Lúcas 16
16
Caibidil XVI
Fáiṫscéal an stiuḃaird ṁí-ionnraic; agus fáiṫscéal an ḟir ṡaiḋḃir agus lasair.
1Agus duḃairt sé fosta le n-a ḋeisciobail: ḃí duine saiḋḃir áiriṫe ann a raiḃ stiuḃard aige, agus rinneaḋ casaoid leis air gur ċuir sé a ṁaoin amuġa.
2Agus ġoir sé ċuige é, agus duḃairt sé leis: Cad é seo a ċluinim fá dtaoiḃ díot? Taḃair cunntas ar do stiuḃardaċt uait; óir ní ṫig leaṫ a ḃeiṫ i do stiuḃard anois níos fuide.
3Agus duḃairt an stiuḃard leis féin: Cad é ḋéanfas mé, óir tá mo ṫiġearna ag baint na stuiḃardaċta díom? Ní ṫig liom róṁar, agus is náir liom déirc d’iarraiḋ.
4Tá a fios agam cad é ḋéanfas mé, ionnas, nuair a ċuirfear as an stiuḃardaċt mé, go nglacaiḋ siad isteaċ ina dtiġṫe mé.
5Ar an aḋḃar sin ġoir sé ċuige gaċ aoinneaċ de ḟiaċaṁnaiġ a ṫiġearna, agus duḃairt sé leis an ċéad duine: Cá ṁéad atá ag mo ṫiġearna ort-sa?
6Agus duḃairt seisean: Céad bairille ola. Agus duḃairt sé leis: Glac do ḃille, agus suiḋ síos go tapaiḋ, agus scríoḃ leiṫċéad.
7Annsin duḃairt sé le duine eile: Agus cá ṁéad atá ort-sa? Agus duḃairt seisean: Céad céaṫraṁa cruiṫneaċta. Duḃairt sé leis: Glac do ḃille agus scríoḃ ceiṫre fiċid.
8Agus ṁol an tiġearna an stuiḃard mí-ionnraic, de ḃríġ go ndearna sé críonnaċt: óir is críonna clann an tsaoġail seo do réir a gcinéil féin ná clann an tsoluis.
9Agus deirim-se liḃ: Déanaigiḋ cáirde díḃ féin de ṁammon na h-urċóide#16, 9 ṁammon na h-urċóide. Is ionann mammon agus saiḋḃreas. Ḃeirtear mammon na h-urċóide air annseo, de ḃríġ go ḃfaġtar é go minic le h-éagcóir, go ndéantar droċ-úsáid de agus go mbíonn sé ina ċúis ṗeacaiḋ. Cibé maiṫ a ḃíos ann, is rud saoġalta, bréagaċ é, agus ní h-é fíor-ṡaiḋḃreas an Ċríostaiḋe é.; ionnas, nuair a ḃéas siḃ i n-easbaiḋ, go nglacaiḋ siad isteaċ#16, 9 Go nglacaiḋ siad isteaċ. Féadfaiḋ boċta Dé, a dtugamar déirc dóib, ár n-anmanna a ṫaḃairt ċun na ḃflaiṫeas le n-a nguiḋe. ins na h-áruis síorraiḋe síḃ.
10An té a ḃíos dílis san rud is luġa bíonn sé dílis fosta i rud níos mó, agus an té a ḃíos mí-ionnraic san ḃeagán, bíonn sé mí-ionnraic fosta san ṁórán.
11Ar an aḋḃar sin, muna raiḃ síḃ dílis san tsaiḋḃreas ḃréagaċ, cé ṫaoḃfas é sin atá fíor liḃ?
12Agus muna raiḃ siḃ dílis i gcuid duine eile, cé ḃéarfas díḃ an níḋ is liḃ féin?
13Ní ṫig le seirḃíseaċ ar biṫ seirḃís#Mait. 6, 24. a ḋéanaṁ do ḋá ṁáiġistir: óir béiḋ fuaṫ aige ar ḋuine acu, agus gráḋ aige do’n duine eile, nó claoiḋfiḋ sé le duine acu, agus béiḋ díṁeas aige ar an duine eile. Ní ṫig liḃ seirḃís a ḋéanaṁ do Ḋia agus do ṁammon
14Agus na Fairisíniġ, a raiḃ an tsainnt ionnta, ċuala siad na neiṫe seo uilig, agus rinne siad magaḋ faoi.
