Ióéil 3
3
Gealltanais
Doirtfear amach an Spiorad
1 “Agus ina dhiaidh sin doirtfidh mé mo spiorad amach ar chách
agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonacha tairngreacht;
beidh taibhrimh ag bhur seanóirí
agus feicfidh bhur bhfir óga aislingí.
2 An uair sin doirtfidh mé mo spiorad
fiú amháin ar bhur sclábhaithe, idir fhir agus mhná.
3 Taispeánfaidh mé iontais sa spéir agus ar an talamh,
fuil agus tine agus colúin deataigh.
4 “Dorchóidh an ghrian
agus beidh an ghealach chomh dearg le fuil
nuair a thiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna.
5 Agus cibé duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna slánófar é.
Óir fágfar fuíoll éigin slán ar Shliabh Shíón,
faoi mar a dúirt an Tiarna
agus in Iarúsailéim beidh iarmhar áirithe ann a nglaofaidh an Tiarna orthu.
Currently Selected:
Ióéil 3: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.