YouVersion logo
Ikona pretraživanja

Eoin 15

15
An Fhíniúin Fhíor
1Mise an fhíniúin fhíor,
agus is é m'Athair an saothraí.
2Gach géag ionam nach dtugann toradh,
bainfidh sé í;
agus gach géag a thugann toradh,
bearrfaidh sé í,
ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.
3Tá sibhse bearrtha de bharr an bhriathair a labhair mé libh.
4Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh.
Faoi mar nach féidir don ghéag
toradh a thabhairt uaithi féin,
mura bhfanann sí san fhíniúin,
sin mar nach féidir daoibhse,
mura bhfanann sibh ionamsa.
5Mise an fhíniúin, sibhse na géaga;
an té a fhanann ionamsa, agus mise ann,
tugann seisean toradh mór uaidh;
óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.
6Cibé nach bhfanfaidh ionamsa,
caithfear amach é mar ghéag,
agus feofaidh sé;
agus tógfar agus caithfear sa tine iad,
agus dófar iad.
7Má fhanann sibh ionamsa
agus má fhanann mo bhriathra ionaibh,
iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh
agus déanfar daoibh é.
8Tugadh glóir do m'Athair
sa mhéid go dtugann sibhse toradh mór uaibh,
agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agamsa.
9Faoi mar a thug an tAthair grá domsa,
thug mise grá daoibhse chomh maith.
Fanaigí i mo ghrá.
10Má choinníonn sibh m'aitheanta,
fanfaidh sibh i mo ghrá,
faoi mar a choinnigh mise aitheanta m'Athar,
agus a fhanaim ina ghrá.
11Dúirt mé na nithe seo libh
chun go mbeadh mo lúcháir-sé ionaibh
agus go mbeadh bhur lúcháir-sé iomlán.
12Is í seo m'aithne:
sibh a thabhairt grá dá chéile,
faoi mar a thug mé grá daoibh.
13Níl grá ag aon duine níos mó ná seo
go dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde.
14Sibhse mo chairde
má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.
15Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta,
mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir.
Ach thug mé cairde oraibh,
óir gach a gcuala ó m'Athair,
chuir mé in iúl daoibh é.
16Ní sibhse a rinne mise a thoghadh,
ach mise a rinne sibhse a thoghadh,
agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibh
agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh;
i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm,
go dtabharfadh sé daoibh é.
17Is iad seo m'aitheanta daoibh:
sibh a thabhairt grá dá chéile.
An Saol
18“Má thugann an saol fuath daoibh,
bíodh a fhios agaibh gur thug sé fuath domsa romhaibh.
19Dá mba den saol sibh
bheadh cion ag an saol ar a chuid féin.
Ach de bhrí nach den saol sibh
ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol,
uime sin atá fuath ag an saol daoibh.
20Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh:
‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir.
Má rinne siad géarleanúint ormsa,
déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith.
Má choinnigh siad mo bhriatharsa,
coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.
21Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh,
ar son m'ainmse,
mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.
22Mura dtiocfainn agus labhairt leo,
ní bheadh peaca orthu.
Ach anois níl leithsceal acu i dtaobh a bpeaca.
23An té ar fuath leis mise,
is fuath leis m'Athair chomh maith.
24Mura ndéanfainn na hoibreacha ina measc,
nach ndearna aon duine eile,
ní bheadh peaca orthu.
Ach anois chonaic siad, agus is fuath leo,
mise agus m'Athair, in éineacht.
25Ach ionas go gcomhlíonfaí an focal
atá scríofa sa dlí acu [é sin]:
‘Thug siad fuath dom gan chúis.’
26Nuair a thiocfaidh an tAbhcóide
a chuirfidh mé chugaibh ón Athair,
Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair,
déanfaidh sé fianaise orm.
27Déanann sibhse fianaise freisin,
mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach.

Trenutno odabrano:

Eoin 15: ABN

Istaknuto

Podijeli

Kopiraj

None

Želiš li svoje istaknute stihove spremiti na sve svoje uređaje? Prijavi se ili registriraj

Videozapis za Eoin 15