1
Lúcas 16:10
Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
An té a ḃíos dílis san rud is luġa bíonn sé dílis fosta i rud níos mó, agus an té a ḃíos mí-ionnraic san ḃeagán, bíonn sé mí-ionnraic fosta san ṁórán.
Confronta
Esplora Lúcas 16:10
2
Lúcas 16:13
Ní ṫig le seirḃíseaċ ar biṫ seirḃís a ḋéanaṁ do ḋá ṁáiġistir: óir béiḋ fuaṫ aige ar ḋuine acu, agus gráḋ aige do’n duine eile, nó claoiḋfiḋ sé le duine acu, agus béiḋ díṁeas aige ar an duine eile. Ní ṫig liḃ seirḃís a ḋéanaṁ do Ḋia agus do ṁammon
Esplora Lúcas 16:13
3
Lúcas 16:11-12
Ar an aḋḃar sin, muna raiḃ síḃ dílis san tsaiḋḃreas ḃréagaċ, cé ṫaoḃfas é sin atá fíor liḃ? Agus muna raiḃ siḃ dílis i gcuid duine eile, cé ḃéarfas díḃ an níḋ is liḃ féin?
Esplora Lúcas 16:11-12
4
Lúcas 16:31
Agus duḃairt sé leis: Muna n-éistiḋ siad le Maoise agus leis na fáiḋe, dá n-éiriġeaḋ duine ó na mairḃ féin, ní ċreidfeaḋ siad é.
Esplora Lúcas 16:31
5
Lúcas 16:18
Gaċ aoinneaċ a ċuireas ar ṡiuḃal a ḃean agus a ṗósas bean eile, ġní sé aḋaltranas; agus an té a ṗósas bean a cuireaḋ ar ṡiuḃal ó n-a fear, ġní sé aḋaltranas.
Esplora Lúcas 16:18
Home
Bibbia
Piani
Video