YouVersion Logo
Search Icon

Ióéil 1

1
Teideal
1Briathar an Tiarna a labhraíodh le Ióéil, mac Phatuéil.
Ionradh na Lócaistí
Tuairisc na Plá
2Éistigí leis seo, a sheanóirí!
Tugaigí cluas, a áitritheoirí uile na tíre!
Ar tharla a leithéid seo riamh le bhur linn féin
nó le linn bhur sinsear?
3Insígí do bhur gclann é
agus insíodh bhur gclann dá sliocht féin é
agus insíodh a sliochtsan é do ghlúin eile fós.
4Cibé rud a d'fhág an gearrthóir
d'alp an lócaiste é
agus cibé rud a d'fhág an lócaiste
d'alp an preabaire é
agus cibé rud a d'fhág an preabaire
d'alp an scriostóir é.
5Dúisígí, a mheisceoirí, agus goiligí!
Déanaigí olagón faoi shú na bhfíniúna,
a lucht olta an fhíona,
mar nach bhfuil fliuchadh bhur mbéil de ann!
6Óir, tá scaoth chumhachtach gan áireamh
tar éis ionradh a dhéanamh ar mo thír.
Fiacla leoin a bhfiacla
agus is starrfhiacla banleoin atá acu.
7Rinne siad léirscrios ar mo chuid fíniúna
agus scéalp siad mo chrainn fígí;
bhain siad an choirt go léir díobh agus leag iad;
is bán iad a ngéaga anois.
8Caoin thú féin mar a dhéanfadh maighdean a bheadh gléasta i sacéadach
ar son céile a hóige.
9Ní dhéantar ofráil arbhair ná íobairt dí níos mó
i dteach an Tiarna.
Caoinigí, a shagarta, a lucht friotháilte an Tiarna!
10Tá na páirceanna bánaithe
agus an talamh triomaithe;
óir, scriosadh an t‑arbhar
agus tá an t‑úrfhíon ag dul i ndísc
agus tá meath ag teacht ar an ola nua.
11Bíodh ceann faoi oraibhse, a fheirmeoirí!
Déanaigí olagón, a shaothróirí fíniúna,
faoin gcruithneacht agus faoin eorna
mar tá fómhar na ngort millte.
12Tá an fhíniúin slabhctha
agus an crann fígí ag meath.
Tá an phomagránait agus an phailm agus an crann úll
agus crainn uile na tíre seargtha
agus an sult súite as croíthe na ndaoine.
Déanaigí Aithrí!
13Cuirigí sacéadach oraibh, a shagarta,
agus canaigí caoineadh!
Déanaigí olagón, a lucht friotháilte na haltóra!
Téanaigí, caithigí an oíche i sacéadach,
a fhriothálaithe mo Dhé,
mar tá an ofráil arbhair agus an íobairt dí
díbeartha as teach bhur nDé.
14Ordaígí troscadh! Fógraígí comóradh sollúnta!
Bailígí le chéile, a sheanóirí,
áitritheoirí uile na tíre,
isteach i dteach an Tiarna, bhur nDia. Glaoigí air.
15Faraor! Cad é mar lá!
Óir, tá lá an Tiarna in achmaireacht
agus is mar spréach ón spéir a theacht.
16Nár imigh an bia ar ceal os comhair ár súl?
Nár díbríodh an t‑áthas agus an lúcháir as teach ár nDé?
17Tá na síolta seargtha faoi na fóid
agus na hiothlanna folamh agus na sciobóil scriosta
mar gur mheath an t‑arbhar.
18Cad é mar a chneadann na beithígh!
Tá na sealbháin bó ar mire
mar níl féarach ar bith acu;
agus fiú amháin na tréada caorach féin
tá aithne na héigne faighte acusan chomh maith.
Guí an Fháidh
19Is ortsa a ghlaoim, a Thiarna,
mar tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh
agus tá lasair tar éis crainn uile na tíre a dhó.
20Fiú amháin beithígh an mhachaire féin tá siad ag tnúthán leat.
Óir, tá na claiseanna uisce imithe i ndísc
agus tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh.

Currently Selected:

Ióéil 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in