Maitiú 5
5
Caibidil V
Seanmóir Chríost ar an tsliabh. Na h-ocht mBeannachta.
1Agus ar fheiceáil na sluagh do Íosa, chuaidh sé suas ar shliabh, agus nuair a shuidh sé síos, tháinic a dheisciobail chuige.
2Agus d’fhoscail sé a bhéal, agus thug sé teagasc dóibh, ag rádh:
3Is beannuighthe na bochta i spiorad#5, 3 Na bochta i spiorad. Is iad sin na daoine a bhíos uiríseal i gcroidhe; Agus fosta an dream nach gcuireann a ndúil i maoin an tsaoghail.:#Lúc. 6, 20. óir is leo ríoghacht na bhflaitheas.
4Is beannuighthe na daoine ceannsa:#Sailm 36, 11. óir béidh sealbh an talaimh acu.
5Is beannuighthe lucht an dóláis:#Isaias 61, 2. óir gheobhaidh siad sólás.
6Is beannuighthe an dream ar a mbíonn ocras agus tart na córa: óir sásóchar iad.
7Is beannuighthe lucht na trócaire: óir gheobhaidh siad trócaire.
8Is beannuighthe lucht an ghlan-chroidhe:#Sailm 23, 4. óir tchífhidh siad Dia.
9Is beannuighthe lucht déanta na síothchána: óir goirfear clann Dé díobh.
10Is beannuighthe an dream a fhulaingeas géirleanamhaint#1 Pead. 2, 20 agus 3, 14 agus 4, 14. ar son na córa: óir is leo ríoghacht na bhflaitheas.
11Is beannuighthe sibh-se nuair a bhéarfar achmhusán díbh, agus chuirfear géirleanamhaint oraibh, agus déarfar gach olc i bhur n-aghaidh go bréagach, mar gheall orm-sa;
12Bíodh lúthgháir agus áthas oraibh, óir is ró-mhór bhur luach saothair ar neamh: Óir is mar sin a ghéirlean siad na fáidhe a tháinic rómhaibh.
13Is síbh-se salann an talaimh.#Marc. 9, 49; Lúc. 14, 34. Acht má chailleann an salann a bhrígh, cá leis a ndéanfar salann de? Ní bhíonn de mhaith ann annsin, acht a chaitheamh amach, agus a bhrúghadh faoi chosa daoine.
14Is síbh-se solus an domhain. Ní féidir cathair atá suidhte ar shliabh d’fholach.
15Agus ní lasann daoine coinneal,#Marc. 4, 21; Lúc. 8, 16 agus 11, 33. chun í chur faoi bhocsa an phlúir, acht ar an choinnleoir, chun go dtugaidh sí solus dá bhfuil san tigh.
16Go mba mar sin a shoillseochas bhur solus-sa ós cómhair daoine,#1 Pead. 2, 12. ionnas go bhfeicidh siad bhur ndéagh-oibreacha, agus go dtugaidh siad glóir do bhur n-Athair atá ar neamh.
17Ná measaigidh go dtáinic mise chun an dlighe, nó na fáidhe, a chur ar neimhnídh: ní chun a gcur ar neimhnídh a tháinic mé, acht chun a gcóimhlíonta#5, 17 Chun a gcóimhlíonta. Bhi cóimhlíonadh na bhfhígiúirí agus na dtairn-gireacht go léir i gCríost, agus bheachtuigh sé an méid a bhí neimbeacht san tSean-Reacht..
18Óir amén#5, 18 Amén. Is é sin, go deimhin, nó go fírinneach. Is focal Eabhraise Amén, is congbhuightear annseo é ar ughdarás na gceithre Soiscéalaidhthe, agus do réir a sompla, óir congbhuigeann an ceathrar acu an focal. Ghní ár dTighearna úsáid de le foirbhrígh a chur ina chuid cainnte, agus chun an fhírinne a dhearbhadh go tréan. adeirim libh, go raibh deireadh le neamh agus talamh, ní rachaidh aon litir ná aon mharc as an dlighe, go dtí go dtárluighidh an t-iomlán.#Lúc. 16, 17.
19Ar an adhbhar sin, an té a dhéanfas neimhnídh d’aon chionn de na h-aitheanta fhíor-bheaga seo,#Séamus 2, 10. agus a mhúinfeas amhlaidh do dhaoine, goirfear an té is lugha i ríoghacht na bhflaitheas de: acht an té a chongbhóchas agus a mhúmfeas iad, goirfear duine mór de-sean i ríoghacht na bhflaitheas.
