Eoin 18

18
1Dúirt Íosa an chaint sin, agus chuaigh sé féin agus a dheisceabail anonn thar ghleann abhainn an Chedrón, go háit a raibh gairdín, agus chuaigh sé féin agus a dheisceabail isteach sa ghairdín sin. 2Bhi Iúdás, a rinne a bhrath, eolach ar an áit freisin; ós minic a thagadh Íosa agus a dheisceabail le chéile ansin. 3Ghlac Iúdás mar sin complacht saighdiúirí agus oifigigh ó na hardsagairt agus ó na Fairiséigh, agus chuaigh siad ann faoi lóchrainn agus faoi thóirsí agus faoi airm. 4Ó bhí a fhios ag Íosa a dtarlódh dó, tháinig sé chun tosaigh gur fhiafraigh díobh, “Cé tá uaibh?” 5“Íosa as Nasair,” a dúirt siad á fhreagairt. “Is mise é,” a deir sé leo. Bhí Iúdás, a bhraith é, ina sheasamh ansin ina measc. 6Nuair a dúirt sé, “Is mise é,” chuaigh siad ar gcúl agus thit siad ar lár. 7Dʼfhiafraigh sé díobh athuair, “Cé tá uaibh?” agus dúirt siad, “Íosa as Nasair.” 8Dʼfhreagair Íosa, “Tá inste agam daoibh gur mise é; mar sin, ós mé atá uaibh, ligigí do na fir seo imeacht.” 9Tharla sin leis an mbriathar a fhíorú a dúirt sé, “Níor chaill mé aon duine den mhéid a thug tú dom.” 10Ba ansin a tharraing Síomón Peadar an claíomh a bhí aige as a thruaill agus tharraing sé buille ar mhogha an ardsagairt agus ghearr sé an leath-cluas dheas anuas dá leiceann. Malcus ab ainm don mhogha. 11Arsa Íosa le Peadar, “Cuir do chlaíomh isteach ina thruaill; an é nach n‑ólfaidh mé an cupán a thug mʼAthair dom le n‑ól?”
12Tháinig siad mar sin, an complacht saighdiúirí agus a gceannfort agus oifigigh na nGiúdach, ar Íosa, agus ghabh siad é agus cheangail siad é. 13Thug siad os comhair Annas é ar dtús; ó ba é ab athair céile do Chaiafas, a bhí ina ardsagart an bhliain úd. 14Ba é an Caiafas seo a thug an chomhairle do na Giúdaigh go raibh sé riachtanach go bhfaigheadh aon fhear amháin bás ar son an phobail.
15Lean Síomón Peadar Íosa, eisean agus deisceabal amháin eile. Ó bhí an deisceabal seo ar lucht aitheantais an ardsagairt, chuaigh sé maraon le hÍosa isteach i gcúirt an ardsagairt, 16fad agus bhí Peadar ag fanacht taobh amuigh den doras. Mar sin chuaigh an deisceabal, a raibh aithne ag an ardsagart air, amach gur chuir sé cogar i gcluais an chailin a bhí ina doirseoir, agus gur thug sé Peadar isteach. 17Is é a dúirt an cailín a bhí ina doirseoir le Peadar, “Nach duine de dheisceabail an fhir seo tú freisin?” “Ní hea,” ar seisean. 18Anois bhí na seirbhísigh agus na hoifigigh tar éis tine fhioghuail a dhéanamh, ó bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh ansin á ngoradh féin; bhí Peadar ina sheasamh leo agus é á ghoradh féin.
