Eoin 19

19
1Ghlac Píoláid Íosa ansin gur chuir á sciúrsáil é. 2Agus dʼfhigh na saighdiúirí coróin de spíonta, gur chuir ar a cheann í, agus chaith siad fallaing chorcra thar a chorp; 3thagaidis aníos chuige, á rá, “Is é do bheatha, a Rí na nGiúdach!” agus bhuailidís bosa air ansin. 4Chuaigh Píoláid amach arís, agus dúirt sé leo, “Seo daoibh, táim á thabhairt os bhur gcomhair, ionas go bhfeice sibh nach bhfaighim coir ná locht air.” 5Tháinig Íosa amach mar sin faoin gcoróin spíne agus faoin bhfallaing chorcra. Dúirt Píoláid leo, “Seo daoibh an fear!” 6Nuair a chonaic na hardsagairt agus na hoifigigh é, ghlaoigh siad in ard a gcinn, “Céas é, céas é!” Dúirt Píoláid leo, “Glacaigí agus crochaigí féin é, mar ní fhaighim coir ar bith ann.” 7Dʼfhreagair na Giúdaigh é, “Tá dlí againn, agus de réir an dlí sin ba cheart a chur chun báis as bheith ag iarraidh a rá gurb é Mac Dé é.” 8Nuair a chuala Píoláid na focail seo, bhí tuilleadh eagla air; 9chuaigh sé isteach sa phraetorium arís agus dúirt sé le hÍosa, “Cá has ar tháinig tú?” Ach níor thug Íosa freagra air. 10Dúirt Píoláid leis mar sin, “An é nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil fhios agat go bhfuil cumhacht do scaoilte agus do chrochta agam?” 11Dʼfhreagair Íosa é, “Ní bheadh cumhacht agat orm murab é gur tugadh duit ó neamh í; dá bhrí sin is mó an peaca atá ar an té a chuir idir do lámha mé.”
12Leis sin thug Píoláid iarraidh faoina scaoileadh, ach gur ghlaoigh na Giúdaigh in ard a gcinn, “Má scaoileann tú an duine sin, ní aon chara do Chaesar tú; níl duine dá ndéanann rí de féin nach gcuireann in éadan Chaesair.” 13Nuair a chuala Píoláid na focail seo, thug sé Íosa amach leis, agus shuigh sé faoi ar bhinse an bhreithiúnais san áit a dtugtar Sráid na Leac air, nó Gabbatá in Eabhrais. 14Anois ba í Bigil Fhéile na Cásca í i dtrátha an séú huair. Ar seisean leis na Giúdaigh, “Seo daoibh bhur Rí!” 15Ghlaoigh siadsan os ard, “Imeacht gan filleadh air, imíodh sé chun na croiche!” Arsa Píoláid leo, “An ndéanfaidh mé bhur Rí a chrochadh?” Dʼfhreagair na hardsagairt, “Níl de rí os ar gcionn amach ó Chaesar.” 16Chuir sé ansin idir a lámha é lena chrochadh.
17Ghlac siad Íosa mar sin, agus chuaigh sé amach, agus a chrois féin ar iompar aige, go dtí an áit a dtugtar áit an chloiginn air, agus a ngairtear Golgota de in Eabhrais. 18Ba ansin a chéas siad é ar chrois, agus beirt eile ina chuideachta, duine ar gach taobh agus Íosa eatarthu. 19Scríobh Píoláid teideal freisin gur chuir ar an gcrois é; ba í an scríbhinn a bhí air, “Íosa as Nasair, Ri na nGiúdach.” 20Mar sin léigh mórán de na Giúdaigh an teideal sin, mar ba chóngarach don chathair é ionad chéasta Íosa; agus ó bhí sé scríofa in Eabhrais agus i Laidin agus i nGréigis. 21Dúirt ardsagairt na nGiúdach le Píoláid ansin, “Ná scríobh, ‘Rí na nGiúdach,’ scríobh, ‘Sin duine a dúirt, Is mé Rí na nGiúdach.’” 22Dʼfhreagair Píoláid, “Tá a bhfuil scríofa agam scríofa.”
