Agus nuair a bhí sé ina gcuideachta, dʼordaigh sé go dian dóibh gan imeacht as Iarúsailéim, ach bheith ag fanacht ansin le fíorú ghealltanas an Athar, “an gealltanas sin,” ar seisean, “ar chuala sibh mé ag caint air, mar bhíodh Eoin ag baisteadh daoine le huisce, ach ní rachaidh mórán laethanta thart go dtí go mbeidh sibhse do bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh.”