Logo de YouVersion
Icono de búsqueda

Maitiú 7

7
Caibidil VII
An tríomhadh cuid de’n tseanmóir ar an tsliabh.
1Ná tabhairigidh breith,#Lúc. 6, 37; Rómh. 2, 1. chun nach dtabharthar breith oraibh.
2Óir is do réir na breithe a thug sibh, a bhéarfar breith oraibh: agus is leis an mhiosúr#Marc. 4, 24. le n-ar thómhais sibh, a thómhaisfear thar ais díbh.
3Agus cad chuige a bhfeiceann tú an scealbóg i súil do dhearbhráthar, agus nach dtabhrann tú fá dear an tsail i do shúil féin?
4Nó cad é mar thig leat rádh le do dhearbhráthair: leig damh an scealbóg a bhaint as do shúil; agus féach, an tsail i do shúil féin?
5A bhréagchráibhthigh, caith an tsail amach as do shúil féin ar dtús, agus annsin tchífidh tú go soiléir chun an scealbóg a bhaint as súil do dhearbhráthar.
6Ná tabhairigidh an rud naomhtha do na madaidh: agus ná caithigidh bhur bpéarlaí ós cómhair na muc, ar eagla go dtaltuigheadh siad faoi n-a gcosa iad, agus go dtionntuigheadh siad thart agus sibh a strócadh.
7Iarraigidh,#Marc. 11, 24; Lúc. 11, 9; Eoin 14, 13; Séamus 1, 6. agus bhéarfar díbh; cuartuighigigh, agus gheobhaidh sibh; buailigidh, agus fosclóchar díbh.
8Óir glacann gach aoinneach a iarras, gheibh an té a chuartuigheas, agus fosclóchar do’n te a bhuaileas.
9Nó cé’n duine agaibh, dá n-iarradh a mhac arán air, a shínfeadh cloch chuige?#Lúc. 11, 11.
10Nó dá n-iarradh sé iasc, an sínfeadh sé nathair nimhe chuige?
11Dá bhrígh sin, má tá tuigse agaibh-se, atá olc, tabhartaisí maithe a thabhairt do bhur gcloinn: nach mó go mór a bhéarfas bhur n-Athair, atá ar neamh, neithe maithe dóbhtha sin a iarras air?
12Gach uile nídh, ar an adhbhar sin, dár mhaith libh go ndéanfadh daoine díbh,#Tob. 4, 16; Lúc. 6, 31. déanaigidh dóbhtha-san é: óir is é seo an dlighe agus na fáidhe.
13Téighigidh isteach ar an gheafta chumhang, #Lúc. 13, 24.óir is fairsing an geafta, agus is leathan an bóthar a threoruigheas chun na h-aimhleasa; agus dá mórán a théid isteach air.
14Nach cumhang an geafta, agus nach caol an bóthar, a threoruigheas chun na beatha; agus is beag a chuireas eolas air.
15Seachnaigidh na fáidhe bréige, a thig chugaibh i gculaith chaorach, acht ar maca tíre crosacha iad ar an taoibh istigh.
16As a dtortha a chuirfeas sibh aithne ortha. An gcruinnigheann daoine caora fíneamhna de dhreasógaí, nó fígí de fhothannáin?
17Mar sin, bheir gach crann maith toradh maith uaidh, acht bheir an droch-chrann droch-thoradh uaidh.
18Ní thig le crann maith droch-thoradh a thabhairt, agus ní thig le droch-chrann toradh maith a thabhairt.
19Gach crann nach dtugann toradh maith, gearrfar anuas é, agus caithfear san teinidh é.
20Dá bhrígh sin, is ar a dtortha a aithneochas sibh iad.
21Ní h-é gach duine a deir liom-sa:#Lúc. 6, 46. A Thighearna, a Thighearna, a rachas isteach i ríoghacht na bhflaitheas: acht an té a ghní toil m’Athar, atá ar neamh, rachaidh seisean isteach i ríoghacht na bhflaitheas.
22Déarfaidh mórán liom-sa ar an lá sin: A Thighearna, a Thighearna, an é nach ndearnamar fáidheadóireacht i d’ainm-se, agus nár theilgeamar amach deamhain i d’ainm,#Gníomh. 19, 13. agus nach ndearnamar mórán míorbhailte i d’ainm?
23Agus annsin admhóchaidh mé dóibh: Níor chuir mé aithne ariamh oraibh: Imthighigidh uaim, a lucht déanta na h-urchóide.#Sailm 6, 9; Lúc. 13, 27.
24Ar an adhbhar sin, gach duine a chluineas na briathra seo agam-sa, agus a ghní dá réir,#Lúc. 6, 48; Rómh. 2, 13; Séamus 1, 22. samhlóchar é le fear críonna a thóg a theach ar charraig.
25Agus thuit an bháistéach, agus tháinic na tuilte, agus shéid na gaotha, agus bhuail siad i n-aghaidh an tighe sin, agus níor thuit sé; óir bhí sé bunuighthe ar charraig.
26Agus gach duine a chluineas na briathra seo agam-sa, agus nach ndéan dá réir, béidh sé cosamhail le fear amaideach a thóg a theach ar an ghainimh.
27Agus thuit an bháisteach, agus tháinig na tuilte, agus shéid na gaotha, agus bhuail siad i n-aghaidh an tighe sin, agus thuit sé; agus ba mhór a thuitim.
28Agus thárla, nuair a bhí na briathra séo críochnuighthe ag Íosa, go raibh na sluaighte ag déanamh iongantais dá theagasc.
29Óir bhí sé ghá dteagasc mar neach a mbéadh cumhacht aige,#Marc. 1, 22; Lúc. 4, 32. agus níorbh ionann agus a Scríobhaidhthe agus a bhFairisínigh.

Actualmente seleccionado:

Maitiú 7: ASN1943

Destacar

Compartir

Copiar

None

¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión

YouVersion utiliza cookies para personalizar su experiencia. Al usar nuestro sitio web, acepta nuestro uso de cookies como se describe en nuestra Política de privacidad