Lúcás 19
19
1Agus do chuaidh sé isteach i nIerichó, agus do bhí sé ag dul tríd an gcathair. 2Agus féach, do bhí fear ann darbh ainm Sacchéus; agus do bhí sé ’n‐a cheann‐phoibleacán, agus do bhí sé saidhbhir. 3Agus do bhí fonn air a fheicsin cad é an sórt duine Íosa; agus níor fhéad sé mar gheall ar an sluagh, mar fear beag íseal do b’eadh é. 4Agus do rith sé roimhe, agus do‐chuaidh sé suas i gcrann siceamóra chum go bhfeicfeadh sé é: óir do bhí sé chum an tslighe sin do ghabháil. 5Agus nuair tháinig Íosa chum na h‐áite, do dhearc sé suas, agus adubhairt sé leis, A Shacchéuis, brostuigh agus tar anuas: óir caithfead‐sa cur fúm id’ thigh‐se indiu. 6Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do chuir sé fáilte roimhe go h‐áthasach. 7Agus nuair do chonnacadar uile sin, do bhíodar ag ceisneamh go mí‐chéadfach, g‐á rádh, Do chuaidh sé ar aoidheacht isteach ag fear atá ’n‐a pheacach. 8Agus d’éirigh Sacchéus ’n‐a sheasamh, agus adubhairt sé leis an Tighearna, Féach, A Thighearna, do‐bheirim a leath dem’ mhaoin do na bochtaibh; agus má bhaineas éinnidh san éagcóir d’aon duine, do‐bheirim a cheithre oiread ar ais dó. 9Agus adubhairt Íosa leis, Atá slánú tagtha chum an tighe seo indiu, óir is mac le Abracham é seo, leis. 10Óir tháinig Mac an Duine chum a raibh caillte do chuardach agus do shlánú.
11Le linn éisteacha dhóibh leis an mhéid sin, do lean sé air, agus do labhair sé samhlaoid, óir do bhí sé i ngar d’Iarúsalem, agus do mheasadar‐san go raibh ríoghacht Dé le taidhbhsiú ar ball. 12Adubhairt sé d’á bhrigh sin, D’imthigh duine uasal áirithe go tír i gcéin, chum ríoghacht do ghabháil dó féin, agus filleadh ar ais. 13Agus do ghlaodh sé chuige deichneabhar seirbhíseach leis, agus thug sé dhóibh deich bpúint, agus adubhairt sé leo, Bidhidh ag déanamh ceannaidheachta nó go dtagad. 14Acht do bhí fuath ag a dhaoinibh dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n‐a dhiaidh, g‐á rádh, Ní h‐áil linn é seo bheith ’n‐a righ orainn. 15Agus tharla, nuair tháinig sé ar ais, agus sealbh aige ar an ríoghacht, gur órduigh sé na seirbhísigh d’á dtug sé an t‐airgead, do ghlaodhach chuige, chum go mbéadh a fhios aige cá mhéid do ghnóthuigheadar de bhárr na ceannaidheachta. 16Agus tháinig an chéad duine, agus adubhairt sé, A thighearna, do‐rinne do phúnt deich bpúint eile. 17Agus adubhairt seisean leis, Is maith é sin, a sheirbhísigh mhaith: ó do bhís dílis sa mbeagán, bíodh cumhacht agat ar dheich gcathrachaibh. 18Agus tháinig an dara duine, agus adubhairt sé, A thighearna, do‐rinne do phúnt cúig púint. 19Agus adubhairt sé leisean, chómh maith, Agus tusa, bí‐se os cionn cúig gcathrach. 20Agus tháinig an duine eile, agus adubhairt sé, A thighearna, féach, seo chugat do phúnt, do bhí fillte i naipcín agam: 21óir do bhí eagla orm, mar is duine dúr thú: tógann tú an nidh nár chuiris síos, agus baineann tú an nídh nár chuiris. 22Adubhairt sé leis, As do bhéal féin béarfad breith ort, a dhroch‐sheirbhísigh. Do bhí a fhios agat gur duine dúr mé, go dtógaim an nidh nár leigeas síos, agus go mbainim an nidh nár chuireas; 23cad chuige, mar sin, nár chuiris mo chuid airgid sa mbannc, i dtreo, nuair thiocfainn, go bhfaighinn ar ais é agus brabach leis? 24Agus adubhairt sé leo‐san do bhí ’n‐a seasamh ’n‐a láthair, Tógaidh uaidh an púnt, agus tabhraidh do’n té ag a bhfuil na deich bpúint. 25Agus adubhradar‐san leis, A thighearna, atá deich bpúint aige. 26Adeirim libh, go dtabharfar do’n té ag a bhfuil éinnidh; acht an té nach bhfuil éinnídh aige, bainfear de a bhfuil aige. 27Acht na náimhde seo agam, nárbh áil leo mise bheith im’ righ ortha, tabhraidh annso iad, agus cuiridh chum báis os mo chómhair iad.