23Nuair a bhí Íosa curtha ar chrois a chéasta ag na saighdiúirí ghlac siad a bhaill éadaigh go ndearna ceithre chuid díobh, cuid do gach saighdiúir acu; agus a thuineach. Ach is tuineach gan uaim a bhí inti, agus é fite in aon phíosa amháin ó bhun go barr; 24dúirt siad lena chéile mar sin, “Ná stróicimis é, caithimis crainn cé aige a mbeidh sé.” Tharla sin leis an scríoptúr a fhíorú,
“Roinn siad mo bhaill éadaigh eatarthu,
agus chaith siad crainn ar mʼéadach,”
25Ba é sin an ní a rinne na saighdiúirí. Ach ba iad a bhí ina seasamh faoi chrois Íosa a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Muire bean Chlopas, agus Muire Mhaghdaléanach. 26Nuair a chonaic Íosa a mháthair, agus an deisceabal ab ansa leis ina sheasamh ina haice, ar seisean lena mháthair, “A bhean úd, féach do mhac.” 27Ar seisean ansin leis an deisceabal, “Féach í, do mháthairse.” Agus ón uair ud amach ghlac an deisceabal isteach ina theaghlach féin í.
28Bhí a fhios ag Íosa ina dhiaidh sin go raibh gach uile ní críochnaithe aige, agus (de gheall ar an scrioptúr a fhíorú) dúirt sé, “Tá tart orm.” 29Bhí soitheach lán dʼfhínéagar ina sheasamh ansin; agus chuir siad múscán lán den fhínéagar sin ar íosóip gur shin suas lena bhéalsan é. 30Nuair a bhí an fínéagar glactha ag Íosa, dúirt sé, “Tá críoch curtha air,” agus dʼumhlaigh sé a cheann go dtí gur fhág an anáil é.
31Ó ba í an bhigil í, sa dóigh nach bhfanfadh na coirp ar an gcrois lá na sabóide (mar bhí an tsabóid úd ina hard-fhéile), dʼiarr na Giúdaigh ar Phíoláid a gcosa a bhriseadh agus a dtógáil as. 32Mar sin tháinig na saighdiúirí gur bhris siad cosa an chéad duine agus an dara duine a bhí á gcéasadh ina chuideachta; 33ach nuair a tháinig siad chuig Íosa agus nuair a chonaic siad go raibh sé marbh cheana, ní dhearna siad a chosa a bhriseadh. 34Ach is é rud, sháigh duine de na saighdiúirí sleá ina thaobh, agus tháinig fuil agus uisce amach ar an toirt. 35Tá fianaise tugtha ag an té a chonaic é—is fíor a fhianaise, agus tá a dhea-fhios aige go bhfuil sé ag insint na fírinne—ionas go gcreide sibhse freisin. 36Mar tharla na nithe seo ionas go bhfíorófaí an scrioptúr, “Ní bhrisfear cnámh dá chnámha.” 37Agus deir scrioptúr eile arís, “Amharcfaidh siad ar an té sin ar tholl siad a thaobh.”
38Bhi Iósaf as Arimatía ina dheisceabal ag Íosa, ach faoi choim, le heagla roimh na Giúdaigh. Dʼiarr seisean cead ar Phíoláid le corp Íosa a ardú leis, agus thug Píoláid an cead sin dó. Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. 39Tháinig Nicodémus freisin, an té sin a tháinig chuige san oíche an chéad uair, agus meascán miorra agus aló leis a bhí tuairim is an céad punt meáchain. 40Ghlac siadsan corp Íosa, gur fhill i bhfáisceáin línéadaigh agus i spíosraí é, de réir ghnás adhlactha na nGiúdach. 41Anois bhí gairdín san áit ar céasadh é, agus sa ghairdín sin bhí tuama úrnua nár cuireadh corp duine ann riamh roimhe sin. 42Ba ansin a chuir siad corp Íosa, ó bhí an tuama i ndeas dóibh, agus ó bhí Bigil Cháisc na nGiúdach ann an lá sin.

Currently Selected:

Eoin 19: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in