Lúcás 18

18
1Agus do labhair sé leo as samhlaoid, g‐á chur i dtuigsin dóibh go mba cheart dóibh bheith ag guidhe i gcómhnaidhe, agus gan staonadh; 2g‐á rádh, Do bhí breitheamh i gcathair áirithe, fear nach raibh eagla Dé sir ná beann ar dhaoinibh aige: 3agus do bhí baintreabhach sa gcathair sin; agus is minic do thigeadh sí chuige, g‐á rádh, Déan ceart dom ar mo námhaid. 4Agus ní dhéanfadh seisean é ar feadh tamaill: acht ’n‐a dhiaidh sin adubhairt sé leis féin, Gidh nach bhfuil eagla Dé orm, ná beann ar dhaoinibh agam; 5ar a shon sin féin, de chionn go bhfuil an bhaintreabhach so ag déanamh buaidheartha dhom, déanfaidh mé ceart dí, ar eagla go gcrádhfaidh sí mé sa deireadh agus í ag sír‐theacht chugam. 6Agus adubhairt an Tighearna, Éistidh le briathraibh breitheamhan na h‐éagcóra. 7Agus an amhlaidh nach n‐agarfaidh Dia cruadh‐chás a mhuinntire toghtha féin bhíos ag glaodhach air de ló agus d’oidhche? 8Adeirim libh go n‐agarfaidh sé go luath. Acht cheana, nuair thiocfas Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar talamh?
9Agus adubhairt sé an tsamhlaoid seo le dream a bhí muinighineach asta féin gur dhaoine fíréanta iad, agus ag a raibh tarcuisne ar chách eile: 10Do chuaidh beirt suas do’n teampall chum urnaighe do dhéanamh; Fairisíneach ab eadh duine aca, agus poibleacán ab eadh an duine eile. 11Do sheas an Fairisíneach agus do‐rinne sé a ghuidhe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Dhia, do‐bheirim a bhuidheachas leat nach mar a chéile mise agus daoine eile, foghlaidhthe, agus lucht éagcóra, agus lucht adhaltrannais, ná fós duine de shaghas an phoibleacáin seo. 12Do‐ghním troscadh dhá uair sa tseachtmhain, íocaim an deachmhadh ar gach a bhfaghaim. 13Acht d’fhan an poibleacán ’n‐a sheasamh i bhfad siar, agus ní dhéanfadh sé fiú amháin a shúile d’árdú chum neimhe, acht do bhí sé ag bualadh a uchta, agus g‐á rádh, A Dhia, déan trócaire orm‐sa, peacach. 14Adeirim libh go ndeachaidh sé seo síos abhaile agus é fíréanuighthe de bhreis ar an duine eile: óir gach duine árdóchas é féin umhlóchar é, acht an té umhluigheas é féin árdóchar é.
15Agus thug daoine a naoidheana chuige go gcuirfeadh sé a lámha ortha: acht nuair do chonnaic na deisceabail é, do chuireadar cosc leo. 16Acht do ghlaodh Íosa chuige iad, agus adubhairt sé, Leigidh do na leanbhaibh teacht chugam, agus ná bidhidh g‐á gcosc: óir is le n‐a leithéidibh sin ríoghacht Dé. 17Go fírinneach adeirim libh, An té nach nglacfaidh ríoghacht Dé ar nós leinbh bhig ní rachaidh sé isteach innti ar chor ar bhith.
18Agus do cheistigh taoiseach áirithe é, g‐á rádh, A Mháighistir mhaith, céard atá le déanamh agam chum go mbéidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht agam? 19Agus adubhairt Íosa leis, Cad chuige dhuit maith do thabhairt orm‐sa? Ní maith aoinneach acht Dia amháin. 20Is eol duit na h‐aitheanta, Ná déan adhaltrannas, Ná déan dún‐mharbhadh, Ná déan goid, Ná tabhair fiadhnaise bhréige, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair. 21Agus adubhairt seisean, Do chóimhlíonas na neithe sin uile óm’ óige. 22Agus nuair do‐chuala Íosa é sin, adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort fós: díol a bhfuil agat, agus tabhair do na bochtaibh é, agus béidh ionnmhas ar neamh agat: agus tar, lean mise. 23Acht ar n‐a chlos sin dó‐san, d’éirigh sé brónach go mór; óir do bhí sé an‐tsaidhbhir. 24Agus nuair do chonnaic Íosa é, adubhairt sé, Cad é a dheacracht do lucht saidhbhris dul isteach i ríoghacht Dé! 25Oir is fusa do chamall dul tré chró snátaide, ’ná do dhuine saidhbhir dul isteach i ríoghacht Dé. 26Agus adubhairt siad‐san do bhí ag éisteacht leis, Má’s eadh, cia h‐é an duine gur féidir a shaoradh? 27Acht adubhairt seisean, Neithe nach féidir le daoinibh is féidir le Dia iad. 28Agus adubhairt Peadar, Féach, d’fhágamair‐ne ár mbailte féin, agus do leanamar thusa. 29Agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Ní fhuil aon duine d’fhág teach, nó bean, nó dearbhráithre, nó athair, nó máthair, nó clann, 30ar son ríoghachta Dé, nach bhfaghaidh i bhfad níos mó san aois seo, agus sa tsaoghal atá le teacht an bheatha shíorraidhe.
31Agus do tharraing sé chuige an dáréag, agus adubhairt sé leo, Féach, atáimíd ag dul suas go h‐Iarúsalem, agus cóimhlíonfar gach uile nidh d’á bhfuil scríobhtha ag na fáidhibh i dtaobh Mhic an Duine. 32Oir do‐bhéarfar é do na Págánachaibh, agus déanfar fonomhaid faoi, agus do‐bhéarfar droch‐íde air, agus caithfear seile air; 33agus sciúrsálfaid é, agus marbhóchaid é: agus éireochaidh sé arís an treas lá. 34Agus níor thuigeadar‐san rud ar bith de’n méid sin; agus do ceileadh brigh na cainnte ortha, agus níor léir dhóibh an méid adubhradh.
35Agus tharla, ag druidim le Ierichó dhó, go raibh dall ’n‐a shuidhe ar leath‐taoibh an bhealaigh ag iarraidh déirce: 36agus nuair d’airigh sé an sluagh ag gabháil thairis, d’fhiafruigh sé créad ba bhun leis. 37Agus d’inniseadar dó gurbh é Íosa Nasardha do bhí ag gabháil thairis. 38Agus do liúigh sé, g‐á rádh, A Íosa, a Mhic Dháibhi, déan trócaire orm. 39Agus do bhagair siad‐san do bhí ar tosach air bheith ’n‐a thost: acht ba mhóide do ghlaodh sé, A mhic Dháibhi, déan trócaire orm. 40Agus do stad Íosa, agus d’órduigh sé a thabhairt chuige: agus nuair tháinig sé i ngar dó, d’fhiafruigh sé dhe, 41Créad ba mhian leat mise do dhéanamh dhuit? Agus adubhairt seisean, A Thighearna, mo radharc thabhairt dom. 42Agus adubhairt Íosa leis, Bíodh do radharc agat: do shlánuigh do chreideamh thú. 43Agus ar an láthair fuair sé a radharc, agus do lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia: agus na daoine go léir, nuair do chonnacadar é, thugadar moladh do Dhia.

선택된 구절:

Lúcás 18: ATN1951

하이라이트

공유

복사

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요