28Agus nuair do bhí an méid sin ráidhte aige, do ghluais sé ar aghaid, ag dul suas go h‐Iarúsalem.
29Agus tharla, ag tarraing i ngar do Bhétfagé agus do Bhétánia dhó, láimh leis an gcnoc ar a dtugtar cnoc na nOla‐chrann, gur chuir sé beirt d’á dheisceablaibh uaidh, 30g‐á rádh, Téighidh isteach sa mbaile beag atá os bhúr gcómhair; ag dul isteach daoibh ann do‐gheobhaidh sibh searrach ceangailte nar shuidh aon duine riamh fós air: scaoilidh é agus tabhraidh libh é. 31Agus má fhiafruigheann aoinneach dhíbh, Cad chuige a bhfuil sibh g‐á scaoileadh? abraidh leis mar seo, Teastuigheann sé ó’n Tighearna. 32Agus d’imthigh siad‐san do cuireadh, agus fuaradas de réir mar dubhairt sé leo. 33Agus nuair do bhíodar ag scaoileadh an tsearraigh, adubhairt na daoine gur leo é, Cad chuige dhaoibh bheith ag scaoileath an tsearraigh? 34Agus adubhradar‐san, Teastuigheann sé ó’n Tighearna. 35Agus thugadar chum Íosa é: agus do chuireadar a mbrait ar an searrach, agus do chuireadar Íosa ar a mhuin. 36Agus ag gluaiseacht dó, do leathadar a mbrait ar an tslighe. 37Agus nuair do bhí sé ag druidim le fána cnuic na nOla‐chrann, do thosnuigh na deisceabail go léir ar gháirdeachas do dhéanamh agus ar Dhia do mholadh de ghuth árd ar son na ngníomh n‐éachtach do chonnacadar; 38g‐á rádh, Is beannuighthe an Rí atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna: síothcháin ar neamh, agus glóir ins na flaitheasaibh is aoirde. 39Agus do bhí roinnt de na Fairisíneachaibh adubhairt leis as lár an tsluaigh, A Mháighistir, bagair ar do dheisceablaibh. 40Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt, Adeirim libh, má éisteann siad‐san a mbéal, go nglaodhfaidh na clocha féin amach.
41Agus nuair tháinig sé i gcómhgar, do chonnaic sé an chathair agus do chaoin sé í, 42g‐á rádh, Dá mbéadh a fhios agat san lá so atá ann, gach a mbaineann led’ shíothcháin! acht anois atáid ceilte ó do shúilibh ort. 43Óir tiocfaidh na laethe ort, ’n‐a dtógfaidh do náimhde móta id’ thimcheall, agus ’n‐a n‐iomshuidhfid thú, agus ’n‐a gcúmhanglóchaid ort ar gach taoibh, 44agus buailfid thú chum na talmhan, agus do chlann atá istigh ionnat: agus ní fhágfaid cloch ar muin cloiche ionnat: toisc nár aithnighis an t‐am ’n‐a dtáinig Dia chugat.
45Agus do chuaidh sé isteach sa teampall, agus do thosnuigh sé ar na daoinibh do bhí ag ceannaidheacht do chaitheamh amach, 46g‐á rádh leo, Atá scríobhtha, Teach chum urnuighthe is eadh mo theach‐sa: acht atá pluais bitheamhnach déanta agaibh‐se dhe.
47Agus do bhí sé ag teagasc gach lá sa teampall. Acht do bhí uachtaráin na sagart, agus na scríobhaidhthe, agus cinnirí an phobail ag iarraidh faille le n‐a mhilleadh: 48agus do chinn ortha cuimhniú ar cad do‐ghéanaidís; óir do bhí na daoine go léir ag greamú dhó, ag éisteacht leis.
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932