19Cheistigh an t‑ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus i dtaobh a theagaisc. 20Ba é freagra Íosa air, “Labhair mé os ard os comhair an tsaoil; bhinn i gcónaí ag teagasc sna sionagóga agus sa teampall, ina dtagann na Giúdaigh uile le chéile; níor labhair mé aon fhocal i modh rúin. 21Cad chuige duit a fhiafraí díom? Fiafraigh den lucht éisteachta cad é a dúirt mé leo; tá a fhios acu siúd cad é a dúirt mé.” 22Nuair a dúirt sé sin, tharraing duine de na hoifigigh a bhí ina sheasamh ansin buille boise ar leiceann Íosa, agus dúirt sé, “An mar sin a fhreagraíos tú an t‑ardsagart?” 23Dʼfhreagair Íosa, “Má labhair mé go holc, tabhair fianaise faoin olc; ach má labhair mé go maith, cad chuige duit bheith ag bualadh buille orm?” 24Chuir Annas ansin é chuig Caiafas an t‑ardsagart.
25Anois bhí Síomón Peadar ina sheasamh á ghoradh féin. Fiafraíodh de, “Nach duine dá dheisceabailsean tusa freisin?” Shéan sé é agus dúirt sé, “Ní hea.” 26Arsa duine de sheirbhísigh an ardsagairt, a bhí ina dhuine muinteartha don duine ar ghearr Peadar an leathchluas de, le Peadar, “Nach bhfaca mé féin thú sa ghairdín ina chuideachta?” 27Shéan Peadar é athuair; agus ní raibh an focal as a bhéal gur ghlaoigh an coileach.
28Ba ansin a tugadh Íosa ó theach Chaiafas go dtí an Praetorium. Bhí sé ar mhoch maidine. Ní dheachaigh siad isteach sa Phraetorium iad féin, ionas nach salófaí iad, agus go n‑íosfaidís an cháisc. 29Chuaigh Píoláid mar sin amach chucu, gur fhiafraigh díobh, “Cad í an choir a chuireas sibh i leith an duine seo?” 30Ba é a bhfreagrasan air, “Mura raibh an duine seo coireach, ní bheimis á chur idir do lámha.” 31Arsa Píoláid leo, “Glacaigí féin é agus tugaigí breithiúnas air de réir bhur ndlí féin.” Dúirt na Giúdaigh leis, “Níl sé dlisteanach againne aon duine a chur chun báis.” 32Tharla sin leis an mbriathar a dúirt Íosa faoi mhodh a bháis a fhíorú.
33Chuaigh Píoláid isteach sa Phraetorium athuair agus ghlaoigh sé ar Íosa, agus dúirt sé leis, “An tú Rí na nGiúdach?” 34Is é a dʼfhreagair Íosa, “An uait féin a deir tú sin; nó an raibh daoine eile á rá leat fúm?” 35Dʼfhreagair Píoláid, “An Giúdach mise? Is iad do chine féin agus na hardsagairt a chuir idir mo lámha thú; cad é a rinne tú?” 36Dʼfhreagair Íosa, “Ní aon riocht den domhan seo mo ríochtsa; dá mba rí ar riocht shaolta mé, dhéanfadh mo lucht leanúna troid, ionas nach gcuirtí mé i lámha na nGiúdach; ach ní den domhan seo an ríocht atá agam.” 37Arsa Píoláid leis, “Is rí tú mar sin?” Dʼfhreagair Íosa, “Is é do bhéal féin a deir gur rí mé. Is lena aghaidh seo a bhí mo bhreith agus mo theacht ar an saol, le mé fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach duine a bhfuil an fhírinne aige, éisteann sé le mo ghlór.” 38Arsa Píoláid leis, “Cad is fírinne ann?”
Nuair a bhí sin ráite aige chuaigh sé amach chuig na Giúdaigh athuair, agus dúirt sé leo, “Feictear dom é a bheith neamhchiontach. 39Ach tá nós agaibhse go scaoilfinn fear amháin saor chugaibh le linn na Cásca; an toil libh mé Rí na nGiúdach a scaoileadh saor chugaibh?” 40Ach ghlaoigh siad arís in ard a gcinn, “Ná scaoil an duine sin, scaoil Barabas.” Anois ba thóraí é Barabas.

Currently Selected:

Eoin 18: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in