YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 7

7
1Ansin nuair a bhí a ráite uile éiste ag an slua shiúil sé leis isteach i gCaparnáum. 2Agus bhí ceantúir ansin a raibh mogha aige ba dhílis lena chroí, agus bhí an mogha breoite agus i mbéala báis. 3Nuair a chuala sé faoi Íosa, chuir sé daoine chuige de sheanóirí na nGiúdach, á iarraidh air teacht agus an mogha sin aige a leigheas. 4Agus nuair a tháinig siad chuig Íosa, dʼiarr siad achainí air, agus dúirt siad, “Is maith is fiú é go ndéanfá an méid sin dó, 5mar tá dámh aige dár gcine-ne, agus is é a thóg ár sionagógna dúinn.” 6Agus chuaigh Íosa leo. Ach nuair a bhí sé tamall ón teach, chuir an ceantúir cuid dá chairdesean chuige, a dúirt leis, “A Thiarna, ná cuirigí an saothar seo oraibh féin, mar ní fiú mé go dtiocfadh sibh faoi mo dhíon; 7agus sin é an fáth nach raibh sé de dhánaíocht agam teacht chugaibh. Ach ná déanaigí ach an focal a rá, agus leigheasfar mo sheirbhíseach. 8Mar is duine mé féin a mbíonn cinn urra os mo chionn, agus a mbíonn saighdiúirí fúmsa; agus deirim le saighdiúir amháin, ‘Imigh,’ agus imíonn sé leis; agus deirim le saighdiúir eile, ‘Tar,’ agus tagann sé chugam; agus deirim le mo mhogha, ‘Déan seo,’ agus déanann sé amhlaidh.” 9Nuair a chuala Íosa na briathra sin rinne sé iontas den té a dúirt iad, agus thiontaigh sé thart go ndúirt leis an slua a bhí á leanúint, “Tá mise á insint daoibh nach bhfuair mé riamh creideamh chomh mór leis sin, in Iosrael féin.” 10Agus nuair a dʼfhill na teachtairí ar an teach, chonaic siad go raibh an mogha leigheasta.
11Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí cathair a raibh Náín mar ainm uirthi, agus bhí a dheisceabail agus slua mór daoine ina chuideachta. 12Nuair a bhí sé féin ag druidim le geata na cathrach, bʼshiúd fear a bhí i ndiaidh bás a fháil á iompar amach, an t‑aon mhac amháin a bhí ag a mháthair, a bhí ina baintreach mhná; agus bhí slua mór de lucht na cathrach á comóradh. 13Agus nuair a chonaic an Tiarna í, thug sé trua di, agus dúirt léi, “Ná bí ag caoineadh.” 14Agus tháinig sé gur leag sé a lámh ar an gcróchar, agus sheas na fir a bhí á iompar. Agus dúirt sé. “A óigfhir, deirim leat, éirigh.” 15Agus dʼéirigh an marbhán ina shuí, agus chuaigh a chaint. Agus thug Íosa i lámha a mháthar é. 16Thit eagla orthu uile go léir; agus thug siad glóir do Dhia, agus é á rá acu, “Tá mórfháidh dʼéis éirí eadrainn,” agus, “Tá Dia i ndiaidh dearcadh ar a dhaoine féin.” 17Agus leathnaigh an t‑iomrá faoi ar fud Iúdaea agus na ndúichí uile ina thimpeall.
18Dʼinis deisceabail Eoin na nithe sin uile dʼEoin. 19Agus ghlaoigh Eoin ar bheirt dá dheisceabail gur chuir chuig an Tiarna iad leis an teachtaireacht seo, “An tú an té atá le teacht, nó an bhfuilimid ag feitheamh le duine eile?” 20Agus nuair a tháinig na fir chuige, dúirt siad, “Chuir Eoin Baiste chugat sinn, á rá, ‘An Tú an té atá le teacht, nó an bhfuilimid ag feitheamh le duine eile?’” 21Agus in alt na huaire úd leigheas sé mórán daoine ó aicídí agus ó phlánna agus ó dhrochdheamhain, agus thug sé an radharc do mhórán mór de dhaill. 22Agus ba é an freagra a thug sé orthu, “Imígí agus insígí dʼEoin an méid a chonaic sibh agus a chuala sibh: na daill a fhaigheas a radharc, na bacaigh atá ag siúl, na lobhair atá glanta, na marbháin atá á dtógáil as an uaigh, agus an dea-scéal atá á sheanmóireacht do na bochtáin. 23Agus is beannaithe nach nglacann scannal liomsa.”
24Nuair a bhí teachtairí Eoin imithe ar shiúl, chuaigh sé ag caint leis na sluaite i dtaobh Eoin: “Cad é an fáth a ndeachaigh sibh amach ar an bhfásach? An le hamharc ar ghiolcach á séideadh le gaoth? 25Ach cad é a chonaic sibh nuair a chuaigh sibh amach? An fear é a raibh éadaí míne air? Ach an dream úd a bhíos gléasta go galánta is i gcúirteanna ríthe a mhaireann siad siúd. 26Cé mar sin arbh fhiú daoibh dul a fhéachaint air? An fáidh é a bhí ann? Deirim libh gurb ea, agus gur mó arís ná fáidh é. 27Mar is é sin an té a bhfuil sé scríofa faoi,
