Nuair a chonaic Íosa a mháthair, agus an deisceabal ab ansa leis ina sheasamh ina haice, ar seisean lena mháthair, “A bhean úd, féach do mhac.” Ar seisean ansin leis an deisceabal, “Féach í, do mháthairse.” Agus ón uair ud amach ghlac an deisceabal isteach ina theaghlach féin í.