Lúcás 8
8
1Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sé ar aghaidh leis tríd na cathracha agus na bailte beaga, agus é ag seanmóireacht agus ag tabhairt dea-scéal ríocht Dé chucu. Agus bhí an dáréag ina chuideachta, 2agus dornán ban a leigheasadh ó dhrochdheamhain agus ó aicídí: Muire, ar tugadh Maghdaléanach uirthi, ar dibríodh seacht ndeamhan aisti, 3agus Ióánna bean Chúsa, báille Iorua, agus Súsanna, agus mórán eile, ag soláthar dóibh as a raibh acu.
4Agus nuair a chruinnigh mórshlua le chéile, agus nuair a bhí daoine ag teacht chuige as gach baile dʼéis a chéile, dúirt sé i bhfáithscéal: 5“Síoladóir a chuaigh amach a chur síl; agus nuair a bhí sé á chur, thit cuid de ar fud an chosáin, agus bhíothas ag gabháil de chosa air, agus bhíodh éanlaith an aeir á shlogadh. 6Agus thit cuid de ar an gcarraig; agus níl cuid dár fhás nár fheoigh as ó nach raibh a shá uisce aige. 7Agus thit cuid de i measc na ndriseog; agus dʼfhás na driseoga aníos ina chuideachta gur thacht siad é. 8Agus thit cuid de in ithir mhaith gur tháinig fás faoi, agus gur thug sé a chéad oiread.” Agus nuair a bhí sin ráite aige dúirt sé in ard a chinn, “An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé.”
9Agus nuair a dʼfhiafraigh a dheisceabail de cad é ba chiall don fháithscéal sin, 10ar seisean, “Is daoibhse a deonaíodh fios rúndiamhra ríocht Dé; ach níl sin le fáil ag an gcuid eile acu ach go fáithchiallach, ionas go bhfeice siad gan a fheiceáil, agus go gcluine siad gan a thuiscint. 11Anois is mar seo atá an fáithscéal: Is é an síol briathar Dé. 12An chuid atá ar fud an chosáin is é sin an dream a éisteas; agus tagann an diabhal ansin go mbaineann an briathar amach as a gcroíthe ionas nach gcreide siad agus nach slánófar iad. 13Agus an chuid atá ar an gcarraig, sin an dream a ghabhas go háthasach leis an mbriathar chomh luath agus a chluineas siad é; ach níl an fhréamh acu siúd, ní mhaireann a gcreideamhsan ach seal, ach loiceann siad in am an chathaithe. 14Agus an méid a thit i measc na ndriseog, sin an dream a éisteas, ach nuair a théann siad ar aghaidh tachtann imní agus saibhreas agus pléisiúir an tsaoil seo iad, agus ní aibíonn a dtoradhsan. 15Agus maidir leis an méid atá in ithir mhaith, is é sin an dream a chluineas an briathar agus a mbíonn greim docht acu air go hionraic dea-chroíoch, agus a thugas toradh de bharr a bhfoighne.
16“Ní gnách le haon duine, nuair a bhíonn an lampa lasta aige, a dhalladh le soitheach, nó a chur faoin leaba, is ar sheastán a chuireas sé é, ionas go mbí an solas le feiceáil ag a dtagann chun an tí. 17Mar ní chuirtear ní i bhfolach nach nochtfar, mar níl rún ann nach mbeidh ar eolas agus nach bhfionnfar. 18Tugaigí aird mar sin cad é mar éisteann sibh; mar cuirfear ní leis an té a bhfuil aige, agus bainfear an ní a shíleas sé atá aige den té sin féin nach bhfuil ní aige.” 19Ba ansin a tháinig a mháthair agus a dheartháireacha chuige, ach níor fhéad siad a shroicheadh de bharr an tslua. 20Agus insíodh dó, “Tá do mháthair agus do dheartháireacha ina seasamh amuigh, ag iarraidh teacht ar dʼamharc.” 21Ach is é a dúirt sé leo, “An dream a chluineas briathar Dé agus a chuireas i ngníomh é, is iad mo mháthair agus mo dheartháireacha iad.”
22Aon lá amháin chuaigh sé ar bhád é féin agus a dheisceabail, agus dúirt sé leo, “Téimis go dtí an taobh thall den loch.” Dʼimigh siad leo mar sin, 23agus ar a luas agus a sheol siad thit a chodladh air. Agus tháinig doineann ghaoithe anuas ar an loch, agus bhí an bád á líonadh le huisce agus contúirt orthu. 24Agus chuaigh siad gur mhúscail siad é á rá leis, “A Mháistir, a Mháistir, táimid caillte!” Agus mhúscail sé agus bhagair sé ar an ngaoth agus ar na tonnta tréana; agus stad siad agus bhí ciúnas ann. 25Agus ar seisean leo, “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Agus bhí eagla orthu, agus rinne siad iontas de, á rá le chéile, “Cé an sórt duine é seo, go n‑ordaíonn sé go fiú don ghaoth agus don uisce, agus go n‑umhlaíonn siad dó?”
