YouVersion logo
Ikona pretraživanja

Eoin 16

16
1D'inis mé an méid sin daoibh,
ionas nach nglacfaidh sibh scannal.
2Dúnfar amach as na sionagóga sibh;
tá an t‑am ag teacht, fiú amháin,
nuair a shílfidh an té a mharóidh sibh
gur ag déanamh réir Dé a bhíonn.
3Agus déanfaidh siad an méid sin [oraibh]
de bhrí nach bhfuil aithne acu ar an Athair ná ormsa.
4D'inis mé an méid sin daoibh
ionas go mbeadh cuimhne agaibh,
nuair a thiocfaidh an t‑am dó,
gur inis mé daoibh é.
Níor dhúirt mé na nithe seo libh ó thus
mar bhí mé in bhur bhfochair.
An Spiorad Naomh
5“Táim ag imeacht anois, go dtí an té a chuir uaidh mé,
agus ní fhiafraíonn aon duine agaibh díom,
‘Cá bhfuil tú ag dul?’
6Ach de bhrí gur dhúirt mé an méid sin libh,
líon bhur gcroí de bhrón.
7Insím an fhírinne daoibh, áfach:
is é bhur leas mise a imeacht,
mar mura n‑imeoidh mé,
ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh;
ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é.
8Agus nuair a thiocfaidh sé,
áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aige
i dtaobh an pheaca,
agus i dtaobh an chirt,
agus i dtaobh an bhreithiúnais.
9I dtaobh an pheaca, de bhrí nár chreid siad ionam;
10i dtaobh an chirt, de bhrí go bhfuilim ag triall ar an Athair;
11i dtaobh an bhreithiúnais, de bhrí go bhfuíl daorbhreith
tugtha cheana féin ar phrionsa an tsaoil seo.
12Tá mórán eile le rá agam libh,
ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois;
13ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne,
déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne.
Óir ní as féin a labhróidh;
labhróidh sé na nithe a chuala sé,
agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.
14Tabharfaidh sé glóir domsa,
óir is de mo chuidse a ghlacfaidh
agus a inseoidh sé daoibh.
15An uile ní dá bhfuil ag m'Athair, is liomsa é.
Uime sin a dúirt mé:
‘Is de mo chuidse a ghlacfaidh
agus a inseoidh sé daoibh.’
Íosa le Teacht Arís
16“Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé níos mó,
agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm,
mar táim ag triall ar an Athair.”
17Ansin dúirt cuid dá dheisceabail le chéile: “Cad é seo a deir sé linn: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus beidh radharc agaibh orm’; agus ‘mar táim ag triall ar an Athair’?” 18Dá bhrí sin dúirt siad: “Cad é an ‘tamall beag’ é seo a deir sé? Níl a fhios againn cad is ciall lena chomhrá.” 19Bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo é a cheistiú agus dúirt sé leo: “Tá sibh ag fiafraí dá chéile cad is ciall leis an rud a dúirt mé: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm.’
20Amen, Amen, a deirim libh,
beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh,
ach beidh an saol ag déanamh áthais.
Beidh sibhse buartha,
ach iompófar bhur mbuairt chun áthais.
21Nuair a bhíonn bean ina luí seoil,
bíonn buairt uirthi, de bhrí go bhfuil a hionú tagtha.
Ach nuair a bhíonn an leanbh saolaithe,
ní bhíonn cuimhne aici ar an trioblóid a thuilleadh,
le barr áthais go bhfuil duine saolaithe.
22Agus sibhse mar an gcéanna,
tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh,
agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais,
agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n‑áthas díbh.
23An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm.
Amen, Amen, a deirim libh,
má iarrann sibh ní ar bith ar an Athair
tabharfaidh sé daoibh é i m'ainm-sé.
24Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i m'ainm.
Iarraigí agus gheobhaidh sibh,
chun go mbeadh bhur n‑áthas iomlán.
25Labhair mé an méid sin libh i solaoidí.
Tá an t‑am ag teacht,
nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí,
ach inseoidh mé daoibh go soiléir
mar gheall ar an Athair.
26Iarrfaidh sibh i m'ainm an lá sin,
agus nílim á rá libh
go ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son.
27Óir tá cion ag an Athair féin oraibh,
de bhrí go raibh cion agaibh orm,
agus gur chreid sibh
gur ó Dhia a ghabh mé amach.
28Ghabh mé amach ón Athair, agus tháinig mé ar an saol.
Táim ag fágáil an tsaoil arís,
agus táim ag triall ar an Athair.”
29Dúirt a dheisceabail leis: “Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú á rá. 30Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach.” 31D'fhreagair Íosa iad:
“An gcreideann sibh anois?
32Féach, tá an uair ag teacht,
agus tá sí ann cheana féin,
nuair a scaipfear sibh,
gach duine chun a bhaile féin,
agus fágfaidh sibh mise i m'aonar.
Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.
33Labhair mé na nithe sin libh,
chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa.
Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh.
Tá buaite agamsa ar an saol.”

Trenutno odabrano:

Eoin 16: ABN

Istaknuto

Podijeli

Kopiraj

None

Želiš li svoje istaknute stihove spremiti na sve svoje uređaje? Prijavi se ili registriraj