Logo de YouVersion
Icono de búsqueda

Maitiú 6

6
Caibidil VI
An tseanmóir ar an tsliabh ar leanamhaint.
1Tabhairigidh aire gan bhur bhfíréantacht#6, 1 Bhur bhfíréantacht. Oibreacha na fíréantachta, i.e. troscadh, urnaighe, agus déirc: agus ba chóir iad sin a dhéanamh ní chun go bhfeicthí iad, nó chun daoine a shásamh, acht chun Dia a shásamh. a dhéanamh ós cómhair daoine d’fhonn go bhfeiceadh siad sibh: nó ní bhéidh luach saothair agaibh ó bhur n-Athair atá ar neamh.
2Ar an adhbhar sin, nuair a ghní tú déirc, ná cuir adharc a séideadh rómhat, mar ghní na bréagchráibhthigh ins na sineagóga agus ar na sráideacha, chun go bhfaghadh siad onóir ó dhaoine. Amén adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fáighte acu.
3Acht nuair a ghní tusa déirc, ná bíodh a fhios ag do láimh chlí cad é bhíos dá dhéanamh ag do láimh dheis:
4Ionnas go raibh do dhéirc i bhfolach, agus d’Athair atchí a bhfuil i bhfolach, cúiteochaidh sé leat í.
5Agus nuair a ghní sibh urnaighe, ná bígidh mar na bréagchráibhthigh, ar maith, leo urnaighe a dhéanamh ina seasamh ins na sineagóga agus ag coirnéil na sráid chun go bhfeiceadh daoine iad. Amén adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fáighte acu.
6Acht nuair a dhéanfas tusa urnaighe, gabh isteach i do sheomra, druid an doras, agus i bhfolach guidh d’Athair, agus d’Athair atchí a bhfuil i bhfolach, cúiteochaidh sé leat í.
7Agus ag guidhe díbh, ná déanaigidh mórán cainnte, mar ghní na págánaigh: óir síleann siad-san gur as méid a gcuid cainnte a éistfear leo.
8Dá bhrígh sin, ná bígidh cosamhail leobhtha-san. Óir tá a fhios ag bhur n-Athair cad é bhíos do dhíth oraibh, sul a n-iarraidh sibh air é.
9Is mar seo, dá bhrígh sin, a dhéanfas sibh urnaighe:#Lúc. 11, 2. Ár n-Athair, atá ar neamh, go naomhthar d’ainm.
10Go dtigidh do ríoghacht. Go ndéantar do thoil ar an talamh mar ghníthear ar neamh.
11Ár n-arán sár-shubstainteach#6, 11 Arán sár-shubstainteach. Arán laetheamhail atá ag N. Lúcas. Tuigtear go gcialluigheann sé arán na beatha a gheibhmíd san tSacramaint Ró-Naomhtha. tabhair dúinn indiu.
12Agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimíd-inne dár bhfiachamhnaibh féin.
13Agus ná leig sinn i gcathughadh#6, 13 Ná leig sinn i gcathughadh. Is é sin le rádh, ná leig do’n chathughadh buaidh d’fhagháil orainn., acht saor sinn ó olc. Amén.
14Óir má mhaitheann sibh-se a gcionntaí do dhaoine,#Eccl. 28, 3-5; Marc. 11, 25. maithfidh bhur n-Athair neamhdha bhur gcionntaí díbh-se fhosta.
15Acht muna maithidh sibh-se do dhaoine, ní mhaithfidh bhur n-Athair bhur bpeacaidhe díbh-se.
16Agus nuair a ghní sibh troscadh, ná bígidh gruamdha ar nós na mbréagchráibhtheach: óir dorchuigheann siad-san a n-aighthe, chun go mba léir do dhaoine iad a bheith ag déanamh troscaidh. Amén adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fáighte acu.
17Acht nuair a ghní tusa troscadh, cuir ola ar do chionn, agus nigh d’aghaidh:
