Eoin 21

21
1Ina dhiaidh sin thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail athuair chois Mhuir Thibérias agus is mar seo a thaispeáin sé é féin. 2Bhi Síomón Peadar, Tomás dar gaireadh Didumas, Natanael as Cána i nGalailí, clann mhac Shebidé, agus beirt eile dá dheisceabail i gcuideachta a chéile. 3Dúirt Síomón Peadar leo, “Táim ag dul a iascaireacht.” Dúirt siadsan, “Rachaimidne leat freisin.” Dʼimigh siad mar sin agus chuaigh siad ar an mbád; ach níor mharaigh siad iasc ar bith an oíche úd.
4Bhí spéartha an lae ann cheana féin, nuair a bhí Íosa ina sheasamh ar an trá; ach ní raibh a fhios ag na deisceabail gurbh é Íosa a bhí ann. 5Arsa Íosa leo, “A chlann óg, an bhfuil iasc ar bith libh?” “Níl,” a dúirt siad lena fhreagairt. 6Ar seisean leo, “Cuirigí bhur líon ar thaobh deas an bháid, agus gheobhaidh sibh rud éigin.” Chuir siad mar sin é, agus níor fhéad siad an líon a tharraingt isteach le méid na n‑iasc a bhí ann. 7Dúirt an deisceabal úd ab ansa le hÍosa le Peadar, “Is é an Tiarna atá ann!” Nuair a chuala Síomón Peadar gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhaill éadaigh air, a bhí curtha de aige chun na hoibre, agus thug sé léim amach san fharraige. 8Ach tháinig na deisceabail eile sa bhád, ó nach raibh idir iad agus an cladach ach tuairim is céad slat, agus lán an lín dʼéisc á tharraingt ina ndiaidh acu.
9Nuair a tháinig siad i dtír, chonaic siad tine fhioghuail ann agus iasc uirthi, agus builíní aráin. 10Arsa Íosa leo, “Tugaigí libh cuid de na héisc a ghabh sibh ar ball.” 11Chuaigh Síomón Peadar mar sin ar bhord an bháid gur tharraing an líon aníos ar an trá, agus é lán dʼéisc mhóra, céad, caoga is trí cinn acu; agus i ndiaidh an mhéid a bhí ann acu, ní raibh an líon stróicthe. 12Arsa Íosa leo, “Tagaigí go raibh bhur mbricfeasta agaibh.” Anois ní raibh sé de dhánacht ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de, “Cé tú féin?” Bhí a fhios acu gurbh é an Tiarna é. 13Tháinig Íosa gur ghlac sé agus gur thug sé dóibh an t‑arán, agus an t‑iasc mar an gcéanna. 14Ba é sin anois an tríú huair ar thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail i ndiaidh é a éiri ó mhairbh.
15Nuair a bhí a mbricfeasta caite acu, arsa Íosa le Síomón Peadar, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an mó an grá atá agat dom ná an grá atá acu seo?” Ar seisean leis, “Is ea, a Thiarna, tá a fhios agat go bhfuil cion agam ort.” Ar seisean leis, “Bí ag tabhairt a mbia do mo chuid uan.” 16Dúirt sé leis an dara huair, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Deir sé leis, “Tá, a Thiarna, tá a fhios agat an cion atá agam ort.” Dúirt sé leis, “Déan buachailleacht ar mo chaoirigh.” 17Dúirt sé leis an triú huair, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?” Ghoill sé ar Pheadar gur fhiafraigh sé de an triú huair, “An bhfuil cion agat orm?” Agus dúirt sé leis, “A Thiarna, tá fios gach feasa agat; tá a fhios agat an grá atá agam duit.” Arsa Íosa leis, “Bí ag tabhairt a mbia do mo chaoirigh. 18Go deimhin agus go dearfa deirim leat, nuair a bhí tú óg, bhíteá do do chóiriú féin, agus ag siúl mar ba thoil leat féin, ach nuair a bheas tú anonn in aois, beidh tú ag síneadh amach do ghéag, agus beidh duine eile do do chóiriú agus do dʼiompar in áit nár thoiligh tú.” 19(Dúirt sé sin ag léiriú an bháis a nglóireodh sé Dia leis.) Agus i ndiaidh sin a rá leis dúirt sé leis, “Lean mise.”
20Thiontaigh Peadar thart, agus chonaic sé ag leanúint ina ndiaidh an deisceabal ab ansa le hÍosa, an té sin a bhí ina luí ina ucht ag an suipéar, agus a dʼfhiafraigh de, “A Thiarna, cé a dhéanfas do bhrath?” 21Nuair a chonaic Peadar é, dʼfhiafraigh sé dʼÍosa, “A Thiarna, cad é faoin duine seo?” 22Deir Íosa leis, “Más é mo thoil é, é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse? Lean tusa mise.” 23Scaip an briathar sin i measc na mbráithre agus shíl siad nach bhfaigheadh an deisceabal úd bás; ach ní dúirt Íosa leis nach raibh sé le bás a fháil, ach dúirt sé, “Más é mo thoil é, é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse?”
24Is é sin an deisceabal atá ag tabhairt fianaise i dtaobh na nithe sin, agus atá i ndiaidh é seo a scríobh; agus tá a fhios agam go bhfuil a fhianaisesean fíor.
25Ach is iomaí ní eile a rinne Íosa lena chois sin; dá scríofaí gach uile cheann acu, ní shílimse go mbeadh áit sa domhan uile le haghaidh na leabhar a bheadh á scríobh.

Currently Selected:

Eoin 21: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in