15Agus duḃairt sé leo: Is siḃ-se an dream a ġní síḃ féin cóir i ḃfiaḋnaise na ndaoine, aċt is eol do Ḋia ḃur gcroiḋṫe; óir an níḋ a ḃíos árd i meas daoine, bíonn sé fuaṫṁar i láṫair Dé.
16Ḃí an dliġe agus na fáiḋe ann go dtí Eoin:#Mait. 11, 12. ó ṡoin tá ríoġaċt Dé dá craoḃscaoileaḋ, agus tá gaċ aoinneaċ ag déanaṁ foiréigin uirṫí.
17Aċt is fusa neaṁ agus talaṁ dul i neiṁníḋ,#Mait. 5, 18. ná aon ṁarc de’n dliġe tuitim.
18Gaċ aoinneaċ a ċuireas ar ṡiuḃal a ḃean agus a ṗósas bean eile, ġní sé aḋaltranas;#Mait. 5, 32; Marc. 10, 11; 1 Cor. 7, 10, agus 11. agus an té a ṗósas bean a cuireaḋ ar ṡiuḃal ó n-a fear, ġní sé aḋaltranas.
19Ḃí duine saiḋḃir áiriṫe ann, agus é gléasta i n-éadaċ ċorcra agus i línéadaċ ṁín, agus ṫéiġeaḋ sé ċun bíḋ go sóġaṁail gaċ lá.
20Agus ḃí fear déirce áiriṫe ann, darḃ ainm Lasair, ina luiġe ag a ġeafta, agus é lán de oṫraisí,
21Agus fonn air a ṡáiṫ d’iṫe de na graḃrógaí a ṫuiteaḋ de ṫábla an ḟir ṡaiḋḃir, agus ní ṫaḃaraḋ aoinneaċ dó; aċt ṫigeaḋ na madaiḋ agus liġeaḋ siad a oṫraisí.
22Agus ṫárla go ḃfuair an fear déirce bás, agus gur iomċar na h-aingle go h-uċt Abrahaim#16, 22 Uċt Abrahaim. An áit suaiṁnis i n-ar ċóṁnuiġ anmanna na naoṁ sul ar ḟoscail Críost na flaiṫis le n-a ḃas. é. Agus fuair an fear saiḋḃir báṡ fosta, agus h-aḋlacaḋ i n-ifreann é.
23Agus ag tógáil suas a ċuid súl dó nuair a ḃí sé dá ṗianaḋ, ċonnaic sé Abraham i ḃfad uaiḋ, agus Lasair ina uċt aige,
24Agus scairt sé amaċ, agus duḃairt: A Abrahaim, a aṫair, déan trócaire orm agus cuir Lasair go dtomaiḋ sé bárr a ṁéire i n-uisce, ċun mo ṫeanga d’ḟuaraḋ, óir tá mé mo ċéasaḋ san ḃlaḋair seo.
25Agus duḃairt Abraham leis: A ṁic, cuiṁniġ go ḃfuair tusa neiṫe maiṫe i do ṡaoġal, agus Lasair, mar an gcéadna, droċ-neiṫe; agus anois tá sólás dá ḟaġáil aige-sean, agus tá tusa do ċéasaḋ.
26Agus le n-a ċois sin uilig tá duiḃeagán mór curṫa eadrainne agus siḃ-se, san ċruṫ naċ féidir dóḃṫa sin ar ṁian leo é, dul anonn as seo ċugaiḃ-se, ná teaċt anall as sin ċugainne.
27Agus duḃairt sé: Ar an aḋḃar sin, a aṫair, iarraim ort é ċur go tiġ m’aṫar,
28Óir tá cúig dearḃráiṫre agam, go dtugaiḋ sé fiaḋnaise dóiḃ, ar eagla go dtigeaḋ siad-san fosta isteaċ san áit seo na bpian.
29Agus deir Abraham leis: Tá Maoise agus ná fáiḋe acu; éisteaḋ siad leo-san.
30Aċt duḃairt seisean: Ní h-eaḋ, a Abrahaim, a aṫair, aċt má ṫéid duine ċuca ó na mairḃ, ḋéanfaiḋ siad aiṫriġe.
31Agus duḃairt sé leis: Muna n-éistiḋ siad le Maoise agus leis na fáiḋe, dá n-éiriġeaḋ duine ó na mairḃ féin, ní ċreidfeaḋ siad é.
Attualmente Selezionati:
Lúcas 16: ASN1943G
Evidenziazioni
Condividi
Copia
Vuoi avere le tue evidenziazioni salvate su tutti i tuoi dispositivi?Iscriviti o accedi
rights held by the Bible Society in Northern Ireland