‘Siúd mé ag cur mo theachtaire ar do bhéala,
an té a réiteos do shlí romhat.’
28Agus tá mise ag insint daoibh nach raibh aon mhac ag aon mháthair riamh ba mhó ná Eoin; ach ní fhágann sin nach mó ná é an té is lú i ríocht Dé.” 29(Agus dʼadmhaigh na daoine uile, go fiú bailitheoirí na gcánacha, a bhí i ndiaidh an chaint sin a chluinstin uaidh nach raibh Dia ach ag baint a cheart amach orthu agus iad á mbaisteadh le baiste Eoin; 30ach na Fairiséigh agus na scríobhaithe, ba iad an dream nach ngéillfeadh do dhea-thoil Dé agus nár lig dʼEoin a mbaisteadh).
31“Ach cad é an tsamhail a thugaim don ghlúin seo fear, agus cad é an chosúlacht atá orthu? 32Is cosúil iad le páistí óga ina suí i sráid an mhargaidh agus iad ag glaoch ar a chéile.
‘Rinneamar portaíocht daoibh agus ní dheachaigh sibh a dhamhsa,
chuamar a chaoineadh daoibh agus ní dhearna sibh mairgneach.’
33“Mar tháinig Eoin Baiste a bhí gan arán a ithe ná fíon a ól, agus deir sibh, ‘Tá drochdheamhan ina chorp.’ 34Tháinig Mac an duine agus é ag ithe agus ag ól, agus deir sibh, ‘Seo pótaire craosach, comrádaí bailitheoirí cánacha agus peacach drúiseach!’ 35Ach ní fhágann sin nach dtugann clann na heagna uile go léir a ceart don eagna ar di iad, is cuma cé hiad.”
36Bhí duine de na Fairiséigh i ndiaidh cuireadh a thabhairt dó le béile a chaitheamh leis, agus chuaigh sé isteach i dteach an Fhairiséigh gur shuigh ag bord ann. 37Agus siúd bean as an gcathair, a bhí ina peacach mór, a chuala faoina bheith ina shuí ag bord i dteach an Fhairiséigh, a thug crúiscín alabastair lán dʼuinnimint léi, 38agus a sheas ar a chúl mar a raibh a chosa sínte, agus a thosaigh ar fhliuchadh a chos lena deora, agus ar a dtriomú le gruaig a cinn, agus a phóg a chosa ansin, agus chuir sí an uinnimint orthu. 39Ansin nuair a chonaic an Fairiséach a thug an cuireadh dó an méid sin, dúirt sé ina intinn leis féin, “Dá mba fháidh é an duine seo, dʼaithneodh sé cé hí agus cad é an sórt mná atá inti sin atá ag leagan láimhe air, mar is mór an peacach í.” 40Ach dúirt Íosa leis ag tabhairt freagra air, “A Shíomóin, cogar mé seo leat.” Agus dʼfhreagair seisean, “Cad é an rud é, a Oide?” 41“Bhí fear ann am amháin a raibh fiacha amuigh aige ar bheirt, duine acu a raibh cúig chéad déanar aige air, agus duine eile nach raibh aige air ach deich agus dhá scór. 42Nuair nár fhéad siad a n‑íoc, mhaith sé a bhfiacha don bheirt acu. Cé acu anois a thabharfaidh an grá is mó dó?” 43Dʼfhreagair Síomón, “An té sin, is dóigh liom, ar mhaith sé an chuid ba mhó dó.” Agus dúirt sé leis, “Is ceart an bhreith atá tugtha agat.” 44Thiontaigh sé ansin chuig an mbean agus ar seisean le Síomón, “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mise chun tí agat, agus níor thug tú aon uisce dom le haghaidh mo chos, ach nigh sise mo chosa lena deora agus chuimil iad le gruaig a cinn á dtriomú. 45Níor thug tusa aon phóg dom, ach ó tháinig mise isteach níor stad sí ach ag pógadh mo chos. 46Níor chuir tú aon ola ar mo cheann á ungadh ach tá mo chosa ungtha aici seo le huinnimint. 47Dá bhrí sin tá mise á insint duit, go bhfuil a cuid peacaí dá liacht iad maite di ar liacht a grá; ach an té a maitear an beagán dó, ní bhíonn aige ach beagán grá.” 48Agus dúirt sé léi, “Tá do pheacaí maite duit.” 49Agus thosaigh an dream a bhí ag aon bhord leis ar a rá le chéile, “Cé sin, a dtagann leis go fiú peacaí a mhaitheamh?” 50Agus dúirt sé leis an mbean, “Shlánaigh do chreideamh thú; imigh leat i síocháin.”

Currently Selected:

Lúcás 7: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in