20Óir deirim libh, muna raibh bhur bhfíréantacht níos treise ná fíréantacht#Lúc. 11, 39. na Scríobhaidhthe agus na bhFairisíneach#5, 20 Scríobhaidhthe agus na bhFairisíneach. Ba doctúirí, is é sin, mú inteoirí agus mínightheoirí Dhlighe Mhaoise ha Scríobhaidhthe. Aicme na Fairisínigh a bí i n-ainm a bheit an-bheacht ina n-iomchar, agus bheireadh siad le fios go mbíodh siad ag congbháil an dlighe ar mhodh ní ba chúramaighe ná ghníodh dream ar bith eile. Dá bhrígh sin, bhí meas mór ag an phobal ortha., nach rachaidh sibh isteach go ríoghacht na bhflaitheas.
21Chuala sibh go ndubhradh leis na sinnsir: ná déan marbhadh;#Ecs. 20, 13; Deut. 5, 17. cibé a ghní marbhadh, béidh sé cionntach do’n bhreitheamhnas#5, 21 Béidh sé cionntach do’n bhreitheamhnas. Béidh pionós tuillte aige ó chúirt ísil na n-lúdach, ar a dtugtaí an Breitheamhnas, agus a raibh ughdarás aice coirthe de’n tseort seo a fhéacháil..
22Acht deirim-se libh: cibé a mbíonn fearg air le n-a dhearbhráthair, béidh sé cionntach do’n bhreitheamhnas. Agus cibé a déarfas le n-a dhearbhráthair, Raca#5, 22 Raca. Focal a raibh fearg mhór nó tarcuisne mhór ag dul leis. Béidh sé cionntach do’n Chómhairle. Bérdh pionós tuillte aige ó’n árd-chúirt ar a dtugtaí an Chómhairle, nó an Sanhedrim. I gcathair Ierusalem a bhíodh an Chómhairle, agus bhí dhá bhall déag agus trí fichid ar a líon. Thigeadh na coirthe a ba thruime chun féachála agus breitheamhnais ós cómhair na Cómhairle seo., béidh sé cionntach do’n chómhairle. Agus cibé a déarfas, a amadáin#5, 22 A Amadáin. Nuair a deirtí seo le tarcuisne, te fuath, nó le droch-aigne, mheastaí ina, mhasla mór é; dá bhrígh sin, cáintear go trom annseo é., béidh sé cionntach do theinidh ifrinn#5, 22 Béidh sé cionntach do theinidh ifrinn. Do réir na Gréigise, tuillfidh sé a chaitheamh isteach i nGehenna na teineadh. Ghní an Slánuightheoir úsáid de na focla sin le teine agus pianta ifrinn a chur i n-iúl dúinn..
23Ar an adhbhar sin, má bheir tú do thabhartas chun na h-altóra, agus cuimhniughadh annsin go bhfuil rud éigin ag do dhearbhráthair i d’aghaidh.
24Fág do thabhartas annsin ós cómhair na h-altóra, agus imthigh agus réidhtigh le do dhearbhráthair ar dtús: annsin tar, agus ofráil do thabhartas.
25Réidhtigh le d’eascaraid go luath,#Lúc. 12, 58. nuair a bhíos tú i n-aoinfheacht leis san tslighe: ar eagla go dtabharadh an eascara ar láimh do’n bhreitheamh thú, agus go dtabharadh an breitheamh ar láimh dá ghiolla thú, agus go gcaithtí isteach i bpríosún thú.
26Amén adeirim leat, nach rachaidh tú amach as sin go dtí go ndíolaidh tú an fheoirling dheireannach.
27Chuala sibh go ndubhradh leis na sinnsir:#Ecs. 20, 14. Ná déan adhaltranas.
28Acht deirim-se libh: cibé a dhearcas ar mhnaoi le n-a sanntughadh, go mbíonn adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroidhe.
29Agus má bhíonn do shúil dheas ina cúis pheacáidh#5, 29 cúis pheacáidh. Is léir dúinn ó’n chainnt seo go bhfuil orainn gar-ócáideacha peacaidh a sheachadh, fiú dá mbéadh siad cómh riachtanach dúinn, agus sinn cómh leagtha ortha, agus dá mba lámh nó súil linn iad. agat,#Marc. 9, 46. stróc amach í, agus teilg uait í: óir is feárr duit aon bhall de do chuid a dhul amugha, ná dá dteilgthí do chorp uilig isteach go h-ifreann.
30Agus má bhíonn do lámh dheas ina cúis pheacaidh agat, gearr díot í, agus teilg uait í: óir is feárr duit aon bhall de do chuid a dhul amugha, ná dá dtéigheadh do chorp uilig go h-ifreann.
31Agus dubhradh: Cibé a chuirfheas uaidh a bhainchéile,#Deut. 24, 1. tabharadh sé litir a scaoilte dí.