26Ba ansin a shroich siad tír na nGeraséanach, atá thall os comhair Ghalailí. 27Agus ní raibh sé ach ag cur a chos ar an talamh nuair a tháinig fear ón gcathair ina airicis a raibh deamhain ann; bʼfhada ó chaith sé éadaí, agus ní i dteach a bhí a chónaí ach i measc na dtuamaí. 28Nuair a chonaic sé Íosa, lig sé béic as agus thit sé ar a bhéal roimhe, agus dúirt sé in ard a chinn, “Cad é an bhaint atá agat liom, a Íosa, a Mhic an Ard-Dé? Mar achainí ort é, ná bí do mo chéasadh.” 29Mar bhí ordaithe aige don sprid neamhghlan teacht amach as an bhfear. (Ba mhinic dó breith air; agus coinníodh faoi choimeád é, agus ceanglaíodh i slabhraí agus i ngeimhle é, ach bhriseadh sé an ceangal agus thiomáineadh an deamhan amach ar an bhfásach é.) 30Dʼfhiafraigh Íosa de ansin, “Cad é an t‑ainm atá ort?” Agus dʼfhreagair sé “Léigiún”; mar bʼiomaí sin deamhan a bhí i ndiaidh dul isteach ann. 31Agus dʼiarr na deamhain mar achainí ar Íosa gan a ordú dóibh dul amach sa duibheagán mór. 32Anois bhí tréad mór muc ag innilt ansin ar shleas an chnoic; agus chuir siad a n‑impí air ligean dóibh dul isteach iontu siúd. Agus thug sé an cead sin dóibh. 33Dʼimigh na deamhain ansin amach as an bhfear agus isteach sna muca, agus rith an tréad síos le fána amach sa loch gur bádh an t‑iomlán acu.
34Nuair a chonaic na tréadaithe ar tharla, theith siad leo, agus dʼinis an scéal sa chathair agus sa limistéar tíre. 35Chuaigh daoine amach ansin go bhfeicfidís cad é a tharla, agus tháinig go dtí Íosa, go bhfuair siad an fear ar imigh na deamhain as, ina shuí ag cosa Íosa, agus é ina mheabhair agus éadaí air; agus bhí eagla orthu. 36Agus dʼinis an dream a chonaic lena súile é faoi cad é mar leigheasadh an té a raibh na deamhain ann. 37Ba ansin a dʼiarr lucht limistéar na nGeraséanach dʼimpí air bheith ag imeacht uathu; mar bhí greim mór ag an eagla orthu; agus dá thairbhe sin chuaigh sé isteach arís sa bhád le filleadh. 38Ach dʼiarr an fear a raibh na deamhain ann air ligean dó bheith leis; ach chuir sé uaidh é á rá, 39“Fill ar do theaghlach féin, agus foilsigh a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus dʼimigh sé leis ag fógairt ar fud na cathrach uile a ndearna Íosa dó.
40Anois nuair a dʼfhill Íosa, bhí fáilte ag an slua roimhe, ó bhí siad uile ag feitheamh leis. 41Agus tháinig fear a raibh Iárus mar ainm air, a bhí ina rialtóir sionagóige; agus thit sé ag cosa Íosa ag cur impí air teacht chun a thí, 42mar ní raibh aige ach an t‑aon iníon amháin, a bhí thart ar dhá bhliain déag dʼaois, agus bhí sí i mbéala báis.
Sa siúl dó, bhí na daoine ag brú air. 43Agus bhí bean ansin a raibh rith fola uirthi dhá bhliain déag agus nár fhéad aon duine a leigheas, 44tháinig sise aníos ó lorg a chúil, gur bhain a lámh dʼimeall a éadaí; agus ní luaithe a bhí sin déanta aici ná coisceadh rith a fola. 45Agus dúirt Íosa, “Cé hé sin a bhain liom?” Nuair a shéan siad uile go léir, dúirt Peadar leis, “A Mháistir, tá na sluaite do do timpeallú agus ag brú ort!” 46Ach dúirt Íosa, “Leag duine éigin lámh orm; mar mothaím go bhfuil cumhacht i ndiaidh dul amach uaim.” 47Agus nuair a chonaic an bhean nárbh fhéidir a ceilt níos faide, tháinig sí agus í ar aon bhall creatha, agus thit síos roimhe gur fhoilsigh i láthair an tslua cad chuige ar leag sí a lámh air, agus cad é mar a leigheasadh í ar an toirt. 48Agus dúirt sé léi, “A iníon liom, leigheas do chreideamh thú; imigh leat faoi shíocháin.” 49Nuair a bhí sé go fóill ag rá na cainte sin, tháinig fear ó theach an rialtóra a dúirt leis, “Tá dʼiníon marbh; ná cuir a thuilleadh buartha ar an Oide.” 50Ach nuair a chuala Íosa sin dʼfhreagair sé é, “Ná bíodh eagla ort; creid amháin, agus beidh sise ar fónamh.” 51Agus nuair a shroich sé an teach, níor lig sé dʼaon duine dul isteach ina chuideachta, ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an linbh. 52Agus bhí siad uile ag caoineadh agus ag déanamh mairgní ina taobh; ach ar seisean, “Ná caoinigí; ní marbh atá sí ach ina codladh.” 53Agus rinne siad gáire fonóideach air, agus a dhea-fhios acu í a bheith marbh. 54Ach rug seisean ar a láimh gur ghlaoigh uirthi á rá, “A linbh, éirigh aniar.” 55Agus dʼfhill a hanam chuici, agus dʼéirigh sí ina suí ar an toirt; agus dʼordaigh sé go dtabharfaí bolgam bia di. 56Agus bhí dubhiontas ar a tuismitheoiri, ach bhagair sé orthu gan a insint dʼaon duine faoin rud a tharla.
Currently Selected:
Lúcás 8: OC1970
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland