YouVersion Logo
Search Icon

Ióéil 2

2
Na Lócaistí agus Lá an Tiarna
1Séidigí an stoc i Síón!
Tógaigí gártha rabhaidh ar mo shliabh naofa!
Creathnaíodh áitritheoirí uile na tíre!
Óir, tá lá an Tiarna ag teacht, tá sé in achmaireacht.
2Lá dorchadais agus doiléire!
Lá scamall agus dúnéalta!
Ar nós na camhaoire tá scaoth líonmhar láidir
ag leathadh thar na sléibhte;
ní raibh a leithéid ann riamh
ná ní bheidh a leithéid ann arís
go ceann na gcianta cairbreacha.
3Rompu amach tá tine ag ídiú léi
agus tá na lasracha ag loscadh ina ndiaidh.
Sula dtagann siad bíonn an dúiche cosúil le gairdín Éidin
ach is cuma nó fásach folamh í ina ndiaidh;
ní théann aon ní slán uathu.
4Cruth capall a gcruth
agus réabann siad leo ar aghaidh ar nós eachra cogaidh.
5Ag scinneadh thar mhullaí na sléibhte dóibh
déanann siad torann mar thormáil carbad
nó mar chnagarnach lasracha ag ídiú coinligh
nó mar arm cumhachtach faoi chóiriú catha.
6Tá na daoine ag cúbadh rompu le teann duainéise:
iompaíonn a lí orthu uile.
7Réabann siadsan leo ar aghaidh mar laochra láidre;
amhail fir chogaidh dreapann siad an balla;
téann gach ceann díobh ar aghaidh ina líne féin
agus ní chlaonann siad óna raon.
8Ní bhuaileann siad le chéile
mar gluaiseann gach ceann díobh feadh a chasáin féin.
Réabann siad leo ar aghaidh trí lár na ndiúracán
i ranganna gan briseadh.
9Ionsaíonn siad an chathair,
ritheann siad ar an mballa,
dreapann siad suas ar na tithe
agus déanann siad a mbealach isteach trí
na fuinneoga ar nós gadaithe.
10Tá an talamh ar crith
agus na spéartha suaite rompu;
tá an ghrian agus an ghealach ag dorchú
agus na réaltaí ag cailleadh a ngile.
11Ardaíonn an Tiarna a ghlór
ar thosach a shlua;
is do-áirithe an t‑arm atá aige
agus is cumhachtach an té a chomhlíonann a orduithe.
Óir lá mór is ea lá an Tiarna agus is scéiniúil é go deimhin.
Cé atá in ann a fhulaingt?
Déanaigí Aithrí, Troscadh agus Guí
12“Ach anois féin,” a deir an Tiarna,
“filligí ormsa le lándúthracht bhur gcroí
agus sibh ar troscadh agus ag gol agus ag olagón;
13agus réabaigí bhur gcroí in ionad bhur mball éadaigh.”
Filligí chun an Tiarna, bhur nDia,
mar tá sé truachroíoch agus trócaireach,
mall chun feirge agus lán de bhuanghrá
agus is aithreachas dó an t‑olc.
14Cá bhfios ná go dtiocfaidh aithreachas air arís
agus go bhfágfaidh sé a bheannacht ina dhiaidh
sa chaoi go mbeidh ofráil arbhair agus íobairt dí agaibh
le haghaidh an Tiarna bhur nDia.
15Séidigí an stoc i Síón!
Ordaígí troscadh!
Fógraígí comóradh sollúnta!
16Cruinnigí an pobal,
ordaígí tionól,
bailígí na seanóirí, tugaigí na leanaí i gceann a chéile,
fiú na naíonáin chíche féin.
Imíodh an nuachéile as a sheomra
agus an nuachar as a cailleach.
17Idir an póirse agus an altóir
goileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís:
“Coigil do phobal, a Thiarna;
ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht,
í ina staicín aiféise i measc na náisiún.
Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin:
‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”
Freagra an Tiarna
18Tháinig tocht díograise ar an Tiarna dá thír
agus ghlac sé trua dá phobal.
19D'fhreagair an Tiarna a phobal agus dúirt:
“Féach, tá arbhar agus úrfhíon
agus ola nua á gcur chugaibh agam
agus beidh bhur ndóthain díobh agaibh
agus ní dhéanfaidh mé ceap magaidh díbh
arís go deo os comhair na náisiún.
20Seolfaidh mé an tuaisceartach i bhfad uaibh;
tiomáinfidh mé go dtí talamh loiscneach lom é,
a thosach go dtí Muir an Oirthir
agus a dheireadh go dtí Muir an Iarthair
agus éireoidh bréantas agus drochbholadh uaidh
mar tá éachtaí oilc déanta aige.
21“A thalaimh, ná bíodh eagla ort feasta!
Bíodh áthas ort agus gairdeas!
Óir, tá éachtaí déanta ag an Tiarna.
22Ná bíodh eagla oraibhse ach oiread,
a bheithíocha an mhachaire!
Mar tá tailte féaraigh na steipeanna glas arís
agus na crainn trom faoi thorthaí
agus an crann fígí agus an fhíniúin ag tabhairt a gcuid saibhris uathu.
23“A chlann Shíón, bíodh áthas agus gairdeas oraibh
ar son an Tiarna, bhur nDia.
Óir, thug sé fearthainn an fhómhair daoibh
mar is é is cóir;
agus chuir sé flúirse báistí anuas oraibh,
fearthainn an fhómhair agus fearthainn an earraigh, mar a dhéanadh sé fadó.
24Tá na hurláir bhuailte lán d'arbhar
agus na cantaoirí ag cur thur maoil le húrfhíon agus le hola nua.
25Tabharfaidh mé daoibh a dhá oiread
den mhéid a d'ith an lócaiste agus an preabaire
agus an scriostóir agus an gearrthóir,
m'arm mór a chuir mé in bhur n‑aghaidh.
26“Íosfaidh sibh bhur ndóthain agus beidh sibh sách.
Molfaidh sibh ainm an Tiarna, bhur nDia,
a chaith chomh fial sin libh
(agus ní náireofar mo phobal arís go deo).
27Beidh a fhios agaibh go bhfuilimse i lár Iosrael.
Is mise an Tiarna, bhur nDia,
agus níl aon Dia eile ann ach mé.
Ní náireofar mo phobalsa arís go deo.

Currently Selected:

Ióéil 2: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in