch.

선택된 구절:

Geineasas 17: ABN

하이라이트

공유

복사

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요