32Acht deirim-se libh:#Marc. 10, 11; Lúc. 16, 18; 1 Cor. 7, 10. Cibé a chuirfeas uaidh a bhainchéile, acht amháin i gcás drúise, go dtabhrann sé uirthí adhaltranas a dhéanamh: agus cibé a phósfas í sin a cuireadh ar shiubhal, ghní sé adhaltranas.
33Mar an gcéadna, chuala sibh go ndubhradh leis na sinnsir: Ná tabhair mionna bréige:#Ecs. 20, 7; Leibh. 19, 12; Deut. 5, 11; Séamus 5, 12. acht cóimhlíon do mhóide do’n Tighearna.
34Acht deirim-se libh gan mionna a thabhairt#5, 34 Gan mionna a thabhairt. Ní fhuil sé crosta orainn mionna a thabhairt i bhfírinne, i gceart, agus i mbreitheamhnas; nuair a bhíos onóir Dé i gceist, nó ár gceart féin nó ceart na cómharsan le cosaint. Mionnadh tobann, diamhaslach, i gcómhrádh, gan riachtanas leis, atá crosta. ar chor ar bith: ná mionnuigh dar neamh, óir is í cathaoir Dé í;
35Ná dar an talamh, óir is é stól a choise é; ná dar Ierusalem, óir is í cathair an Ríogh Mhóir í.
36Agus ná mionnuigh dar do cheann, mar nach dtig leat aon ruibe a dhéanamh geal ná dubh.
37Acht bíodh seadh, seadh:#Séamus 5, 12. ní h-eadh, ní h-eadh, mar chainnt agaibh: óir cibé nídh a bhíos níos déine ná iad sin, is ó’n olc é.
38Chuala sibh go ndubhradh:#Ecs. 21, 24; Leibh. 24, 20; Deut. 19, 21. Súil ar son súile, fiacal ar son fiacaile.
39Acht deirim-se libh, gan cur i n-aghaidh an uile#5, 39 Gan cur i n-aghaidh an uile. Is é rud atá órduighthe annseo díoghbháil agus masla a ghlacadh le foighid Chríostamhail, agus a bheith fonnmhar tuilleadh féin d’fhuilstin shul a ngéillfidhe do fhonn díoghaltais. Ní fhuil an chuid eile de seo le tuigbheáil do réir na litre, óir níor thionntuigh Críost ná N. Pól an leicinn eile. (Eoin 18 Agus Gníomh. 23.):#Lúc. 6, 29. acht má bhuaileann duine san leicinn dheis thú, tionntuigh an ceann eile chuige fhosta.
40Agus má’s mian le duine an dlighe a chur ort,#1 Cor. 6, 7. agus do chasóg a bhreith leis, leig leis do chlóca fhosta.
41Agus cibé a chuirfeas d’fhiachaibh ort míle a shiubhal, gabh leis dhá mhíle eile.
42Tabhair do’n té a iarras ort,#Deut. 15, 8. agus ná tionntuigh ar shiubhal ó’n té arbh áil leis iasacht uait.
43Chuala sibh go ndubhradh: Bíodh grádh#Leibh. 19, 18. agat ar do chómharsain, agus bíodh fuath agat ar do námhaid.
44Acht deirim-se libh: Grádhuighigidh#Lúc. 6, 27. bhur náimhde: déanaigidh maith dóbhtha sin a bheir fhuath díbh:#Rómh. 12, 20. agus guidhigidh ortha sin a ghní géirleanamhaint agus tromaidheacht oraibh:#Lúc. 23, 34; Gníomh. 7, 59.
45Ionnas go raibh sibh i bhur gcloinn ag bhur n-Athair atá ar neamh: an té a bheir ar a ghréin éirghe ar dheagh dhaoine agus ar dhroch-dhaoine, agus a chuireas fearthainn chuig daoine córa agus chuig éagcóraigh.
46Óir má ghrádhuigheann sibh iad sin a bheir grádh díbh, cad é an luach saothair a bhéas agaibh? Nach ndéan na puibliocánaigh#5, 46 Na puibliocánaigh. B’iad-san a bhailigheadh na cánacha puiblidhe. Bhí fuath ontha, agus droch-chliú ortha imeasc na n-lúdach, mar gheall ar a stracaireacht agus a n-éagcóir. féin an méid sin?
47Agus muna mbeannuighidh sibh acht amháin do bhur mbráithre, cad é bhíos dá dhéanamh thar an choitcheann agaibh? Nach ndéan na págánaigh féin sin?
48Dá bhrígh sin, bígidh sár-mhaith, díreach mar atá bhur n-Athair neamhdha sár-mhaith.
Actualmente seleccionado:
Maitiú 5: ASN1943
Destacar
Compartir
Copiar
¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión
rights held by the Bible Society in Northern Ireland