18Chun nach bhfeicthear do dhaoine, acht do d’Athair atá i bhfolach, thú a bheith ag déanamh troscaidh; agus d’Athair, atchí a bhfuil i bhfolach, cúiteochaidh sé leat é.
19Ná taiscigidh stór díbh féin ar an talamh, mar a n-itheann an mheirg agus an léadhmán, agus mar a dtochlann agus a ngoideann gadaidhthe.
20Acht taiscigidh stór díbh féin ar neamh,#Lúc. 12, 33; 1 Tim. 6, 19. mar nach n-itheann an mheirg ná an léadhmán, agus mar nach dtochlann agus nach ngoideann gadaidhthe.
21Óir mar a mbíonn do stór, is ann a bhíos do chroidhe fosta.
22Is i do shúil solus do chuirp.#Lúc. 11, 24. Má bhíonn do shúil glan, béidh do chorp uilig soillseach.
23Acht má bhíonn do shúil olc, béidh do chorp uilig dorcha. Dá bhrígh sin, má’s dorchadas an solus a bhíos ionnat, cad é méid an dorchadais féin?
24Ní thig le h-aoinneach seirbhís a dhéanamh do dhá mháighistir:#Lúc. 16, 13. óir béidh fuath aige ar duine acu, agus grádh aige do’n duine eile: nó cuirfidh sé suas le duine acu, agus béidh dímheas aige ar an duine eile. Ní thig libh seirbhís a dhéanamh do Dhia agus do Mhammon#6, 24 Mhammon. Saidhbhreas, nó suim i neithe saoghalta..
25Ar an adhbhar sin, deirim libh, ná bíodh cúram oraibh#Sailm 54, 23; Lúc. 12, 22; Pilip. 4, 6; 1 Tim. 6, 7; 1 Pead. 5, 7. fá bhur mbeatha, cad é a íosas sibh, ná fá bhur gcorp, cad é a chuirfeas sibh oraibh. Nach mó an t-anam ná an biadh, agus an corp ná an t-éadach?
26Dearcaigidh ar éanacha an aeir, óir ní chuireann siad, ná ní bhaineann siad, ná ní chruinnigheann siad isteach i sciobóil: agus beathuigheann bhur n-Athair neamhdha iad. Nach mó go mór is fiú sibh-se ná iad-san?
27Agus cé agaibh, le meabhrughadh, a dtig leis aon bhannlámh amháin a chur le n-a áirde?
28Agus cad chuige a mbíonn éadach ag déanamh cúraim díbh? Tabhairigidh fá dear mar a fhásas lilí na míne: ní shaothruigheann siad, ná ní shníomhann siad.
29Acht deirim libh nach raibh Salomon féin i n-iomlán a ghlóire cóirighthe mar chionn acu sin.
30Agus má chóirigheann Dia mar seo féar an ghuirt atá ann indiu, agus a chaithfear isteach san oigheann i mbárach: nach mó ná sin a dhéanfas sé díbh-se, a lucht an chreidhimh bhig?
31Dá bhrígh sin, ná bíodh cúram oraibh, agus sibh ag rádh: Cad é íosas sinn, nó cad é ólfas sinn, nó cad é chuirfeas sinn orainn?
32Óir is iad seo uilig na neithe a iarras na págánaigh. Óir tá a fhios ag bhur n-Athair go bhfuil na neithe sin uilig do dhíth oraibh.
33Ar an adhbhar sin, iarraigidh ar dtús ríoghacht Dé, agus a fhíréanacht: agus bhéarfar díbh, le n-a chois sin, na neithe seo uilig.
34Ná bíodh cúram oraibh, dá bhrígh sin, fá’n lá i mbárach: óir béidh a chúram féin ar an lá i mbárach: Ní beag do’n lá a chuid féin de’n olc.

Actualmente seleccionado:

Maitiú 6: ASN1943

Destacar

Compartir

Copiar

None

¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión

YouVersion utiliza cookies para personalizar su experiencia. Al usar nuestro sitio web, acepta nuestro uso de cookies como se describe en nuestra Política de privacidad