Gníomhartha 1

1
1Rinne mé trácht i mo chéad leabhar, a Theophilas, ar chéad ghníomhartha Íosa agus ar a theagasc tosaigh, 2go dtí an lá ar iompraíodh in airde go neamh é, i ndiaidh é aithne a thabhairt tríd an Spiorad Naomh do na haspail a bhí tofa aige. 3Is iomaí cruthúnas atá leis gur fhoilsigh sé é féin dóibh agus é beo i ndiaidh a pháise, agus go mbíodh sé á thaispeáint féin dóibh i rith daichead lá, agus go labhraíodh sé leo i dtaobh ríocht Dé. 4Agus nuair a bhí sé ina gcuideachta, dʼordaigh sé go dian dóibh gan imeacht as Iarúsailéim, ach bheith ag fanacht ansin le fíorú ghealltanas an Athar, “an gealltanas sin,” ar seisean, “ar chuala sibh mé ag caint air, mar 5bhíodh Eoin ag baisteadh daoine le huisce, ach ní rachaidh mórán laethanta thart go dtí go mbeidh sibhse do bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh.”
6Mar sin de, nuair a bhí siad i gceann a chéile, dʼfhiafraigh siad de, “A Thiarna, an anois a thabharfaidh tú arís dʼlosrael an ríocht a bhíodh aici?” 7Ar seisean leo, “Ní dual daoibhse fios a fháil ar na haimsirí ná ar na trátha atá socraithe ag an Athair agus a bhfuil sé féin mar údar leo. 8Ach ní fhágann sin nach mbeidh cumhacht á tabhairt daoibh nuair a thiocfas an Spiorad Naomh oraibh; agus nach mbeidh sibh in bhur bhfinnéithe agamsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus i Samária agus go leithimeall an domhain.” 9Agus ní luaithe a bhí sin ráite aige ná tógadh den talamh é, agus iad ag amharc air, agus dʼardaigh néal leis é as a n‑amharc. 10Agus nuair a bhí a súile go fóill ag stánadh in airde sa spéir an bealach a dʼimigh sé, bʼshiúd beirt fhear faoi éadaí gealbhána ina seasamh lena dtaobh, 11a dúirt leo, “A fheara as Galailí, cad chuige daoibh fanacht in bhur seasamh ag amharc mar sin in airde sa spéir? Tiocfaidh an tÍosa seo chugaibh ó neamh, a tugadh uaibh go neamh, ar an nós céanna ar imigh sé.”
12Ba ansin a dʼfhill siad ar Iarúsailéim ón sliabh dá ngairtear Olibhet, atá cóngarach do Iarúsailéim, faoi shiúlóid sabóide uaidh; 13agus nuair a shroich siad í, chuaigh siad suas go dtí an seomra a bhí in uachtar an tí, a mbídís ag fanacht ann, mar atá Peadar agus Eoin agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalón agus Matha, Séamas mac Alfaeus agus Síomón an díograiseoir agus Iúdás mac Shéamais. 14Bhi siad seo uile le chéile gan aird acu ar aon ní ach ar an urnaí, iadsan agus an bhantracht agus Muire máthair Íosa agus a dheartháireacha leo.
15Ba sna laethanta úd a dʼéirigh Peadar ina sheasamh i measc na mbráithre (bhí siad timpeall céad agus fiche duine ann le chéile), agus is é a dúirt sé, 16“A bhráithre, bʼéigean an scríbhinn diaga a fhíorú, a labhair an Spiorad Naomh roimh ré trí bhéal Dháibhí, sa mhéid a bhaineas le hlúdás a bhí mar threoraí ag an dream a ghabh Íosa. 17Mar bhí sé á chomhaireamh mar dhuine againn, agus bhí sé páirteach sa mhinistreacht seo againne. 18(Anois cheannaigh an duine sin páirc lena chuid airgid lochtaigh; agus thit sé i mullach a chinn, gur phléasc sé ó chéile ina lár agus gur sciurd a inní as. 19Agus bhí a fhios ag lucht áitrithe Iarúsailéim uile, ionas gur tugadh ina dteangasan Aceldama, is é sin Páirc na Fola, ar an bpáirc sin.) 20Mar tá sé scríofa i leabhar na Salm,
‘Bíodh a áitreabh ina fhásach,
ná bíodh cónaí ar dhuine ann;’
agus
‘Glacadh fear eile a oifig.’
21Caithfidh mar sin fear a bhíodh inár gcuideachta i rith an ama ar fad a mbíodh an Tiarna Íosa ag teacht agus ag imeacht eadrainn, 22ag tosú ón lá ar bhaist Eoin é go dtí an lá ar ardaíodh uainn go neamh é—caithfidh fear acusan a bheith ina fhinné ar a aiséirí maraon linne.” 23Agus chuir siad dís chun tosaigh, Iósaf a ngairtí Barsabas de, a raibh Iustus, .i. ceart, mar shloinne aige, agus Maitias. 24Agus rinne siad urnaí agus dúirt siad, “A Thiarna, ar léir duit croíthe na ndaoine, nocht dúinn cé acu den dís seo a thogh tú 25leis an ionad sa mhinistreacht agus san aspaltacht seo a ghlacadh ar chlaon Iúdás uaidh, le dul go dtí an áit ba dhual dó.” 26Agus chaith siad crainn orthu, agus is ar Mhaitias a thit an crann; agus ainmníodh é mar aspal leis an aon aspal déag.

Currently Selected:

Gníomhartha 1: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in