YouVersion Logo
Search Icon

Psailm 2

2
Psalm II.
Gu ttabhair Críosd búaidh amach ar a naimhdibh.
1Cred fa ndéanuid na geinte baóis, agus fa smúainid na daóine díomhaóineas?
2Cuirid ríghthe na talmhan íad féin a cceann a chéile, agus glacaid na ríaghlóirigh comhairle, re cheile anaghaidh an TIGHEARNA, agus a naghaidh a ungthaigh, ag rádh,
3Briseam ó chéile a ccuibhreacha, agus teilgiom uáinn a cceangail.
4An té shuighios ansna flaitheasuibh do dhéana sé gáire: do dhéana an TIGHEARNA fochmhuid orra.
5Annsin laibheoruidh sé ríu iona fheirg, agus cráidhfidh sé íad iona dhíbhfheírg.
6Gidheadh do chuir misi mo rígh air mo chnoc náomhtha Sion.
7Foillseocha mé an reachd: a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Is tú mo Mhac; a niugh do ghin mé thú.
8Iarr orum, agus do bhéara mé dhuit na geinte mar oighreacht, agus na codcha is imchéine don talamh mar sheilbh.
9Brisfe tú íad lé slait íaruinn; mionbhruighfir íad iona ccodchuibh mar shoightheach críadh.
10Bíthí glic anois uimesin, ó a righthe: glacuidh teagasg, a bhreitheamhuin na talmhan.
11Fóghanuigh don TIGHEARNA maille le heagla, agus lúathgáirighidh maille le creathaibh.
12Póguidh an Mac, deagla go mbíadh sé feargach, agus go rachadh sibh a múgha san tslighe, an tan lasfus a fhearg dhá laghad. Is beannuigh an dream uile, noch chuirios a ndóigh ann.

Currently Selected:

Psailm 2: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in