Geineasas 16

16
Breith Ismeáél
1Níor rug Sáraí bean Abrám aon chlann, más ea, do Abrám, ach bhí ionailt Éigipteach aici darbh ainm Hágár. 2Dúirt Sáraí le hAbrám: “Féach, níor lig Dia dom clann a iompar. Gabh isteach dá bhrí sin chun m'ionailte; b'fhéidir go bhfaighinn clann tríthi.” Thug Abrám cluas do ghlór Sháraí. 3Tar éis cónaí a bheith ar Abrám deich mbliana i dtír Chanán, rug Sáraí léi Hágár a hionailt Éigipteach agus thug d'Abrám í mar bhean. 4Luigh sé le Hágár agus ghabh sí gin, agus a luaithe a bhí a fhios aici go raibh gin á hiompar aici, níor fhan aon mheas aici ar a máistreás. 5Ansin dúirt Sáraí le hAbrám: “An éagóir atá á déanamh orm go bhfille sí ort féin! Thugas m'ionailt duit i d'ucht, ach anois ó tá a fhios aici go bhfuil sí ag iompar níl meas dá laghad aici orm. Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh idir mé agus tú.” 6Ach dúirt Abrám le Sáraí: “Féach, tá d'ionailt faoi do smacht féin. Déan do rogha rud léi!” Chrom Sáraí ar í a chiapadh dá bhrí sin agus theith sí uaithi. 7Fuair aingeal an Tiarna í cois tobar uisce san fhásach, an tobar ar an mbealach go Siúr. 8“A Hágár, a ionailt Sháraí,” ar sé, “cá has ar tháinig tú agus cá bhfuil do thriall?” “Táim ag teitheadh ó mo mháistreás Sáraí,” ar sí. 9Dúirt aingeal an Tiarna léi: “Fill ar do mháistreás agus géill di.” 10Agus dúirt aingeal an Tiarna léi chomh maith: “Cuirfidh mé an rath ar do shíol i dtreo nach bhféadfar iad a áireamh le barr líonmhaire.” 11Agus dúirt aingeal an Tiarna léi:
“Féach, tá leanbh ar iompar agat, agus béarfaidh tú mac,
agus tabharfaidh tú Ísmeáél mar ainm air,
mar gur éist an Tiarna le do ghlór buartha.
12Asal fiáin fir a dhéanfaidh sé,
a dhorn in aghaidh gach duine
agus dorn gach duine ina aghaidh,
agus é ag spairn lena bhráithre go léir.”
13Thug Hágár ainm ar an Tiarna a labhair léi: “Is tú Dia na Físe,” mar ar sí, “nach áit é seo ina bhfaca-sa go dearfa chomh maith an té a fheiceann mise.” 14Uime sin a tugadh Tobar Lachaí Roí (an Bheo a Fheiceann mé) ar an tobar; tá sé idir Cáidéis agus Báiread. 15Rug Hágár mac d'Abrám agus thug Abrám Ísmeáél ar an mac a rug Hágár. 16Bhí Abrám sé bliana agus ceithre fichid d'aois nuair a rug Hágár Ísmeáél d'Abrám.

선택된 구절:

Geineasas 16: ABN

하이라이트

공유

복사

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요